Bás sa bhaile – tá sé in am an ceart sin a thabhairt do dhaoine 

Ba mhaith lenár bhformhór cónaí go héag sa bhaile ach mura n-athraíonn polasaí an stáit ceilfear a mian ar mhórán 

Bás sa bhaile – tá sé in am an ceart sin a thabhairt do dhaoine 

Léiríonn gach suirbhé ar thuairimí seandaoine go mb’fhearr lena bhformhór mór cónaí sa bhaile ná cur fúthu i dteach altranais.   

Tuigtear gan amhras go mb’fhéidir go gcuirfidh drochshláinte nó éagumas iachall ar chuid acu aistriú go teach altranais. Ach tá mian an mhóraimh soiléir. 

Mar is léir ó leabhar breá Shláine Ní Chathalláin faoi shaol agus seanchas a seanmháthar Máirín Uí Chathalláin, baineann daoine aosta sásamh as cónaí in ionad a bhfuil taithí acu air agus aithne le fada orthu seachas a bheith ag maireachtáil ina n-aonar.  

Ní foláir mar sin aghaidh a tabhairt ar athrú atá ag tarlú le tamall, agus a bheidh ag tarlú go ceann píosa.  

Tá muintir na hÉireann ag dul in aois, mar atá á léiriú ag tuairiscí na Príomh-Oifige Staidrimh le tamall. Ní haon rún é ach oiread an fás atá á thuar ag na saineolaithe ar an gcéatadán de dhaoine aosta sa stát. 

Meastar go bhfuil 800,000 duine atá os cionn 65 bliain sa stát faoi láthair, agus go mbeidh breis agus 1.2 milliún san aoisghrúpa sin in 2041, is é sin i gceann 17 bliain. 

Cuirfidh an méadú brú as cuimse ar an tseirbhís sláinte ach beidh mór-athrú de dhíth ar sheirbhísí eile, gan trácht ar mhaoiniú gach seirbhíse. 

Is dea-scéal do chách é go bhfuil ár bhfad saoil ag síneadh. Ní foláir, áfach, a thionchar ar an státchiste amach anseo a mheá in am. Tá go leor saoránach atá níos sine ná 65 ag brath faoi láthair ar an teacht isteach ó gach oibrí a íocann cáin. Meastar go mbeidh níos mó ón aoisghrúpa sin ag brath ar an gcáiníocóir amach anseo.  

Ar ndóigh cuideoidh feabhsú ar chúrsaí sláinte amach anseo agus ar chumas dochtúirí galair a leigheas nó a chosc go mór le daoine aosta. Chuir Covid-19 sampla fiúntach ar fáil freisin den chineál athraithe a thagann ar chomhthuiscint a nglactar léi ar feadh i bhfad. 

Beidh ionaid bhreise i dtithe altranais de dhíth amach anseo, ach léirigh an phaindéim an chontúirt a bhaineann le róchónaí in éineacht. Ní chuirtear an tacaíocht riachtanach ar fáil faoi láthair do mhórán daoine aosta atá ina gcónaí sa bhaile – cabhair chun éirí agus gléasadh ar maidin, mar shampla. 

Léirigh an phaindéim nár chóir breathnú ar sheirbhís dá leithéid mar chostas amháin ach mar chabhair in ionad amháin a laghdódh costais in ionaid eile, gan trácht ar chontúirt.  

Bhí an scríbhneoir seo i láthair agus daoine gaolmhara leis ag fáil bháis i dteach altranais, in ospidéal agus sa bhaile. Dá fheabhas gairmiúlacht agus cineáltacht na foirne sa teach altranais agus san ospidéal, ba léir ar gach bealach an sólás a bhain na daoine – agus a ngaolta – as bás a fháil  sa bhaile. 

Ocht mbliana ó shin, fad a bhí Helen McEntee freagrach mar aire stáit as polasaithe chun fóirithint ar dhaoine aosta, mhol sí forbairt ar an scéim ar a dtugtar ‘Fair Deal’ a chabhraíonn le daoine atá ag íoc táillí tithe altranais. Bhí sí i bhfabhar leasuithe, a dúirt sí ar an 16 Lúnasa 2016, a chabhródh le seanóirí fanacht sa bhaile agus cúntóirí baile ag cuidiú leo. 

Cé gur admhaigh Helen McEntee go raibh deacrachtaí i gceist (níl teach ná árasán ag gach duine aosta chun deontas an stáit a pháirt-aisíoc) dúirt sí an uair sin go bhféadfaí na deacrachtaí sin a réiteach. Aistríodh McEntee go roinn rialtais eile in 2017 agus níl réiteach ar na deacrachtaí aimsithe ná geallta fós. 

Bunófar coimisiúin go luath chun cúram do dhaoine aosta a bhreithniú agus is é a bhunú a spreag an colún seo. Ní foláir a rá láithreach nach bunaithe ach geallta atá an coimisiún – táthar ag súil le fógra faoi cheann cúpla seachtain faoi bhallraíocht agus téarmaí tagartha an choimisiúin. 

 Is ionann bunú coiste nó coimisiúin uaireanta agus cinneadh go n-oireann sé do rialtas fadhb achrannach a sheachaint in ionad tabhairt faoina réiteach – go háirithe agus rialtas ag teannadh le feachtas toghcháin. 

Bheadh amhras dá leithéid intuigthe i bhfianaise ar tharla, nó nár tharla, tar éis chaint Helen McEntee faoi fhorbairt ‘Fair Deal’ ocht mbliana ó shin. Ni foláir mar sin tagairt d’ábhar dóchais nach beag a bhaineann le bunú an choimisiúin. 

Tá sé tugtha le fios gurb é príomhfheidhmeannach na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta Alan Barrett a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoimisiún. Mar iarstiúrthóir ar staidéar fadtéarmach TILDA ar ghrúpa daoine atá os cionn 50 bliain d’aois, tá an-tuiscint aige ar fhadhbanna atá le réiteach sa ghearrthéarma agus sa bhfadtéarma. 

Agus ainmniúchán Alan Barrett á fhógairt an mhí seo caite, dúirt Mary Butler, an t-aire stáit a bhfuil freagracht uirthi as daoine aosta faoi láthair, gur tosaíocht rialtais é tacaíocht a thabhairt do dhaoine gur mian leo cur fúthu ‘chomh fada agus is féidir’  sa bhaile. 

 Chualamar cheana faraor briathra breátha dá leithéid. Ní foláir cur leo dáiríre sna blianta atá amach romhainn. 

Fág freagra ar 'Bás sa bhaile – tá sé in am an ceart sin a thabhairt do dhaoine '

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Aontaím uile go léir – tá céimeanna ar bun abhus anseo dínit a thabhairt do dhaoine 7 an deis a thabhairt dóibh bás a fháil mar a d’iarrfadh siad féin.