Bá, bás bréige, seanchas agus uisce fé thalamh ar Inis Bó Finne

Cé nach raibh aon chonclúid choincréiteach i gceist le ‘Ar Iarraidh – Scéal Arthur Kingsley Porter’ clár pointeáilte, tomhaiste a bhí ann

Bá, bás bréige, seanchas agus uisce fé thalamh ar Inis Bó Finne

I 1933 d’imigh Arthur Kingsley Porter gan tásc ná tuairisc is é ar saoire ar Inis Bó Finne amach ó chósta Dhún na nGall. Ag an ionchoisne glacadh le tuairim a mhná céile, Lucy, gur thit sé le faill agus gur scuabadh a chorp chun siúil sa bhfarraige. Níor ghlac gach duine leis an léamh sin ar an scéal, áfach agus tá mistéir Porter mar chuid de sheanchas an oileáin anois. Thugas suntas de mhír áirithe in Ar Iarraidh – Scéal Arthur Kingsley Porter (TG4, Déardaoin) a léirigh cumhacht an tseanchais sin. Nochtadh leacht ar an oileán anuraidh i gcuimhne orthu siúd a raibh baint acu leis an oileán a bádh. Ní raibh ainm Porter greanta sa chloch.

Tá na scéalta seo cloiste ag an iriseoir Kevin Magee le blianta agus spreag sin é le breis tochailte a dhéanamh ar scéal an Mheiriceánaigh. Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit go raibh saol an mhadra bháin ag Kingsley Porter. Bhí breis agus a dhóthain de mhaoin an tsaoil aige, é sona sásta ina shaol pósta, ana cháil air mar sheandálaí agus post sócúl aige in Ollscoil mór le rá Harvard. Lena chois sin bhí Caisleán Ghleann Bheatha agus a thailte ina sheilbh. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach.

Téann Magee chun an oileáin le labhairt le muintir an oileáin. Seanchas faoin milliúnaí Meiriceánach seachadta ó ghlúin go glúin. Cuid de ag maíomh gur lig sé bás bréige ar féin, agus cuid eile de ag tabhairt le fios gur chuir sé lámh ina bhás féin. Ardaíonn Magee a sheolta go Meiriceá le cíoradh a dhéanamh ar shaol Porter ansan. Dreas maith cainte déanta le garnia Porter, Scott Arneill. É siúd den tuairim gur bás bréige a bhí i gceist agus é ag maíomh go raibh taithí farraige ag Porter óna óige rud a d’fhágfadh ná beadh timpiste farraige aige go neafaiseach agus go bhféadfadh sé éalú ó oileán.

Sé an bás bréige seo a shlogann cuid mhaith den chlár. Bhí teacht ag Magee ar cháipéisí pearsanta Porter, 35 bosca go hiomlán.

Tugadh le fios dúinn go raibh sé homaighnéasach, go mbíodh an galar dubhach air agus go raibh fadhbanna airgeadais aige. Nithe a spreagfadh an féinmharú agus bás bréige araon, b’fhéidir.

Chuaigh sé díom ar uairibh déanamh amach cé acu de na nithe seo a bhí úrnua agus cé acu a bhí ar eolas cheana. Ba thaitneamhach agus ba shuimiúil an turas uair an chloig a bhí ann, ach dá thaitneamhaí é ní rabhthas tagtha ar fhianaise nó conclúid choincréiteach faoi cheann scríbe.

Ina dhiaidh sin féin ba chlár pointeáilte, tomhaiste, dea-thógtha é agus caithfear a rá gur chuir meitheal an chláir an-dua orthu féin a chinntiú go raibh cuid mhaith den chlár as Gaeilge.

Sé Magee agus an comhlacht léiriúcháin céanna a bheith i mbun na sraithe, Iniúchadh TG4, sraith nua cúrsaí reatha an stáisiúin. Ní haon dóithín na iarracht seo agus is dea-chomharthaí san don tsraith úd.

Fág freagra ar 'Bá, bás bréige, seanchas agus uisce fé thalamh ar Inis Bó Finne'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Clár fíor-spéisiúil a bhí ann, ach níor tugadh aon eolas faoi bhean Kingsley, Lucy, ar deireadh: cá d’imigh sí agus cad a tharla di? Mar ba léir gurb ise a chum agus a d’eagraigh leagan “oifigiúil” a imeachta.