‘Bad form’ ó agóideoirí uisce ag ócáid Ghael Linn inné – Eoghan Mac Diarmada

Lig an láithreoir mór le rá Eoghan Mac Diarmada racht feirge uaidh ar Twitter inné tar éis Gaelbhratach Ghael Linn a bhronnadh ar dhaltaí scoile i nDún Mhic Aoidh

Pic Paul Sharp/SHARPPIX

“Bad form” a thug an láithreoir teilifíse agus raidió Eoghan Mac Diarmada ar iompar na ndaoine a bhí i mbun agóide taobh amuigh de Dhún Mhic Aoidh i mBaile Átha Cliath mar gheall ar tháillí uisce.

Bhí Mac Diarmada ag caint le lucht a leanta ar Twitter i ndiaidh na hócáide inné nuair a chuir sé síos ar an méid a tharla le linn óráid an Taoisigh a bhí i láthair freisin.

Dúirt an Diarmadach go raibh roinnt bheag agóideoirí ag geataí an Dúin ag eascainí agus ag béiceach ar an Taoiseach nuair a bhí ag caint ag an ócáid agus gur gháirsiúil an friotal a bhí acu. Ghoill a gcuid cainte ar ghasúir áirithe a bhí sa slua – idir dhaltaí bunscoile agus daltaí meánscoile, a dúirt sé.

D’iarr sé ar na hagóideoirí fanacht go dtí go mbeadh na gasúir imithe agus an Taoiseach ar a bhealach amach agus cé gur éirigh duine nó beirt as an mbéiceach, a deir sé, choinnigh an chuid eile ar aghaidh.

 

In ainneoin an méid a tharla, bhí ‘an-lá’ ag na gasúir agus b’iontach an ócáid é, a dúirt Mac Diarmada le Tuairisc.ie.

“D’aontaigh mé leis an teachtaireacht a bhí ag na hagóideoirí, ach níor aontaigh mé leis an gcineál friotail a bhí in úsáid acu. Dúirt mé leo an méid sin agus stop duine nó beirt ach bhí roinnt daoine eile ann a dúirt “tá cearta agóidíochta agam” – agus tá – ach ba léir go raibh siad ag cur isteach ar na daoine eile a bhí ann níos mó mar a bhí siad ag cur isteach ar an Taoiseach,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Bad form’ ó agóideoirí uisce ag ócáid Ghael Linn inné – Eoghan Mac Diarmada'