Ba chóir go mbeadh ‘coinníoll Gaeilge’ ag baint le maoiniú na meán

Deir Conradh na Gaeilge gur cheart go gcaithfí 15% de bhuiséad RTÉ ar chraoltóireacht na Gaeilge 

Ba chóir go mbeadh ‘coinníoll Gaeilge’ ag baint le maoiniú na meán

Moladh i dTeach Laighean inné go mbeadh coinníoll Gaeilge ag baint le haon mhaoiniú a chuirfí ar fáil do na meáin amach anseo.

Mhol Conradh na Gaeilge i dTithe an Oireachtais go ndéanfaí “infheistiú suntasach breise” in ábhar Gaeilge sna meáin.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, agus é os comhair Chomhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin, inné go raibh sé “ríthábhachtach” go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil “go minic”. Chaithfeadh an t-ábhar Gaeilge a bheith ar fáil ar bhealach “fiúntach” chomh maith.

Mhol de Spáinn go gcaithfí 15% de bhuiséad RTÉ ar chraoltóireacht na Gaeilge lena chinntiú go mbeadh “réimse leathan de chláracha ar fáil trí Ghaeilge”.  Faoi láthair, 7.5% de bhuiséad RTÉ a chaitear ar ábhar Gaeilge.

Dúirt de Spáinn gur chóir go mbeadh “coinníoll” i ngach conradh a chuireann Coimisiún na Meán, an rialálaí nua atá á bhunú in áit an BAI, ar fáil amach anseo lena chinntiú go mbeadh méid áirithe Gaeilge á craoladh “i rith amanna sóisialta”.

Mhol sé chomh maith go mbeadh buiséad €100 milliún ag TG4 “le seirbhís iomlán leathan Gaeilge” a chur ar fáil, a thagann leis an mhaoiniú a chuirtear ar fáil don stáisiún Breatnaise, S4C, a dúirt sé.

I measc na moltaí eile a bhí ag Conradh na Gaeilge don Chomhchoiste, bhí éileamh ar mhilliún sa bhreis d’Fhoras na Gaeilge le tacú leis na meáin scríofa Ghaeilge. Dúirt sé go raibh gá le hiriseoireacht na Gaeilge “a spreagadh” agus gur faoi Choimisiún na Meán a bheadh sé tabhairt faoi.

“Ba cheart go mbeidh béim ar iriseoireacht na Gaeilge a spreagadh in aon chiste tacaíochta a chuireann Coimisiúin na Meán ar fáil amach anseo,” a dúirt sé.

Tá athbhreithniú cuimsitheach beartaithe ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin ag an Choimisiún nua.

Tréimhse 18 mí atá luaite leis an athbhreithniú agus dúirt de Spáinn nár chóir go gcuirfí aon mhoill le hinfheistíocht sna meáin Ghaeilge a fhad is atá an t-athbhreithniú á dhéanamh.

“Ba chóir tús a chur leis an athbhreithniú sin gan mhoill ach níor chóir go mbeadh an t-athbhreithniú seo á úsáid le moill nó stop a chur le forbairtí gur féidir bogadh ar aghaidh leo láithreach bonn ar nós buiséad TG4 a mhéadú nó Raidió Rí-Rá a chur ar FM nó eile,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ba chóir go mbeadh ‘coinníoll Gaeilge’ ag baint le maoiniú na meán'