Ba dheas an turas é le Peig agus Sinéad ár n-iompar ar fharraige ár ndúchais

Bhí clár taitneamhach tathagach a dhein iarracht a ceart a thabhairt do Pheig Sayers ar TG4 an tseachtain seo

Ba dheas an turas é le Peig agus Sinéad ár n-iompar ar fharraige ár ndúchais

Sinéad Ní Uallacháin

Is deacair a shamhlú go bhfuil breis agus cúig bliana ar fhichid caite ó bhí ar scoláirí Ardteiste tabhairt faoi shaothar Pheig.

Tá na scoláirí sin meánaosta anois agus a gclann féin ag teannadh ar an Ardteist. Feiniméan Éireannach é go maireann an chuimhne ar Pheig is a saothar agus go maireann an fuath. Faoi mar a deir duine amháin sa vox pop ag tosach an chláir seo tá Peig, is Bono, i measc an fhíorbheagáin Éireannach ar leor a gcéad ainm len iad a chur in iúl.

Bean chlúiteach agus mhíchlúiteach. I scioból samhlaíochta na nglúnta do scoláirí Ardteiste tá Peig agus a saothar fite fuaite le drochstíleanna múinteoireachta, déine na Gaeilge agus cruatan na hArdteiste.

B’fhéidir nach é an saothar is oiriúnaí do dhéagóirí ach tá éagóir déantar ar an mbean agus ar an leabhar. Í ina hábhar fuatha agus fonóide. Caracatúr. Is í bunús Dlí Godwin na Gaeilge; sé sin nach féidir díospóireacht a bheith againn faoin nGaeilge gan Peig a lua.

’Séard a chuir an craoltóir aitheanta Sinéad Ní Uallacháin roimpi sa chlár aon uaire, uair an chloig, Peig (TG4, Dé Céadaoin) ná a ceart a thabhairt do Pheig Sayers. Léamh nua, a bheadh níos cruinne a dhéanamh uirthi. An éagóir a chúiteamh.

Sharon Granahan agus Sinéad Ní Uallacháin

Chuige sin chuaigh sí i mbun cainte le lear mór daoine ar fud na tíre faoi Pheig idir lucht léinn, muintir Chorca Dhuibhne agus ealaíontóirí.

Dúirt cainteoirí cumasacha amhail Pádraig Ó Héalaí, Dáithí de Mórdha Angela Bourke agus Máire Ní Dhálaigh linn nár thug an leabhar a cheart do chumas Peig mar ealaíontóir béil. Ba bhean í a raibh teacht i láthair faoi leith aici. Téann Sinéad chuig cartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann le héisteacht le guth sainiúil, tomhaiste an scéalaí.

Meabhraíodh dúinn gurbh é Maidhc File a scrígh cuimhní cinn a mháthar agus gurbh í Máire Ní Chinnéide a dhein eagarthóireacht air, rud a chiallaíonn ná fios cén lorg a d’fhág cráifeacht agus cinsireacht na tréimhse ar an saothar.

Luann Ré Ó Laighléis na léargais antraipeolaíochta agus socheolaíochta atá sa leabhar agus maíonn de Mórdha gur rud eisceachtúil é an uair úd, in aon teanga nó tír, go mbeadh guth na mná boichte le cloisint. Theastaigh uaim a thuilleadh a chloisint fé na tréithe sin.

Peig Sayers

Bhaineas súp as caint Bhrenda Ní Shúilleabháin agus í ag caint go deisbhéalach faoi chleamhnaistí. Cur síos tomhaiste aici ar an nós agus í ag maíomh go raibh sé chomh maith leis an gcóras atá againn inniu.

Bhaineas sásamh chomh maith as ionchur eolgaiseach Phádraig Uí Héalaí. Thug sé le fios dúinn go raibh breis agus 350 scéal i dtaisce ina hintinn, cinn thíriúla san áireamh. Thrácht sé ar chur síos ealaíonta an Ríordánaigh a thagair do Pheig mar naomhóg “ár n-iompar ar fharraige ár ndúchais”.

Pictiúr níos iomláine á fháil againn den bhean i rith an ama. Bean ard dathúil ba ea í tráth le súile mealltacha gorma. Bhí sí lán le rógaireacht agus le craic. Ba ina tigh siúd a bhailíodh ógánaigh an Bhlascaoid. Ba í Netflix an Oileáin, faoi mar a deir Máire Ní Dhálaigh. Bhíodh an “an béal garbh” aici chomh maith dar le Pádraig. “Mór an faoiseamh don gcroí mallacht breá a spalpadh nuair a bhíonn fearg ort,” a deireadh sí féin.

Sa chuid dheireanach den chlár tugadh éachtaint ar iarrachtaí atá ar bun ag daoine éagsúla le taoide an mhíchlú agus an aineolais a chasadh. Bhí saothar físe le hEoin P. Ó Murchú againn, dráma stáitse le Caitríona Ní Mhurchú, tatú le Sharon Granahan, ealaín le ‘Ciaraíoch’ agus dán nua-chumtha le Nuala Ní Dhomhnaill.


Dá bhrí sin tuigim cad a bhíothas ag iarraidh a dhéanamh le mír na reilige ag deireadh an chláir nuair a thug an láithreoir cuairt ar Pheig chun insint di go raibh daoine á cosaint agus á ceilíuradh, ach níl a fhios agam ar oibrigh sí.

Láithreoir caithiseach an-ábalta í Sinéad Ní Uallacháin agus dhein sí a cúram go paiteanta. Saghas oilithreacht phearsanta a bhí anseo di óir nár dhein sí leabhar Pheig ar scoil agus nach raibh an oiread sin ar fad de chur amach aici ar an mbean is an saothar cé gur rugadh agus gur tógadh í i gCorca Dhuibhne.

Ar an iomlán, ba chlár téagartha, taitneamhach tábhachtach a bhí anseo.

Clár a chuirfidh beagán eile le casadh na taoide.

Fág freagra ar 'Ba dheas an turas é le Peig agus Sinéad ár n-iompar ar fharraige ár ndúchais'

  • Bairbre Ní Ógáin

    Sárchlár

  • Pádraig Ó Murchú

    Bhainse féin ana thaitneamh as an clár. Is deas chómhaith go mbeadh caint/comhrá na mná le chloisint, seachas caint na bhfear a bhíonn le chloisint de gnáth