Ba bheag nár éag mo mham de bharr tonn teasa

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoi ghalar Alzheimer. An mhí seo: tá sé oibrithe amach ag eolaithe go mbíonn tonnta teasa na linne seo a thrí oiread níos marfaí ná mar a bheadh murach athrú na haeráide. Ba bheag nach ndeachaigh máthair ár gcolúnaí isteach sa staitistic sin

Ba bheag nár éag mo mham de bharr tonn teasa

Is annamh dhá thonn teasa san aon bhliain amháin sna bólaí seo, ach tharla sé i mbliana.

D’éirigh liom súp éigin a bhaint as an gcéad cheann, i ndeireadh mhí an Mheithimh agus i dtús mhí Iúil – faoiseamh ón teas á thabhairt agam féin agus ag cairde dá chéile sa ghairdín leis an bpíobán uisce, an cineál sin ruda.

Ach tháinig an dara tonn teasa, an tseachtain seo caite, idir mé agus codladh na hoíche agus suaimhneas an lae – ag breathnú ar aip na haimsire gach re nóiméad nó mar sin.

Ba é an chaoi go raibh drochthitim ag mo mháthair, a bhfuil cónaí uirthi in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu, coicís tar éis na chéad tonn teasa.

Níor bhris sí tada, ach baineadh geit chomh mór sin aisti nár shiúil sí oiread agus coiscéim ó shin.

Mar bharr ar an donas, ghéaraigh ar an dímhothú de bharr na geite a baineadh aisti, is é sin: díláthair na hintinne, éagumas iomlán teagmháil a dhéanamh – siomptóm de chuid galar Alzheimer a théann in olcas de réir mar a théann an galar chun cinn.

Sa leaba a bhíonn sí an chuid is mó den am, nó i gcathaoir rothaí má éiríonn leis an bhfoireann í a ardú den leaba.

Bíonn féachaint fholamh ina súile, ní thaispeánann a haghaidh aon mhothúcháin a thuilleadh, agus nuair a itheann sí an bia meilte a thugtar di nó nuair a ólann sí braon (as cupán speisialta a bhfuil sop mar chuid de), déanann sí sin go huathoibríoch. Druideann tú spúnóg lena béal, osclaíonn a béal agus slogann sí siar an bia meilte – ach gan í ‘ann’ ar chor ar bith.

Beo ar éigean atá mo mháthair, i bhfocail eile, agus ar mhí-ámharaí an tsaoil, sin é an cineál duine a fhaigheann bás go minic le linn tonn teasa.

Bíonn sé deacair an tionchar a bhíonn ag tonnta teasa ar an ráta báis a mheas, toisc nach ‘teas’ go hiondúil an chúis bháis a thuairiscítear nuair a éagann duine le linn tonn teasa, ach ‘taom croí’ nó cúis éigin eile.

Mar sin féin, tá sé oibrithe amach ag eolaithe de chuid World Weather Attribution, comharghrúpa domhanda d’áisíneachtaí aimsire agus aeráide, a scrúdaigh figiúirí ó 12 mórchathracha san Eoraip, go bhfuair 2,300 duine bás de bharr an teasa sna cathracha sin le linn an tonn teasa a bhuail an Eoraip i ndeireadh mhí an Mheithimh agus i dtús mhí Iúil 2025, agus gurbh é an t-athrú aeráide ba chúis leis sin. Dar leis na heolaithe, bhí an tonn teasa sin i dtús an tsamhraidh seo a thrí oiread níos marfaí ná mar a bheadh murach athrú na haeráide.

‘An bás an toradh a bhíonn ar an athrú aeráide,’ a mhíníonn Garyfallos Konstantinoudis de chuid Grantham Institute, aonad aeráide Imperial College London, ceann de na heagraíochtaí a raibh baint acu leis an taighde. ‘De bharr an athraithe aeráide, bíonn na tonnta teasa níos brúidiúla, agus cuireann sé sin brú as cuimse orthu siúd inár measc atá níos laige.’

Dhá scór bliain ó shin a tógadh an t-ionad cúraim ina bhfuil cónaí ar mo mháthair, i dtréimhse nuair nárbh é an teas ach an fuacht ba mhó a bhí ar a n-aigne ag ailtirí. Bíonn an foirgneamh plúchta agus níl córas aeroiriúnaithe i seomraí na n-othar.

An tseachtain seo caite – 29 gcéim Celsius a bhí an teocht – bhí doras, fuinneog agus cuirtíní troma sheomra mo mháthar dúnta ag an bhfoireann in iarracht an teas a choinneáil amach. Níor oibrigh an tseift. Ba gheall le hoigheann a bhí an seomra nuair a shiúil mé isteach agus dar liom nach raibh ach oiread na fríde idir í agus staitistic eile faoi rátaí báis agus cúrsaí aeráide.

D’oscail mé an fhuinneog, an doras agus na cuirtíní, chuir ceirtlín fliuch ar éadan mo mham agus thug uisce di as an gcupán speisialta sin.

An lá dár gcionn, thug mé aghaidh ar an ionad cúraim arís ag an am ba theo sa lá agus chaith an chuid is mó den tráthnóna ag faire lena taobh agus á fuarú, agus an lá ina dhiaidh sin arís. Ansin, ar ámharaí an tsaoil, d’athraigh an aimsir agus thit an teocht.

Níl aon chaighdeán saoil ag mo mham a thuilleadh. Táimid ar fad den tuairim nach aon ghar di a thuilleadh a bheith beo. Ach bás a fháil le linn tonn teasa, bruite ina leaba féin? Deireadh cineálta, chomh compordach agus is féidir atá tuillte aici, agus gan dabht ag chuile dhuine eile a bheadh sa bhád céanna.

Fág freagra ar 'Ba bheag nár éag mo mham de bharr tonn teasa'