Baill an Choiste um Chuntais Phoiblí le plé a dhéanamh inniu ar eolas úr faoi dhíol Arramara

Socróidh an coiste inniu ar cheart feidhmeannaigh ón Údarás a thabhairt os comhair an choiste an athuair i bhfianaise an eolais a foilsíodh ar Tuairisc.ie le déanaí

3/12/2011 John McGuinness Dail Scenes
John McGuinness, Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí. Pictiúr: Photocall Ireland

Déanfaidh baill an Choiste um Chuntais Phoiblí plé inniu ar eolas a nochtadh ar Tuairisc.ie faoin mbealach ar dhíol Údarás na Gaeltachta Arramara Teo leis an gcomhlacht ó Cheanada Acadian Seaplants.

Thug Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála John McGuinness (FF), le fios do Nuacht TG4 inné, go bpléifeadh sé an t-eolas úr faoin gcomhaontú díolacháin conspóideach le baill an choiste, féachaint ar cheart feidhmeannaigh de chuid an Údaráis a thabhairt ar ais os a gcomhair le ceisteanna a fhreagairt.

Nuair a bhí feidhmeannaigh ón Údarás ós comhair an Choiste i mí Dheireadh Fómhair seo caite, dhiúltaigh siad a rá cén luach airgid a bhí ar an gcomhaontú díolacháin a rinneadh le Acadian Seaplants i 2013.

Dúirt McGuinness gur cheart go mbeadh an t-eolas sin ar fáil don choiste chun go bhféadfaí cinneadh a dhéanamh an raibh luach a gcuid airgid faighte ag an ‘gcáiníocóir’ as díol an chomhlachta feamainne.

Thug feidhmeannaigh an Údaráis le fios nach mbeadh an tsuim chruinn airgid i gcuntaisí na heagraíochta do 2014 toisc go raibh clásál rúndachta sa chonradh a aontaíodh le Acadian Seaplants.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí go gcoinneofaí na téarmaí faoinar dhíol Údarás na Gaeltachta an comhlacht Arramara Teoranta le Acadian Seaplants Ltd as Ceanada ina rún ar feadh tréimhse 10 mbliana de réir ‘clásal rúndachta’ sa chomhaontú díolacháin.

Tugtar le fios i miontuairiscí cruinnithe de chuid Bhord an Údaráis, atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú”.

Bhí na socruithe chomh leochaileach sin gur iarradh ar bhaill bhord an Údaráis na doiciméid a bhain leis an díolachán a cuireadh ar fáil dóibh do chruinniú an bhoird ar 1 Márta 2013 a thabhairt ar ais arís don bhfeidhmeannas roimh dheireadh an chruinnithe.

Dúirt iarchomhalta a thug 25 bliain ar Bhord an Údaráis le Tuairisc.ie nach cuimhin leis ach aon uair amháin eile gur tharla a leithéid roimhe seo.

Thug an tÚdarás le fios do Nuacht TG4 nach leis an gclásal rúndachta ach le fad an chonartha a bhain an tréimhse 10 mbliana, in ainneoin a ndeirtear sna miontuairiscí ó chruinniú Bhord an Údaráis ar an 1 Márta 2013.

Ach ar eagrán na seachtaine seo den chlár 7LÁ ar TG4, thug bainisteoir fostaíochta an Údaráis, Jim Keogh, le fios go bhféadfadh fiú tréimhse níos faide ná deich mbliana a bheith i gceist leis an gclásal rúndachta.

Thug John Mc Guinness le fios do Nuacht TG4 aréir go bhfuil an Coiste um Chuntais Phoiblí le teacht le chéile go príobháideach inniu agus go bpléifear an t-eolas breise faoi dhíol Arramara atá tagtha chun solais sna méain le roinnt seachtainí anuas.

Shocródh an coiste, a dúirt sé, ar cheart feidhmeannaigh ón Údarás a thabhairt os comhair an choiste an athuair le tuilleadh ceisteanna faoin scéal a fhreagairt.

Fág freagra ar 'Baill an Choiste um Chuntais Phoiblí le plé a dhéanamh inniu ar eolas úr faoi dhíol Arramara'