Ba cheart ainm eile a thabhairt ar Pháirc Herzog i Ráth Garbh

Tugaimis onóir don phobal Giúdach a dhein an oiread sin ar son na hÉireann, ach ná tugaimis onóir do dhuine a chuir smál ar chlú na tíre seo

Ba cheart ainm eile a thabhairt ar Pháirc Herzog i Ráth Garbh

Ar chóir an stair a athscríobh? Ar chóir ainmneacha sráide is baile a choinneáil má thugann siad onóir dóibh siúd a bhí páirteach i gcur faoi chois na hÉireann nó ar siombail iad de riail na Sasanach ar an tír seo tráth?

Agus an cóir ainmneacha a tugadh gan chonspóid roimhe seo a athrú toisc go bhfuil tuairimí difriúla ann anois is go bhfuil conspóid ag baint le rud nár bhain aon chonspóid tráth leis?

Ní in Éirinn amháin atá díospóireacht faoi chultúr an chealaithe, ach cuireadh dlús faoi abhus ar ndóigh leis an gconspóid faoi Páirc Herzog i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath.

Ní dóigh liom go raibh aon chonspóid ag baint le hainm na páirce i 1995 nuair a nochtadh leacht in onóir do Chaim Herzog. Ní raibh dearcadh chomh cinnte ann an tráth sin faoi chearta na bPalaistíneach, agus cinnte, ní raibh aon eolas fairsing faoi ról Chaim Herzog féin i gcur faoi chois na bPalaistíneach.

Éireannach ó dhúchas a bhain ardghradam amach i dtír eile a bhí in Herzog, uachtarán ar Iosrael idir 1983-1993, is thaitin sé le daoine a mbród faoi sin a léiriú.

Ach anois tá i bhfad níos mó tuisceana ann faoi uafás Iosrael agus tá cinedhíothú ar siúl go soiléir os comhair ár gcuid súl in Gaza agus ar an mBruach Thiar. Breathnaíonn muid ar an scéal inniu agus an t-eolas sin againn agus cuireann sé as d’an-chuid daoine go bhfuil an tír seo ag tabhairt onóir do dhuine atá bainteach le stát Iosrael.

Ní hamháin sin, ach tá i bhfad níos mó eolais againn faoin ról faoi leith a d’imir Chaim Herzog sa scéal.

I ndiaidh chogadh 1967 ceapadh é ina ghobharnóir míleata ag Iosrael ar an mBruach Thiar gafa is ar Iarúsailéim Thoir. Bhí sé sa ról sin nuair a scriosadh seancheantar Mughrabi ar fad. Cuireadh na céadta teaghlach as an áit, is díbríodh 200,000 duine as Iarúsailéim ar fad.

Gabhadh na mílte, céasadh príosúnaigh is feallmharaíodh daoine a dhein iarracht seasamh amach i gcoinne na gabhála.

Agus ba é Chaim Herzog a bhí i gceannas ar an uafás sin.

Cinnte, agus a bhfuil ar eolas againn inniu, ní thabharfaí an onóir dó a tugadh i 1995.

Tháinig lucht cosanta Iosrael isteach sa scéal. Bhí an seanphort á sheinnt acu, gur frithSheimíteachas a bhí i gceist. Ach don dream seo is frith-Sheimíteachas aon cháineadh ar Iosrael, in ainneoin go bhfuil a lán Giúdach ag aontú leis an gcáineadh.

B’fhéidir gurb í an ghné is suaraí faoin gconspóid ná gur chuir an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris a ladar isteach sa scéal agus iad faiteach go mbainfí leas as i Meiriceá le cáineadh a dhéanamh orainn.

Tharraing oifigigh neamhthofa Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an moladh siar. Bhí leithscéal doiléir acu nár leanadh an cleachtas cuí le hathainmniú a dhéanamh ar an bpáirc, cé nach raibh i gceist ach an cleachtas céanna ar baineadh leas as i 1995 chun an pháirc a ainmniú ar dtús.

Ag deireadh thiar, an seasann muid leis na Palaistínigh nó nach seasann muid leo? Ní ceart go mbeadh aon ról ag Uachtarán Iosrael nó ag Seanadóir Meiriceánach ar bith in aon díospóireacht in Éirinn faoina leithéid.

Rinneadh iarracht an scéal a cheilt faoi thagairtí d’athair Chaim, Yitzhak Herzog, fear a sheas go dílis leis an bPoblacht le linn chogadh na saoirse agus a bhí ina chéad Ard-Raibí in Éirinn neamhspleách.

Tá onóir dlite do Yitzhak cinnte mar gheall air sin, agus is cuma má bhí dearcadh Síónach aige. Níor dhein sé aon ainghníomh. Dhein a mhac Chaim, is tá a gharmhac Yitzhak eile go hoscailte ag cosaint an chinedhíothaithe anois féin.

Tá stair luachmhar ag an bpobal Giúdach in Éirinn, is tá na mílte ainmneacha eile ar fáil don pháirc lena chinntiú nach gníomh frithGhiúdach nó frithSheimíteach a bheadh ann, ach gníomh i gcoinne éagóir Iosrael ar na Palaistínigh.

Ben Briscoe a thug airm isteach le linn chogadh na saoirse is a bhí ina ard-mhéara ar Bhaile Átha Cliath; an t-ealaíontóir Estella Solomons, a bhí ina ball de Chumann na mBan is a thug dídean d’Óglaigh a bhí ar a gcoimeád sa gcogadh; agus na céadta eile ón bpobal beag sin a dhein éacht mar Éireannaigh is mar Ghiúdaigh.

Is féidir linn a bheith bródúil as daoine mar iadsan. Ni féidir a thuilleadh a bheith bródúil as duine a ghlac páirt sna hainghníomhartha in aghaidh na bPalaistíneach.

Tugaimis onóir don phobal Giúdach a dhein an oiread sin ar son na hÉireann, ach ná tugaimis onóir do dhuine a chuir smál ar chlú na tíre seo.

Fág freagra ar 'Ba cheart ainm eile a thabhairt ar Pháirc Herzog i Ráth Garbh'