‘Ba mhór an onóir a leithéid de ghradam a thabhairt abhaile chuig gnó Gaeltachta’

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2022 le roinnt Gael. An gheábh seo, is é Diarmuid Ó Mathúna, úinéir POTA, an caife Gaeltachta i mBaile na hAbhann i gConamara, atá linn

‘Ba mhór an onóir a leithéid de ghradam a thabhairt abhaile chuig gnó Gaeltachta’

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2022?

Ní bhíonn aon dá lá mar an gcéanna nuair is úinéir gnó tú, go háirithe in earnáil an fháilteachais agus go háirithe faoi láthair. Ach is dócha gurb í an chuimhne is mó atá agam ná an chéad deireadh seachtaine i mí na Samhna. Ba é sin an chéad uair dom, bhraith mé, gur éirigh liom lá saor a thógáil ón obair agus an áit fós ar oscailt. Thiomáin mé síos ag Oireachtas na Samhna le hAonghus Chóil Mhaidhc ón nGarraí Glas, fear uasal agus soláthraí a bhí  lárnach in aistear POTA ó d’oscail muid in 2021.

Théis dhá oíche álainn ag casadh le daoine nach raibh feicthe agam i gceart le blianta chuaigh mé féin agus Róisín go Baile Átha Cliath le freastal ar na gradaim ‘Food and Wine, Restaurant of the Year Awards’ i dTeach an Ardmhéara. Ní raibh súil agam le rud ar bith a bhuachan ach ba dheas a bheith ann, i measc scoth na gcócairí agus na mbialannóirí sa tír. Anuas air sin, bhí mo dheirfiúr agus mo dheartháir céile ann, agus a mbialann siúd (an beár ar fhás mé aníos ann agus an chéad chistin ghairmiúil ar oibrigh mé riamh inti) ainmnithe le haghaidh cúpla gradam freisin. Ní chreidim go fóill ar go leor bealaí gur thugamar linn an gradaim do Chaifé na Bliana d’oileán uile na hÉireann ach ba mhór an onóir domsa agus don fhoireann a leithéid de ghradam a thabhairt abhaile chuig gnó Gaeltachta a fheidhmíonn trí Ghaeilge agus gan muid ach díreach os cionn bliain ar an bhfód.

An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2022?

Níor éirigh liom oiread ama a chaitheamh le mo chairde agus le mo mhuintir agus ba mhaith liom. Tá sé dúshlánach nuair is leat an gnó. Bíonn tine éigin le múchadh (ní go meafarach, uaireanta) nó rud éigin go bhféadfá feabhas a chur air i gcónaí, fiú nuair atá an áit dúnta. Mar sin, ba dheacair dom am a chur i leataobh le dul ar cuairt chuig daoine nó le ham a chaitheamh leis na daoine is gean liom.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2022?

An scéal ba mhó a chuir áthas orm in 2022 ná an maolú a tháinig ar an mbaol a bhain leis an ngalar COVID don phobal. Níor thuig mé, agus sílim nach dtuigim go hiomlán go fóill, a mhéid imní a bhí orm faoin rud ar fad, ach de réir mar a tháinig maolú ar an mbaol a bhain le bualadh le clann agus le cairde tháinig feabhas ar an gcaoi ar bhraith mé faoin saol, i gcoitinne.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2022?

Scéal Ashling Murphy. Ní hamháin an tragóid a bhain lena bás féin, rud a bhí uafásach, ach chuir sé ar mo shúile dom ar bhealach nár thuig mé riamh cheana a éagothroime is atá sé do mhná a bheith amuigh leo féin i mbun aclaíochta. Tá sé deacair go leor ar sciar mór den tsochaí (mé féin san áireamh) iad féin a ghríosú le héirí agus dul amach agus rud éigin fuinniúil a dhéanamh a rachaidh chun sochair dá sláinte intinne agus coirp, gan iad a bheith ag aireachtáil go bhfuil baol timpeall ar gach cúinne.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2022?

Cén chaoi le seasamh siar agus anáil a tharraingt agus breathnú ar a bhfuil ag tarlú thart timpeall orm. Tá sé éasca rud mór a dhéanamh de dhúshlán beag agus dearmad a dhéanamh go bhfuil rudaí go maith ar an iomlán. Bíonn orm é seo a chur i gcuimhne dom féin go minic, ach, mar sin féin, is scil é arbh fhiú é a chleachtadh go rialta.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2022?

Níor éirigh! A mhalairt, más rud ar bith. Bhí sé i gceist agam níos mó ama a thógáil saor i gcaitheamh na bliana ach den chuid is mó, theip glan orm! Tá súil agam go n-éireoidh níos fearr liom sa mhéid sin in 2023.

Fág freagra ar '‘Ba mhór an onóir a leithéid de ghradam a thabhairt abhaile chuig gnó Gaeltachta’'

  • JP

    Níor chaill fear an mhisnigh riamh é, bail ort. Is áit aoibhinn é sin agat inarb fhurasta do dhuine ceas a chur air féin! Bialann a thaitneodh go mór le Anthony Bourdain dá mairfeadh sé.