‘Ba gheall le bheith in ifreann domsa le naoi mbliana anuas’ – máthair ‘Grace’

In agallamh atá le craoladh anocht ar an gclár Claire Byrne Live ar RTÉ, déanann máthair na mná a dtugtar ‘Grace’ uirthi cur síos mothálach ar a cás

‘Ba gheall le bheith in ifreann domsa le naoi mbliana anuas’ – máthair ‘Grace’

Deir máthair ‘Grace’, an bhean a fágadh i dteach altrama san oirdheisceart ar feadh nach mór fiche bliain in ainneoin líomhaintí gur baineadh mí-úsáid ghnéis aisti, gur gheall le bheith “in ifreann” di ó fuair sí amach nach le teaghlach altrama grámhar a bhí a hiníon.

In agallamh atá le craoladh anocht ar an gclár Claire Byrne Live ar RTÉ, déanann máthair ‘Grace’ cur síos ar na cúinsí a thug uirthi a leanbh a chur faoi chúram altrama i ndeireadh na 1970idí agus ar an teagmháil rialta a bhí aici leis húdaráis sláinte ó shin chun fáil amach conas a bhí ag éirí le ‘Grace’.

San agallamh a chraolfar anocht, maíonn máthair na mná nár insíodh aon rud riamh di mar gheall ar na líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis agus gur tugadh le fios i gcónaí di go raibh ag éirí go maith le ‘Grace’.

Deir máthair ‘Grace’ go bhfuair sí amach mar gheall ar na líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis den chéad uair in 2009 agus gur iarr sí láithreach ar na húdaráis an uair sin go dtógfaí ‘Grace’ amach as an dteach altrama.

“An tuiscint a bhí agamsa roimhe sin agus roimh na líomhaintí ar fad ná go raibh sí [Grace] sona, go raibh sí ag freastal ar a seirbhísí laethúla, agus go raibh sí i dteach grámhar lách. Agus thug sé sin sásamh dom, go raibh a fhios agam go raibh sise sásta, mar sin a tugadh le fios dom agus sin a dúradh liom i gcónaí,” a deir máthair ‘Grace’.

Maidir leis an áiteamh nár insíodh aon rud riamh do mháthair ‘Grace’ faoi na líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis, dúirt an HSE gur ábhar an méid sin don Choimisiún Fiosrúcháin atá le bunú.

Deir máthair ‘Grace’ gur dhiúltaigh sí do leithscéal scríofa a thug an HSE di.

Le linn an agallaimh, a chraolfar anocht, iarrann máthair ‘Grace’ ar Finian McGrath, an tAire Stáit do dhaoine faoi mhíchumas, a chinntiú go gcuireann an Coimisiúin Fiosrúcháin freagra ar fáil di ar na ceisteanna ar fad atá aici faoi chás a hiníne.

“Fuair mé litir ansin tamaillín ó shin agus bhraith mé i mo chroí istigh nach ón gcroí a bhí sé [an leithscéal] ag teacht. Ní ghlacaim leis an leithscéal sin. Níor ghlaoigh duine ar bith ón HSE ormsa le fiafraí díomsa conas a bhí mé ag déanamh. Ní dhearna duine ar bith an méid sin domsa riamh, agus ní ghlacaim lena leithscéal.

“Níl aon mhuinín agam astu, níl aon mhuinín agam as an méid a bhíonn le rá acu. Ba gheall le bheith in ifreann domsa le naoi mbliana anuas. Agus sin an t-aon bhealach atá agamsa lena rá. Agus tá an scéal amhlaidh i gcónaí,” a deir máthair ‘Grace’.

Deir máthair ‘Grace’ nach raibh sí ábalta go fóill an comhad iomlán a bhaineann le ‘Grace’ a léamh toisc í a bheith chomh cráite sin faoin scéal.

Thug an t-aturnae Sinéad Carroll, atá ag gníomhú thar ceann daoine eile a bhí ar altramas sa teach céanna le ‘Grace’, le fios do RTÉ Investigates,  go raibh go leor daoine trína chéile faoin scéal. Dúirt sí go raibh gá le reachtaíocht nua chun a chinntiú nach dtarlódh an rud céanna arís.

“Tá an chosúlacht ar an scéal gurb é an t-aon bhealach gur féidir a chinntiú go gcloisfear an fhírinne amach anseo ná reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh iachall ar HSE gearáin nó drochscéalta a fhaigheann siad a fhiosrú agus teaghlaigh a chuir ar an eolas. Ba chóir gur choir a bheadh ann mura ndéanfadh siad amhlaidh – tá an méid sin radacach – ach is é sin an t-aon bhealach le cinntiú nach dtarlóidh seo arís agus arís eile,” a dúirt Sinéad Carroll.

Meastar go ndéanfaidh an Rialtas na téarmaí tagartha don Choimisiún Fiosrúcháin a fhógairt amárach.

Fág freagra ar '‘Ba gheall le bheith in ifreann domsa le naoi mbliana anuas’ – máthair ‘Grace’'