‘Banríon an Choraintín’ agus naoi GIF eile seolta ag Foras na Gaeilge mar chuid dá bhfheachtas nua #LeChéile

Tá an feachtas #LeChéile á reáchtáil ag an eagraíocht teanga faoi láthair agus iad ag súil go mbeidh an haischlib ina ‘spás lárnach’ ag pobal na Gaeilge le linn na géarchéime

‘Banríon an Choraintín’ agus naoi GIF eile seolta ag Foras na Gaeilge mar chuid dá bhfheachtas nua #LeChéile

Tá deich GIF Gaeilge nua seolta ag Foras na Gaeilge le spreagadh a thabhairt do chainteoirí Gaeilge “tacaíocht bhreise a thabhairt dá chéile trí Ghaeilge” le linn na paindéime.

Beochan atá sa GIF, nó ‘Formáid Idirmhalartaithe Grafaice’, a úsáidtear chun beocht a chur le teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta.

I measc na GIF nua Gaeilge atá curtha ar fáil ag an Fhoras d’Instagram, tá ‘Banríon an Choraintín’, ‘Coraintín agus lig do scíth’, ‘Fiabhras Cábáin’, ‘Barróg Fhíorúil’, ‘Misneach’, ‘Buíochas’, ‘Meitheal’ agus ‘Cairde’.

via GIPHY

 

Tá an deich GIF Gaeilge seolta ag Foras na Gaeilge mar chuid dá bhfeachtas #LeChéile, atá á reáchtáil ag an eagraíocht teanga le linn na géarchéime.

Tá sé mar aidhm ag an fheachtas #LeChéile “cúnamh” a thabhairt do dhaoine Gaeilge a úsáid sa bhaile agus “ábhar siamsúil agus oideachasúil a chur ar fáil dóibh”, a deirtear.

Mar chuid den fheachtas, tá scéalta Instagram agus ailt scríofa ag daoine aitheanta i saol na Gaeilge, ina measc an t-iriseoir spóirt Máire Treasa Ní Cheallaigh, an t-údar Sadhbh Devlin agus an iógaí Jen Ní Ruiséil.

Tá téarmaí Gaeilge á roinnt ag an Fhoras ar a leathanaigh sóisialta chomh maith, tionscadal atá á dhéanamh i gcomhpháirt le téarma.ie.

via GIPHY

 

Dúirt Clárbhainisteoir Cumarsáide, Feasachta agus Margaíochta Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt go raibh sí ag súil gur “spás lárnach” a bheadh san haischlib #LeChéile do phobal uile na Gaeilge le linn na géarchéime.

“Lámh chúnta a bheidh san ábhar spreagúil a bheidh á roinnt againn ó lá go lá, téarmaí cabhracha le húsáid inár gcomhráite laethúla, ina measc.”

“Tá súil againn go gcuideoidh na GIF nua agus feachtas #LeChéile leo siúd a bhfuil Gaeilge acu, chomh maith leo siúd a bhfuil spéis ach sa Ghaeilge, nascadh le chéile le linn na tréimhse seo,” a dúirt Anna Davitt.

via GIPHY

Mhaígh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh “an nuálaíocht agus an Ghaeilge” san fheachtas nua.

“Is láidre sinn ag tacú #LeChéile mar phobal agus tá mé ag súil go mór le tuilleadh comhpháirtíochta lenár dteachtaireacht a threisiú sna seachtainí romhainn,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

Fág freagra ar '‘Banríon an Choraintín’ agus naoi GIF eile seolta ag Foras na Gaeilge mar chuid dá bhfheachtas nua #LeChéile'