Bata agus bóthar tugtha d’ardbhainisteoir in S4C as caighdeán Breatnaise iarchaptaen rugbaí na Breataine Bige a cháineadh

Tuairiscíodh gur dhúirt Llinos Griffin-Williams le Mike Phillips, atá ag obair do S4C le linn Chorn an Domhain, nach raibh a chuid Breatnaise sách maith

Bata agus bóthar tugtha d’ardbhainisteoir in S4C as caighdeán Breatnaise iarchaptaen rugbaí na Breataine Bige a cháineadh

Tá príomhfheidhmeannach S4C imithe ar shaoire struis agus tá ard-oifigeach eile briste as a post agus an cainéal Breatnaise i lár conspóide.

Fógraíodh go raibh sos ón obair glactha ag Sian Doyle, príomhfheidhmeannach S4C, mar gheall ar strus. Rinneadh an fógra go luath i ndiaidh do Phríomhoifigeach Ábhair an chraoltóra bata agus bóthar a fháil as íde béil a thabhairt don iar-imreoir rugbaí Mike Phillips, a bhíonn ag obair do S4C.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur thug Llinos Griffin-Williams íde béil do Phillips ag ócáid shóisialta i Naoned agus an bheirt sa Fhrainc le linn Chorn Rugbaí an Domhain.

Tá Phillips, fear a d’imir i 94 cluiche don Bhreatain Bheag agus a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann, mar chuid d’fhoireann tráchtaireachta S4C ag corn an domhain.

Thuairiscigh clár nuachta S4C féin, Newyddion, gur tharla an eachtra idir Griffin-Williams agus Phillips ag teach tábhairne i Naoned i ndiaidh an chluiche idir an Bhreatain Bheag agus an tSeoirsia. Tuairiscíodh gur dhúirt Griffin-Williams le Phillips nach raibh a chuid Breatnaise sách maith agus go bhféadfadh sí deireadh a chur lena chuid oibre leis an stáisiún.

Tuairiscíodh gur thug sí íde béil i dteach tábhairne eile an oíche chéanna d’oibrithe ó chomhlacht léiriúcháin a bhí ag obair do S4C ag Corn Rugbaí an Domhain.

Níor dúradh ar dtús ach go raibh Griffin-Williams tar éis S4C a fhágáil ach dheimhnigh an craoltóir Dé hAoine gur briseadh as a post í mar gheall ar líomhaintí faoi “mhí-iompar tromchúiseach” a bheith curtha ina leith.

Tuairiscíodh ó shin go raibh sos tógtha ag príomhfheidhmeannach S4C óna post de bharr cúrsaí struis. Bhí Doyle i láthair le baill foirne eile ó S4C ag an ócáid shóisialta ag ar thug Griffin-Williams íde béil do Mike Phillips.

Tá fiosrúchán ar bun ag comhlacht neamhspleách i láthair na huaire maidir le líomhaintí faoi bhulaíocht agus cultúr nimhneach in S4C. Gearán ó cheardchumann de chuid oibrithe S4C níos luaithe i mbliana a spreag an fiosrúchán.

Fág freagra ar 'Bata agus bóthar tugtha d’ardbhainisteoir in S4C as caighdeán Breatnaise iarchaptaen rugbaí na Breataine Bige a cháineadh'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Is cainteoir dúchais Breatnaise é Mike Phillips as deisceart na Breataine Bige. Tá Breatnais líofa nádúrtha aige agus sin í an fhadhb. Táim cinnte go mbeadh deacrachtaí ag go leor de lucht labhartha na Breatnaise, nach í an Bhreatnais a dteanga dúchais, Breatnais álainn thíriúil Mhike Phillips a thuiscint. Is breá liom gur briseadh as a post an bhean seo. An dtarlódh a leithéid in Éirinn i gcás na Gaeilge, meas tú? Ní hé an t-uafás cainteoirí dúchais Gaeilge a chloistear ar TG4 i mo thuairimse.