‘Ba mhaith liom díriú ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus ar maith leo Maggie O’Farrell’ – Tadhg Mac Dhonnagáin

Labhair Tuairisc le húdar Madame Lazare a thug leis an gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag Irish Book Awards An Post an tseachtain seo

‘Ba mhaith liom díriú ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus ar maith leo Maggie O’Farrell’ – Tadhg Mac Dhonnagáin

Madame Lazare. Chuile sheans go bhfuil teideal úrscéal nua Thaidhg Mhic Dhonnagáin cloiste agaibh faoin tráth seo, ach mura bhfuil, cuimhnígí anois air. Tá sé díreach tar éis Gradam An Post do Leabhar Gaeilge na Bliana a bhuachaint agus is éacht ar leith é sin agus Madame Lazare ar an chéad úrscéal óna pheann. 

“An rud atá i gceist leis na gradaim seo, is cineál doras isteach iad ar a bhfuil ar siúl againn i gcomhthéacs níos leithne,” a deir Tadhg, “Táimid istigh i measc na scríbhneoirí uilig atá ag scríobh i mBéarla. Déantar infheistiú mór sa bpoiblíocht agus tá an branda an-láidir. Tá a fhios ag go leor leor daoine faoi; is dóigh go bhfuil stádas ar leith ag baint leis. Sílim go bhfuil sé an-deas go bhfuil deis ag scríbhneoirí Gaeilge a bheith san áireamh.”

Tá blianta fada caite ag Tadhg i mbun scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta, agus is é a bhunaigh an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata agus inphrionta nua de chuid an chomhlachta sin, Barzaz, a fhoilsíonn leabhair do dhaoine fásta agus go deimhin a d’fhoilsigh Madame Lazare. 

Thóg sé thart ar cúig bliana ar Thadhg an t-úrscéal a scríobh, agus is léir gur bhain sé taitneamh as.

“Cé gur chaith mé roinnt mhaith blianta ag plé leis, ní raibh aon deifir orm, mar is cineál rud dom féin a bhí ann, bhí mé ag iarraidh rud éigin a chruthú a mbeinn féin sásta leis,” ar sé. “Cúig bliana ar fad a chaith mé ag scríobh an leabhair. Is dóigh gur chaith mé roinnt de na blianta sin ag foghlaim teicnící a bhaineann leis an úrscéal. Bhí mé ag teacht ag an úrscéal mar chineál printíseach.”

Deir sé go bhfuil an cúpla bliain sin tar éis a chuid léitheoireachta “a shaibhriú go mór” agus gurb in “ceann de na rudaí is deise a tháinig as” dar le Tadhg.

Cé go bhfuil go leor scríbhneoireacht scripte déanta ag Tadhg, bhain sé taitneamh as úrscéal a scríobh mar gheall ar na difríochtaí idir an dá phróiseas.

“Tagann pointe freisin nuair is maith leat a bheith ag obair as do stuaim féin,” ar sé. “Cé gur oibrigh mé le heagarthóirí agus le healaíontóirí eile agus mé ag scríobh Madame Lazare, airíonn tú nuair atá sé críochnaithe gurb in an rud deifnídeach mar a déarfá. Ní tharlaíonn sé sin le scripteanna.”

Má tá an leabhar léite agat agus tú ag súil le ceann eile ó pheann Thaidhg, tá dea-scéal ar an mbealach.

“Níl dabht ar bith faoi ach tá an-fhonn orm úrscéal eile a scríobh agus tá cúpla smaoineamh ag barr m’intinne,” arsa Tadhg. 

“Tar éis na Nollag anois, tá mé ag súil go mór le suí síos agus tosú ag spraoi le roinnt smaointe nua.”

Maidir le staid litríocht na Gaeilge faoi láthair, creideann sé go bhfuil cúis mhisnigh againn, agus tagann an misneach sin trasna go láidir ina chuid cainte féin.

“Sílim go bhfuil cúrsaí maidir le leabhair nua an-mhaith, agus b’fhéidir chomh maith is a bhí siad ariamh,” ar sé. “Tá riar maith scríbhneoirí atá ag scríobh do pháistí agus atá an-ghníomhach i saol na leabhar agus i bpobal na leabhar in Éirinn. Tá siad tar éis iad féin a chur in iúl agus a bheith páirteach sna féilte, ag plé le ceardlanna, ag taisteal na tíre – daoine ar nós Sadhbh Devlin, Gemma Breathnach, Máire Zepf, agus maisitheoirí freisin – tá sé sin ar fad go hiontach.”

