Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne

In 2015 sháraigh an Bhanríon Eilís II fad réim na Banríona Victoria, a sin-sin-sin-seanmháthair, a bhí beagnach 64 bliain i gcoróin

Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne

Tá banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne.

Bhí sí 96 bliain agus í ar an monarc is faide i réim riamh ina tír.

In 2015 sháraigh sí fad réim na Banríona Victoria, a sin-sin-sin-seanmháthair, a bhí beagnach 64 bliain i gcoróin.

Rinneadh ceiliúradh ar 70 bliain theacht i gcoróin Eilís II ar an 6 Feabhra i mbliana.

Rugadh í ar an 21 Aibreán 1926 agus corónaíodh í ar na 2 Meitheamh 1953 in Westminster Abbey. Ba é an chéad searmanas corónaithe a craoladh ar an teilifís.

Phós sí prionsa as an nGréig agus leifteanant sa chabhlach Philip Mountbatten, i 1947. Ceathrar páistí a bhí acu, an Prionsa Charles, nó an Rí Charles III mar atá anois air, an Banphrionsa Anne, an Prionsa Andrew agus an Prionsa Edward. Bhásaigh Philip Mountbatten anuraidh agus é 99 bliain.

Léargas ar fhad a réime é go raibh Josef Stalin, Mao Zedong, Harry Truman agus Winston Churchill ina gceannairí ar a dtíortha nuair a tháinig sí i gcoróin.

Ba í Liz Truss, a cheap sí ina príomh-aire an tseachtain seo i mBaile Morail na hAlban an 15ú príomh-aire ar an mBreatain ó corónaíodh í agus bhí 14 uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa tréimhse chéanna.

Tuairiscíodh inné go raibh lucht leighis buartha faoi shláinte na Banríona agus bhí sí faoi chúram dochtúra ar feadh tamaill.

Cuireadh fios ar a muintir agus tháinig siad go dtí Caisleán Bhaile Mhorail in Albain chun a bheith ina teannta, a mac Charles, an rí nua, ina measc.

Thug an Bhanríon cuairt stairiúil ar Éirinn in 2011. Cé go raibh sí go minic sa Tuaisceart ba í an chuairt an bhliain sin an chéad uair gur sheas monarc as Sasana sa deisceart ó bhí a seanathair, An Rí George V, ar thuras timpeall na hÉireann i 1911, tráth a raibh an tír go léir faoi smacht na Breataine.

Le linn di a bheith anseo in 2011 thug Eilís II óráid faoin gcaidreamh idir an dá thír a thuill ardmholadh. Tugadh suntas chomh maith don scéal gur i nGaeilge a chuir sí tús lena hóráid. “A Uachtaráin, agus a chairde…” a dúirt sí, ráiteas a thug ar Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese ‘Wow’ a rá trí bhabhta.

Ba í Elizabeth an iníon is sine ag an bPrionsa Albert, diúc York agus mac George V, agus a bhean Elizabeth Boews-Lyon. Ba í an léiroidhre don choróin í ón uair a thug a huncail Edward VIII suas an choróin. Nuair a d’éirigh Edward as i 1936, rinneadh rí dá hathair, George VI.

Le linn an dara cogadh domhanda agus an Blitz chaith sí féin agus a deirfiúr an Prionsa Margaret Rose formhór a gcuid ama i gCaisleán Bhaile Mhorail in Albain agus i Windsor.

Ba mhinic í ag taisteal mar Bhanríon. Chuaigh sí ar chamchuairt ar an Eoraip agus thug sí cuairt ar Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1957. I 1961, ba í an chéad mhonarc de chuid Shasana le  caoga bliain chun cuairt a thabhairt ar fho-ilchríoch na hIndia. I 1968, ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar Mheiriceá Theas agus i 1979 ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar thíortha Mhurascaill na Peirse.

Thuig sí go raibh gá le nuachóiriú a dhéanamh ar an monarcacht agus thug sí cead isteach go dtí an teaghlach do na ceamaraí teilifís le linn na 1970idí. I 1978 thug sí a beannacht do chur ar ceal phósadh a deirféar.

Sna 1990idí is mó a tugadh a dúshlán mar Bhanríon agus thug sí annus horribilis ar an mbliain 1992. An bhliain sin scar an Prionsa Charles agus a bhean Diana Spencer, Banphrionsa na Breataine Bige óna chéile agus scar an Prionsa Andrew óna bhean, Sarah, bandiúc York. Fuair an Banphrionsa Anne colscaradh agus dódh Caisleán Windsor an bhliain chéanna.

Bhí géarchéim eacnamaíochta ann chomh maith a d’fhág go raibh saibhreas an teaghlaigh ríoga ina údar cainte mór i measc an phobail. D’fhógair an Bhanríon go n-íocfadh sí cáin feasta ar a teacht isteach príobháideach.

Chuaigh rudaí in olcas i 1997 nuair a fuair Banphrionsa na Breataine Bige Diana bás. Bhí an ghoimh ar dhaoine nuair a dhiúltaigh an Bhanríon an bhratach a chrochadh ar leathcheann os cionn Phálás Buckingham mar chomhartha ómóis do Diana.

D’éirigh leis an mBanríon teacht aniar a dhéanamh ina dhiaidh sin agus cé go raibh conspóidí eile ann, amhail cinneadh an Phrionsa Harry agus a bhean Meghan Markle éirí as a gcúraimí ríoga, bhí cion ag mórán de mhuintir na Breataine ar Eilís II, a monarc is faide réim riamh.

Fág freagra ar 'Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne'

  • Feargal

    Ní hiod nuacht, a thuairisc.ie. Ba ea dá mbeadh sí théis na Sé Chontae a thabhairt ar ais dúinn (‘ina huachta’) nó go deimhin a leithscéal a ghabháil le mairbh an Ghorta Mhóir agus lena sliocht. Tinn tuirseach a bheas muid, nó go gcuirtear a conablach míolach i gcré, ag éisteacht le seoiníní suaracha as seo go ceann coicíse ag fuarchaoineachán nach cuide den Bhreatain muid.
    Mo chlann féin a dhíol a máthair? Cá bhfuil fís Mhic Phiarais?
    Beannacht Dé lena hanam ach nár imí ach í.