Ba ‘mhasla’ do phobal na teanga é mura gcraolfaí díospóireacht uachtaránachta i nGaeilge – Ní Riada

Deir iarrthóir Shinn Féin i dtoghchán na huachtaránacha go bhfuil sé ‘tábhachtach’ go ndéanfaí freastal ‘mar ba cheart’ ar phobal na Gaeilge le linn an fheachtais

Ba ‘mhasla’ do phobal na teanga é mura gcraolfaí díospóireacht uachtaránachta i nGaeilge – Ní Riada

Tá ráite ag Liadh Ní Riada, iarrthóir Shinn Féin i dtoghchán na huachtaránacha gur chóir díospóireacht teilifíse i nGaeilge a bheith ann le linn an fheachtais toghchánaíochta.

Níl Gaeilge líofa ach ag beirt de na hiarrthóirí a bhfuil ainmniúchán faighte acu do thoghchán na míosa seo chugainn, Ní Riada féin agus an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn.

Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin go bhfuil sé “tábhachtach” go ndéanfaí freastal ar phobal na Gaeilge “mar ba cheart” le linn an fheachtais.

“Creidim gur gá go mbeadh díospóireacht i nGaeilge ann. Is í ár bpríomhtheanga í, agus ba chóir don chraoltóir náisiúnta é seo a éascú sa toghchán don oifig is airde sa tír.

“Bheadh ​​aon rud níos lú ná sin mar mhasla ar na saoránaigh atá ag maireachtaint trí mheán na Gaeilge, orthu siúd a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht, agus ar ár dteanga dhúchais.

“Táim ag tnúth le RTÉ nó TG4 a bpleananna a fhógairt le haghaidh díospóireacht i nGaeilge idir na iarrthóirí Uachtarántachta ar fad,” a dúirt Liadh Ní Riada.

Thug TG4 le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo go bhfuil siad i mbun machnaimh faoi cé acu ar chóir nó nár chóir mórdhíospóireacht bheo idir iarrthóirí thoghchán na huachtaránachta a bheith acu an mhí seo chugainn.

Thug urlabhraí de chuid an stáisiúin le fios do Tuairisc.ie nach raibh sé “deimhnithe bealach amháin nó bealach eile an mbeadh díospóireacht bheo idir na hiarrthóirí”. 

Meastar gur ceist teanga is mó atá ina húdar machnaimh ag lucht an stáisiúin agus an cás á mheas.

Craoladh a leithéid de dhíospóireacht ar TG4 le linn thoghchán uachtaránachta 2011 cé nach raibh Gaeilge ach ag iarrthóir amháin sa toghchán sin, Micheál D. Ó hUigínn. Seachas mír bheag chainte réamhullmhaithe, níor labhair aon duine den ochtar iarrthóirí ach Ó hUigínn Gaeilge le linn na díospóireachta sin. 

Rinneadh roinnt cáineadh ar an stáisiún Gaeilge i ndiaidh na díospóireachta sin toisc gur i mBéarla a bhí sí ach amháin nuair a bhí Ó hUigínn i mbun cainte.

Fág freagra ar 'Ba ‘mhasla’ do phobal na teanga é mura gcraolfaí díospóireacht uachtaránachta i nGaeilge – Ní Riada'

  • Tadhg Ó Duigneáin

    Ní bheadh aon chiall ar diospóireacht i nGaeilge nuair nach bhfuil Gaeilge ach ag beirt iarrthóirí. Gaeilge éigeantach do iarrthóirí ???

  • An Teanga Bheo

    Gaeilge Teanga na tíre.seo .. abair linn…….. agus nach throid muid ar son ár dteangs san Eoraip agus stadás Gaeilge a bheith againn ann. Éire saor is Éire Gaelach a deirimse !

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Gaeilge Teanga na tíre seo”. Fairíor nach í.