Athrú saoil i Sinn Féin agus O’Dowd ag tabhairt dúshlán O’Neill

Scéal mór ab ea fógra John O’Dowd go raibh sé chun dúshlán Michelle O’Neill a thabhairt do cheannaireacht Shinn Féin ó thuaidh agus is léir gur bhain sé croitheadh as bunaíocht an pháirtí

Athrú saoil i Sinn Féin agus O’Dowd ag tabhairt dúshlán O’Neill

Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland.

Iomaíocht oscailte ag Ard-Fheis Shinn Féin. Is annamh a tharlaíonn sé. Tabharfaidh an t-iarAire in Stormont, John O’Dowd dúshlán Michelle O’Neill don leas-uachtaránacht ag a gcomhdháil i mí na Samhna. Tá an páirtí a bhí gan chóir sna trí thoghcháin le bliain anuas le tástáil ar bhealach nua.

Gnáthchleachtas é seo i bpáirtithe eile ach tháinig sé aniar aduaidh ar Shinn Féin. An saol ag athrú, arsa feisire Parlaiminte dá gcuid a nocht díomá agus imní faoin gcinneadh, é míthráthúil ar sé agus baol ann go gcothódh sé míshocracht.

Baineadh stangadh as baill an pháirtí an lá deiridh den mhí seo caite nuair a dhearbhaigh an teachta tionóil O’Dowd an nuacht a bhí foilsithe san Belfast Telegraph. Is cosúil gur inis O’Dowd d’oifigigh an pháirtí cúpla lá roimhe sin é. Tá tacaíocht an pháirtí ina cheantar féin aige ach ní léir go fóill an bhfuil an neart bailithe aige chun an ceann is fearr a fháil ar an gceannaireacht.

Ní haon áibhéil é a rá nach bhfuil taithí ag Sinn Féin ar thoghcháin den chineál seo. Ba gheall le coisreacan é nuair a roghnaigh Martin McGuinness Michelle O’Neill mar chomharba air féin tráth a raibh sé ag éirí as oifig de bharr drochshláinte. Ní raibh iomaíocht ann ach an oiread nuair a tháinig Mary Lou McDonald i gcomharbacht ar Gerry Adams tar éis a réimis fhada.

Tá sé de nós ag Sinn Féin cruacheisteanna a phlé ag cruinnithe áitiúla chun a theacht ar phlean aontaithe le cur faoi bhráid chruinniú den Ard-Chomhairle. Rinne siad é go minic chun an bhallraíocht a bhreith leo i bpróiseas na síochána. Rinne siad é freisin i dtaca leis an gcinneadh conspóideach go dtabharfaidís tacaíocht don PSNI. Cé go raibh díospóireacht theasaí sa pháirtí agus gur bhris roinnt den lucht leanúna leo faoi cheist na póilíneachta bhí a fhios ag an gceannaireacht go mbeadh bua ollmhór acu faoin am ar shroich siad an Ard-Fheis.

Ní mar a chéile an cor seo. Scéal mór ab ea fógra O’Dowd agus is léir gur bhain sé croitheadh as an mbunaíocht sa pháirtí. Níl a chlár polasaí ná na cúiseanna atá aige leis an gcinneadh tugtha go poiblí ag an Teachta ón mBanna Uachtarach ach is léir gur míshástacht leis an status quo faoi ndear é. Iar–aire oideachais in Stormont is ea O’Dowd, duine de na daoine is ábalta sa pháirtí os comhair ceamara nó micreafóin; ba mhinic a ainmníodh é mar urlabhraí Shinn Féin nuair a bhí gá acu le duine a bheadh in ann déileáil le dianscrúdú faoi cheist íogair. Tá a fhios ag Michelle O’Neill mar sin gur céile comhraic láidir é a ‘comrádaí’ mar a thug sí ar O’Dowd.

Díol suntais ab ea an tost faoin scéal go dtí seo, an tost i measc daoine aitheanta sa pháirtí agus tost O’Dowd féin. Ag teacht le chéile bliantúil an pháirtí in aice leis an teorainn an tseachtain seo caite bhí gach éinne chomh dearfach sin faoi chinneadh ‘a gcomrádaí’ go sílfeá gur ag caint ar lúrabóg lárabóg a bhí siad murab ionann agus céim chinniúnach i ré nua.

Bhris feisire Parlaiminte Fhear Manach/Tír Eoghain Theas, Michelle Gildernew an tost ina dhiaidh sin. Dúirt sí leis an BBC go raibh sí ag tacú le John O’Dowd mar go raibh an riar scileanna aige don chéad dreas eile sa bhfeachtas. Ní raibh gearán ar bith aici faoi O’Neill, ar sí, ach bhí athrú de dhíth chun an páirtí a neartú. Taobh istigh de cheithre huaire fichead dúirt Francie Molloy, feisire as Lár Uladh – toghcheantar Michelle O’Neill freisin – go raibh díomá air faoi chinneadh Gildernew. B’aisteach leis a seasamh nuair atá an páirtí ag iarraidh mná óga a chur chun cinn, a dúirt sé. Mheas sé go raibh cinneadh O’Dowd míthráthúil mar nach raibh deis ag an gceannaireacht reatha iad féin a chruthú go fóill. Cé go bhfuil O’Neill i gceannas sa Tuaisceart le breis is dhá bhliain go leith ba é barúil Molloy nach raibh seans aici go fóill i ngeall ar an bhfolús in Stormont.

Ba chosúil go raibh tacaíocht ag O’Neill i mBéal Feirste agus i nDoire. D’fhógair Gerry Kelly agus Martina Anderson gurb ise a rogha ach cé is moite de Lár Uladh bhí tacaíocht ag O’Dowd faoin tuath.

Táthar ag maíomh nach n-éireoidh leis ach tá tábhacht leis an gcomórtas thairis cé a bhuafaidh é. Tá doras oscailte ag John O’Dowd. Mar a dúirt an feisire Molloy leis an BBC agus é ag moladh na seasmhachta a bhain le réimeas Gerry Adams, an ceannaire nár tugadh a dhúshlán ariamh, má osclaíonn tú an doras sin seans go mbeidh daoine eile ag iarraidh teacht tríd.

Bhí fiodmhagadh ar siúl go raibh Sinn Féin ag iompú ina ‘ghnáthpháirtí’. Ní léir cén líon de na baill a cheapann go bhfuil sé míthráthúil nó róluath ach is céim shuntasach é cinneadh John O’Dowd. Thrasnaigh sé an Rubicon.

Fág freagra ar 'Athrú saoil i Sinn Féin agus O’Dowd ag tabhairt dúshlán O’Neill'

  • Mochéirí

    An-alt. Scil ar leith ag Ní Chiaráin léiriú thar a bheith cuimsitheach a thabhairt ar scéal go sciobtha.