Ba chóir d’Oifig na nOibreacha Poiblí “meas a léiriú” ar an nGaeilge agus í a chur ar éide oibre fhoireann na hoifige, a deir Sinn Féin.
“Tá an bhrandáil aonteangach Béarla amháin, ‘OPW’, in úsáid ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar éide na foirne agus ar veaineanna fud fad an stáit,” a deir urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta agus Ealaíon Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.
“Go háirithe agus ionaid faoi stiúir na hOifige i gceantair Ghaeltachta, ba chóir dóibh athrú i dtreo meas a léiriú don teanga náisiúnta agus don phríomhtheanga oifigiúil, má tá siad dáiríre faoi chaomhnú na hoidhreachta cultúir atá mar chuspóir acu.”
D’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin den Aire Kevin ‘Boxer’ Moran sa Dáil le déanaí an raibh sé i gceist aige go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil “go príomha” ar éide oibrithe Oifig na nOibreacha Poiblí.
Dúirt an tAire nach raibh sé i gceist aige aon athrú a iarraidh ar an Oifig agus go raibh an éide agus an bhrandáil a bhí acu ‘ag teacht le treoirlínte an rialtais’.
Thug urlabhraí de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios do Tuairisc go ndearnadh athdhearadh ar bhrandáil fhísiúil Oifig na nOibreacha Poiblí in 2019 agus go gcloíonn an bhrandáil nua sin le treoirlínte an Rialtais.
“Cuirfear san áireamh aon riachtanas a eascróidh as an reachtaíocht nó treoirlínte a chuirfear ar fáil agus athdhearadh ar bith á dhéanamh amach anseo,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.
Luaitear lógónna go sonrach in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021.
Deirtear i rannóg 9C (1) den Acht: “Cinnteoidh comhlacht poiblí, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, i gcás go mbeidh a lógó á athnuachan nó á athrú aige, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh aon téacs is cuid den lógó nua nó den lógó athraithe.”
Fág freagra ar '‘Ba chóir don OPW meas a léiriú ar an nGaeilge is í a chur ar a n-éide oibre’ '