‘Ba cheart Kneecap a chur i bpríosún’ – cáineadh beagnach uair an chloig déanta ar Kneecap in Westminster

Ní raibh aire stáit cosanta na Breataine sásta ainm Kneecap a lua oiread is uair amháin le linn na díospóireachta a mhair 50 nóiméad agus mhol sé d’fheisirí eile ‘gan a thuilleadh poiblíochta a thabhairt dóibh trí iad a ainmniú’

‘Ba cheart Kneecap a chur i bpríosún’ – cáineadh beagnach uair an chloig déanta ar Kneecap in Westminster

Dúirt an t-aire stáit cosanta Dan Jarvis go raibh ráitis Kneecap “contúirteach agus mífhreagrach”

Cáineadh an grúpa ceoil Kneecap ar feadh beagnach uair an chloig in Westminster tráthnóna, áit a ndúradh gur chóir baill an ghrúpa a chaitheamh sa bpríosún, cosc a chur orthu seinm ag féile Glastonbury, a gceol a bhaint ó Spotify agus airgead poiblí a bronnadh orthu a bhaint díobh.

Ráitis a rinne Kneecap maidir le feisirí parlaiminte agus maíomh gur léirigh an grúpa tacaíocht do Hamas agus Hezbollah a spreag an plé i dTeach na dTeachtaí.

Tá míreanna ó cheolchoirmeacha de chuid an bhanna, a bhíonn ag rapáil i nGaeilge, á scrúdú ag póilíní i Sasana.

Dealraíonn sé ó mhír amháin ó cheolchoirm de chuid Kneecap a bhí ar siúl i mí na Samhna 2023 go ndúradh ar stáitse: “An t-aon Tóraí maith ná Tóraí marbh. Maraigh do MP áitiúil.”

Sa mhír eile a bhain le ceolchoirm ó mhí na Samhna 2024 bhéic duine den bhanna “Up Hamas, up Hezbollah”.

Cháin an t-aire stáit cosanta Dan Jarvis go láidir tráthnóna ráitis Kneecap le linn an tseisiúin agus dúirt go raibh bronnadh deontas poiblí ar an ngrúpa á scrúdú ag an rialtas. Thug Jarvis le fios freisin go raibh sé ag fiosrú an bhféadfaí an t-airgead a bronnadh ar Kneecap cheana féin a bhaint díobh.

“Ní dóigh linn gur chóir do dhaoine a nochtann na tuairimí atá cloiste againn aon mhaoiniú a fháil ón gcáiníocóir. Is dóigh liom gur ráiteas neamhchonspóideach é sin.”

Ní raibh an Státrúnaí sásta ainm Kneecap a lua oiread is uair amháin le linn na díospóireachta a mhair 50 nóiméad agus mhol d’fheisirí eile “gan a thuilleadh poiblíochta a thabhairt dóibh trí iad a ainmniú.”

Dúirt Jarvis go raibh ráitis Kneecap “contúirteach agus mífhreagrach”.

I ráiteas a chuir Kneecap amach tráthnóna inné, ghabh siad leithscéal le muintir David Amess agus Jo Cox, beirt fheisirí parlaiminte a dúnmharaíodh, agus dúirt chomh maith nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah.

Dúradh gur tógadh mír ó fhíseán “as comhthéacs d’aon ghnó” agus go bhfuil “uirlis chatha” á déanamh di. Is beag in Westminster a ghlac leis an leithscéal sin, áfach.

“Ní gá aon ní eile a rá faoin bhfíseán. Conas go bhféadfá na focail ‘Maraigh do MP’ áitiúil a thógáil as comhthéacs?” a d’fhiafraigh an Scáth-Rúnaí Cosanta Chris Philp.

Bhí Philp ar dhuine de roinnt feisirí a dúirt nár cheart cead a thabhairt do Kneecap seinm ag féile Glastonbury níos déanaí i mbliana, mar atá beartaithe faoi láthair.

“Ní fhéadfaí glacadh leis go mbeadh Kneecap ann [ag Glastonbury], ar a laghad fad is atá iniúchadh na bpóilíní ar siúl. Siúráilte, ba cheart cosc a chur ar Kneecap inniu.”

Dúirt an Státrúnaí Cosanta Dan Jarvis nach faoi airí rialtais a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoi cé a bhíonn ag seinm ag Glastonbury ach dúirt gur mhol sé do lucht eagraithe na féile “dianmhachnamh” a dhéanamh faoi cé dó a dtugtar cuireadh seinm i mbliana.

Dúirt Daniel Taylor gur scríobh sé chuig féile Glastonbury inné chun iarraidh ar lucht a heagraithe Kneecap a bhaint den chlár.

Dúirt sé gur chóir do iTunes, Spotify, YouTube agus dreamanna eile ceol Kneecap a bhaint dá n-ardáin nó go mbeidh deireadh le fiosrú na bpóilíní.

An feisire David Taylor

Chuir Gavin Robinson, ceannaire an DUP “deora bréige” i leith Kneecap agus mhaígh sé go raibh “a mbalacláva sleamhnaithe díobh”.

“Tá an tsúil chaoch á tabhairt rófhada ar mhóradh na sceimhlitheoireachta i dTuaisceart Éireann,” arsa ceannaire an DUP.

Dúirt Jim Shannon, feisire eile de chuid an DUP, nach ndéanfadh aon leithscéal “patuar” an beart agus gur chóir Kneecap a chaitheamh sa bpríosún as an méid atá ráite acu.

“Caithfidh na póilíní iad a thabhairt chun dlí, caithfear iad a thabhairt os comhair na cúirte agus, níos fearr fós, iad a chur i bpríosún,” a dúirt Shannon.

Jim Shannon ón DUP

Dúirt Carla Lockhart ón DUP gur scríobh sí chuig údaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Cheanada ag iarraidh orthu diúltú d’aon iarratas a dhéanfadh Kneecap ar víosa.

Níos luaithe inniu, chuir an Tánaiste Simon Harris fáilte roimh an soiléiriú a thug Kneecap faoina gcuid ráiteas agus dúirt gur chóir aird a dhíriú arís ar Gaza.

“Caithfimid ár n-aird uile a thabhairt don scéal go bhfuil leanaí ag fáil bháis in Gaza. Tá leanaí á marú in Gaza,” a dúirt Harris.

Ina ráiteas, dúirt Kneecap go bhfuil “histéire mhoráltachta” á cothú ag daoine faoi ráitis a rinne siad ag ceolchoirmeacha agus go raibh sin á dhéanamh chun aird daoine a tharraingt óna seasamh ar son mhuintir na Palaistíne agus in aghaidh an chinedhíothaithe in Gaza.

“Ní hamháin go bhfuil an casadh san fhírinne seo áiféiseach – iarracht shoiléir atá ann an fíorphlé a chur ó mhaith. Tá Iosrael á ligean don dá mhilliún Palaistíneach atá in Gaza faoi láthair bás a fháil den ocras. Maraíodh ar a laghad 20,000 páiste in Gaza.

“Tá rialtas na Breataine fós ag soláthar airm d’Iosrael, in ainneoin gur thug na scórtha dochtúir de chuid an NHS rabhadh do Keir Starmer mí Lúnasa seo caite go raibh córas ann faoina bhfuil páistí á marú ag piléar sa cheann ó naoscairí.”

Fág freagra ar '‘Ba cheart Kneecap a chur i bpríosún’ – cáineadh beagnach uair an chloig déanta ar Kneecap in Westminster'