ASNC: ‘Níor chinneadh polaitiúil é deireadh a chur leis an deontas Líofa Lofa do theanga leipreacháin na bhFíníní’ – DUP

‘Ní bheidh sacéadach agus luaithreach, maith dom an fhoclaíocht, á gcaitheamh ag aon duine againne,’ a dúirt fear an DUP le Ar Son na Cúise

ASNC: ‘Níor chinneadh polaitiúil é deireadh a chur leis an deontas Líofa Lofa do theanga leipreacháin na bhFíníní’ – DUP

Tá sé deimhnithe ag urlabhraí de chuid an DUP go bhfuil dearcadh an pháirtí i leith na Gaeilge chomh “naimhdeach, binbeach, míréasúnta agus aineolach” is a bhí riamh.

Ag labhairt dó go heisiach le Ar Son na Cúise sular labhair sé le haon duine eile, fiú Cóilín Ó Neachtain ó RnaG, dúirt fear an DUP, in Ultais chomh binn sin go gcreidfeá gur teanga cheart a bhí inti, “nár chinneadh polaitiúil a bhí ann deireadh a chur leis an deontas Líofa Lofa do theanga leipreacháin na bhFíníní agus nár chinneadh polaitiúil a bhí ann an deontas a chur ar fáil arís do na bochtáin Chaitliceacha”.

“Níl ann ach gur aimsigh an tAire Givan €50,000 i seanchoire nach raibh in úsáid,” arsa an t-urlabhraí.

Shéan sé na ráflaí go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh go rachadh an tAire Pobal Paul Givan ar aistear foghlama teanga le hOideas Gael mar choinníoll le margadh chun Mífheidhmeannas Stormont a thabhairt slán.

“Ní bheidh sacéadach agus luaithreach, maith dom an fhoclaíocht, á gcaitheamh ag aon duine againne,” a dúirt fear an DUP.

Glacann na meáin ar fud an domhain leis gurbh é an cinneadh deireadh a chur leis an deontas €50,000 don scéim Líofa Lofa ‘buille maraithe na muice’ d’fheidhmeannas Stormont.

Dúirt an tráchtaire agus International Man of Mystery Frank Reidy le CNN gur léirigh an scéal an tábhacht a bhaineann le súil a choinneáil i gcónaí ar scéalta fánacha faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Idir an dá linn, is i ndeirge atá fearg mhínádúrtha neamhdhúchasach an dreama dheirg ag dul.

“Tá blianta fada ó bhí sé ina raic in iarthar Bhéal Feirste agus bhí deoir le mo shúil inné agus raic ar an seandéanamh ar bun ag Gaeil ar shráideanna na cathrach,” a dúirt duine de bhunaitheoirí an fheachtais, Fíorghael Ó Fál.

Tuairiscítear, áfach, go bhfuil grúpa eile bunaithe chun cur i gcoinne fheachtas an dreama dheirg.

Ar na hainmneacha atá á meas don ghrúpa nua, tá ‘Rua le Fuath’, ‘Oráiste cheal Coráiste’ agus ‘Buí le Droch-chroí’.

Fág freagra ar 'ASNC: ‘Níor chinneadh polaitiúil é deireadh a chur leis an deontas Líofa Lofa do theanga leipreacháin na bhFíníní’ – DUP'

  • Mise Áine

    :-)