Baol spalladh triomaigh i gceantar Gaeltachta agus imní faoi uisce a bheith gann

Deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil caighdeán an aeir tite i gceantar amháin i gConamara de thoradh na haimsire te

Baol spalladh triomaigh i gceantar Gaeltachta agus imní faoi uisce a bheith gann

Tá imní léirithe faoi ghanntanas uisce agus caighdeán an aeir i gceantair Ghaeltachta de thoradh an teaspaigh atá sa tír faoi láthair.

Tá rabhadh tugtha ag Uisce Éireann maidir le baol triomaigh i roinnt ceantar ar fud na tíre agus deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhféadfadh an titim atá tagtha ar chaighdeán an aeir dochar a dhéanamh do shláinte daoine.

Tugadh le fios go bhfuil caighdeán an aeir i gceantar an Mhása, siar ó Charna i gConamara, tite ó ‘chaighdeán maith’ go dtí ‘caighdeán measartha’ le cúpla lá anuas.

Ardú sna leibhéil ózóin le linn na haimsire te is cúis leis an athrú, a dúirt Pat Kenny ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. D’fhéadfadh an t-athrú cur isteach ar dhaoine a bhfuil fadhbanna anála acu, cosúil leo siúd a bhfuil asma orthu nó galar scamhóige toirmeascach ainsealach.

Dúirt Kenny gur fhág baol falscaithe go bhféadfadh caighdeán an aeir dul in olcas sna laethanta seo romhainn.

Bhí ardú sna leibhéil ózóin feicthe ag stáisiúin monatóireachta i gcathair Phort Láirge agus ag Ceann an Chairn i Loch Garman freisin, a dúirt sé.

Fágann an aimsir the freisin go bhfuil imní ann faoi ghanntanas uisce agus é ráite ag Uisce Éireann go bhfuil Inis Oírr, ceann d’Oileáin Árann, ar cheann de roinnt mhaith ceantar atá i mbaol i láthair na huaire ag an triomach.

Dúirt Uisce Éireann go raibh roinnt beart i bhfeidhm acu i láthair na huaire chun dul i ngleic leis an bhfadhb, srianta ar úsáid uisce i rith na hoíche ina measc.

Is iad na ceantair eile atá i mbaol ón triomach seo i láthair na huaire ná: Cloich na Coillte, Cuainín Riobaird, An Teampall Geal agusn Caipín i gCoraigh; Droichead Binéid agus Caisleán an Chomair i gCill Chainnigh; Glaise an Ghuail i dTiobraid Árann; baile Loch Garman agus Bun Clóidí i Loch Garman; agus An Eala i Laois.

Tá Uisce Éireann, a deir siad, ag coinneáil súil ghéar ar roinnt scéimeanna uisce i gceantair eile chomh maith, cinn in iarthar na Gaillimhe, chomh maith le scéimeanna i Leitir Ceanainn, Corcaigh, Luimneach agus Port Láirge.

Tá stádas buí aimsire i bhfeidhm i gCúige Laighean go dtí 7pm anocht mar gheall ar an teocht ard.

Teas is brothall a gealladh sa leath thoir den tír ach beidh fuarú beag ann – idir 22 agus 28 céim a bhí á thuar.

Tá sé níos fionnuaire agus níos gruama san iarthar inniu agus corrbhraon báistí i mbéal na gaoithe, teocht idir 16 agus 22 céim Celsius a bhí tuartha. Bhí fearthainn ó dheas chomh maith inniu.

Idir an dá linn, tá rabhadh buí aimsire eile i bhfeidhm go dtí 9pm i seacht gcontae mar gheall ar an mbaol stoirmeacha toirní. Tá an rabhadh sin i bhfeidhm in dhá chontae Gaeltachta, Corcaigh agus Port Láirge, i gCeatharlach, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, Loch Garman agus Tiobraid Árann.

Laethanta scamallacha is fionnórtas atá á ngealladh an chuid eile den tseachtain.

Fág freagra ar 'Baol spalladh triomaigh i gceantar Gaeltachta agus imní faoi uisce a bheith gann'

  • JP

    Ní raibh an focal breá sin ‘falscaí’ agam…grma a scríbhneoir. ‘Loscadh sléibhe’ a chloisim ar RnG. Tá brothall agus beirthean inniu arís againn, is fearr é ná bheith leata leis an bhfuacht.