Deir sé go bhfuil aithne acu ar phobal na leabhar agus go nglacann siad leo.

“Is dul chun cinn mór é sin,” ar sé.

“An deacracht a bhaineann leis an litríocht do dhaoine fásta ná an teanga. Ní bhíonn an deacracht sin ag TG4 ná ag scannáin Ghaeilge, mar go mbíonn fotheidil acu.”

Ach fós féin, a deir sé, léiríonn an rath a bhíonn ar leabhair ar nós Thirty-Two Words For Field le Manchán Magan “an grá atá ag an mórphobal don teanga, an mhian atá acu teagmháil éigin a dhéanamh leis an teanga”.

Ag deireadh thiar thall, áfach, ní bheadh formhór de na léitheoirí in ann úrscéal a léamh i nGaeilge.

“Ach – ACH – tá pobal eile ann a bhfuil Gaeilge líofa acu,” arsa Tadhg. “Agus ní léann siad mórán. Sílim gur féidir oibriú leis an bpobal sin. Tá an pobal sin ann. Tá clubanna leabhar Gaeilge ag teacht chun cinn ar fud na tíre.”

Luann Tadhg an t-údar iomráiteach Maggie O’Farrell agus é ag caint liom.

“Is breá liomsa Maggie O’Farrell agus airím gur tionchar í ar bhealach éigin ar mo stíl féin. Daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a dtaitníonn Maggie O’Farrell leo – ba bhreá liom díriú ar na daoine sin, agus scéalta comhaimseartha a chur i láthair, scéalta a bhaineann leis an lá inniu, scéalta a bhfuil ábhar comhrá iontu.”

Tá Tadhg lán le fuinnimh agus muid i mbun cainte, ag plé cúrsaí litríochta, aistriúcháin, foilsitheoireachta agus mórán ábhar eile. 

Is cinnte gur duine thar a bheith gnóthach agus treallúsach é atá ag iarraidh feabhas a chur ar shaol na litríochta Gaeilge céim ar chéim.

“Táimid ag iarraidh bearna a líonadh nach bhfuil á líonadh go rialta faoi láthair,” a deir sé, ag déanamh trácht ar an gcomhlacht foilsitheoireachta nua, Barzaz.

“An cineál scéil atá á lorg againn ná scéalta atá tráthúil, thar a bheith comhaimseartha, ag cur síos ar an saol ina maireann muid,” arsa Tadhg. “Tá suim agam cur leis an díolaíocht de réir a chéile – níos mó cóipeanna a chur isteach i lámha daoine – sin an aidhm.”

Ní éasca an rud é sin, mar a deir sé féin, ach ba mhaith leis “doras beag a oscailt amach ó Éirinn ar shaol na leabhar sa bhFrainc”.

“Is ar an bhFrainc a bheidh muid ag díriú – tá léamh na Fraincise agam féin,” ar sé. “I mbliana d’éirigh linn dhá leabhar a fhoilsiú, Madame Lazare agus Khalil. Níl sé i gceist agam rud mór a dhéanamh as. Tá mé ag iarraidh a bheith ag scríobh agus ag plé le Futa Fata freisin. Dá n-éireodh linn dhá leabhar maith a fhoilsiú gach bliain, sílim go mbeadh sé sin ag cur le saol na leabhar do dhaoine fásta ar bhealach beag.”

Bíonn go leor cainte faoi chúrsaí díolacháin ó thaobh leabhar Gaeilge ach tá pointe spéisiúil aige faoi sin. Mar a tharlaíonn, bhí sé i mbun comhrá le deireanaí le hIodálach mná agus bhí sí ag insint dó go bhfuil go leor de na tithe foilsitheoireachta san Iodáil an-bheag, agus iad ar cóimhéid le tithe na bhfoilsitheoirí Gaeilge, agus gan ach ceathrar nó cúigear ag obair iontu.

“Bhí sí ag rá go gcuirfidís 300 cóip i gcló dá gcuid leabhar liteartha nó aistriúchán liteartha. An gnáthrud anseo ná míle cóip an chéad uair le leabhar do dhaoine fásta. Thabharfadh sé sin misneach duit. Cé mhéad milliún cainteoir dúchais atá san Iodáil? 60 milliún, 70 milliún?”

Ní fhéadfá gan misneach a bheith agat tar éis a bheith mbun comhrá le Tadhg Mac Dhonnagáin. 

Fág freagra ar '‘Ba mhaith liom díriú ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus ar maith leo Maggie O’Farrell’ – Tadhg Mac Dhonnagáin'