Ba cheart breithiúnas ar chás An Taisce a fhágáil faoi na breithiúna

Ní cóir agus ní fiú a bheith ag caitheamh anuas ar chearta an duine nó ar chearta eagraíochta a gcás a thabhairt chun cúirte

Ba cheart breithiúnas ar chás An Taisce a fhágáil faoi na breithiúna

Tá súil ag an Taoiseach nach rachaidh An Taisce chun cinn leis an achomharc atá an eagraíocht a thabhairt in aghaidh an aonaid déantúsaíochta cáise atá beartaithe ag Glanbia a thógáil i gcontae Chill Chainnigh.

Labhair Micheál Martin sa Dáil tar éis do cheathrar iar-airí ó Fhine Gael a mholadh gur chóir “breathnú arís” ar mhaoiniú stáit na heagraíochta agus ar a stádas speisialta faoi na hachtanna pleanála. Bhí athbhreithniú riachtanach, dar leis an gceathrar, toisc An Taisce a bheith ag síorchur i gcoinne pholasaithe an rialtais. Tá siad míshásta freisin leis an achomharc a d’fhógair an eagraíocht in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte cead a thabhairt don togra.

Dar le Charlie Flanagan, Paul Kehoe, John Paul Phelan agus David Stanton go raibh An Taisce meáite (nó ‘hell-bent’ mar a dúirt siad) ar thacaíocht a thabhairt do dhream beag a raibh feachtas nimhiúil ar bun acu in aghaidh feirmeoirí agus in aghaidh an chomhlachta.

Níor thagair an Taoiseach go díreach do ráiteas an cheathrair, ná don óráid a thug Jackie Cahill ó Fhianna Fáil ag cruinniú den pháirtí parlaiminte Dé Céadaoin inar chuir sé tréas i leith An Taisce. Ach dúirt sé gur bhain an cás le togra tábhachtach d’fhorbairt an tionscail déiríochta agus don oirdheisceart.

Dúirt Micheál Martin freisin go raibh cíoradh fada déanta ar an togra agus rialú soiléir tugtha sna cúirteanna. Bhí lear mór jabanna ag brath air agus bhí sé ag iarraidh mar sin nach rachfaí i mbun achomhairc eile.

Thug an tAire Leanaí agus Comhionannais Roderic O’Gorman freagra réasúnta láidir ar chaint an Taoisigh le linn agallaimh raidió Déardaoin. Bhí obair thábhachtach á déanamh le fada ag An Taisce, a dúirt sé, agus béim curtha acu ar chúrsaí comhshaoil. Ba chóir do pholaiteoirí coinneáil amach as an bpróiseas dlí.

Ainneoin an mhíshásaimh a chuir achomharc An Taisce ar an Taoiseach, ar go leor Teachtaí Dála san oirdheisceart agus ar Chumann na bhFeirmeoirí, ba stuama an chaint a rinne an tAire O’Gorman. Ní cóir agus ní fiú a bheith ag caitheamh anuas ar chearta an duine nó ar chearta eagraíochta a gcás a thabhairt chun cúirte.

Más achomharc gan mhaith atá beartaithe ag An Taisce, is dualgas don Chúirt Achomhairc, an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt Eorpach an breithiúnas cuí a thabhairt ina gcoinne. Ba léir go mbeadh cáil na heagraíochta i gcontúirt dá rachfaí chun cinn leis an gcás, ó dúirt an Breitheamh Richard Humphreys san Ard-Chúirt gur bhain a ngearán dáiríre le polasaí an rialtais. Ní raibh ábhar ina gcás, a dúirt an breitheamh, ar a bhféadfaí dúshlán a bhunú in aghaidh chinneadh a rinne An Bord Pleanála.

Ní foláir cuimhneamh i gcónaí áfach ar dhualgas dlíthiúil na Cúirte Uachtaraí breithiúnais a thug cúirteanna eile a chur i leataobh má shíltear nár chuireadar an dlí agus an Bunreacht i bhfeidhm mar is cóir. Cuimhnigh freisin ar bhreithiúnas tábhachtach a thug an Chúirt Uachtarach anuraidh i gcás achomharc a bhain le cúrsaí comhshaoil.

Rialaigh an Chúirt Uachtarach (i gcás a chuir ‘Friends of the Irish     Environment’ faoina bráid) gur sháraigh straitéis chun astaíocht charbóin a mhaolú a d’fhoilsigh an rialtas in 2017 an t-acht aeráide a ritheadh in 2015 toisc go gceadódh sé méadú ar astaíocht.

Níl achomharc An Taisce in aghaidh bhreithiúnas na hArd-Chúirte cosúil leis an gcás sin ar go leor bealaí. Ach tarraingeoidh sé aird ar shocruithe agus ar roghanna tábhachtacha a sheachain an rialtas go dtí seo. Cé mhéad astaíocht charbóin a cheadóidh siad d’fheirmeoirí de réir straitéis an rialtais chun cur in aghaidh athrú aeráide?

An gceadófar méadú ar astaíocht talmhaíochta? Nó an ligfear d’fheirmeoirí leanacht ar aghaidh leis an leibhéal reatha? Nó an gcuirfear iachall orthu astaíocht a laghdú?

Ní bhaineann na roghanna seo le feirmeoirí amháin. Ach ní fada go dtiocfaidh an crú ar an tairne agus gan fonn ar mhórán an casúr a láimhseáil.

Focal scoir – achasán amú

Sa Dáil Dé Céadaoin, chuir an Taoiseach i leith Shinn Féin go raibh dhá dhearcadh ag an bpáirtí ar thógáil tithe sóisialta a bhí ag teacht salach ar a chéile. Bhí a leithéid á mholadh acu go ginearálta ach bhí siad ag cur ina gcoinne in áiteanna éagsúla.

Mar a rinne siad, a dúirt Micheál Martin, nuair a vótáil siad in aghaidh scéim a moladh i gceantar Bhóthar Oscar Traynor i mBaile Átha Cliath a chuirfeadh 400 teach sóisialta agus inacmhainne (nó ‘affordable’) ar fáil.

 Deir Sinn Féin go mbaineann comhlachtaí príobháideacha róbhrabach as scéimeanna dá leithéid, ach bhí freagra níos géire ag Mary Lou McDonald ar achasán an Taoisigh. Chuir sí i gcuimhne dó gur vótáil scata comhairleoirí ó Fhianna Fáil in aghaidh na scéime – in éineacht le Sinn Féin, an Lucht Oibre, an Comhaontas Glas, na Daonlathaigh Shóisialta agus Pobal Roimh Bhrabach (PbP).

Ceacht: ná caith cloch ná achasán gan a bheith cinnte roimh ré cé a bhuailfear.

Fág freagra ar 'Ba cheart breithiúnas ar chás An Taisce a fhágáil faoi na breithiúna'