Tá ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a chreideann gur chóir don stát níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge.
I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, dúirt 71% gur chóir don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge.
65% de na daoine a léirigh an tuairim sin nuair a cuireadh an cheist chéanna i bpobalbhreith a rinne Conradh na Gaeilge in 2021 agus 66% a bhí i gceist in 2018.
Bunaithe ar phobalbhreitheanna éagsúla le thart ar leathchéad bliain anuas, d’fhéadfadh gurb é céatadán na bliana seo an céatadán is mó daoine riamh a dúirt gur chóir tacaíocht stáit níos mó a thabhairt don Ghaeilge.
47% de dhaoine sa Tuaisceart a dúirt gur cheart níos mó tacaíocht stáit a thabhairt don Ghaeilge, i gcomparáid le 40% in 2021.
Tháinig ardú chomh maith ar chéatadán na ndaoine a bhí den tuairim gur chóir cabhrú le teaghlaigh leanaí a thógáil le Gaeilge, ó 48% in 2021 go dtí 57% in 2024.
43% a dúirt amhlaidh sa Tuaisceart.
I bhfianaise na pobalbhreithe, tá ardú suntasach tagtha ar chéatadán na ndaoine ó dheas ar mhaith leo go dtabharfaí níos mó tacaíochta don teanga, ach tá an tacaíocht sin ag dul i dtreise tráth go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na ndaoine a labhraíonn í mar theanga phobail.
De réir na ndaonáireamh, idir 2011-2022, tháinig laghdú 12.6% ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a deir go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Mar sin, cuirfidh torthaí na pobalbhreithe nua le cás lucht feachtais gur chóir don stát déanamh de réir mhianta an phobail agus tacaíocht níos mó a thabhairt don teanga.
Léiríonn na torthaí chomh maith go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine ó dheas atá patuar faoi chás na teanga, nó nach bhfuil aon tuairim acu bealach amháin nó bealach eile faoi cé acu ar cheart nó nár cheart tacaíocht bhreise a thabhairt di.
15% de dhaoine a thug le fios sa phobalbhreith nua nach raibh aon tuairim acu faoi cheist na tacaíochta stáit, i gcomparáid le 21% in 2021 agus 23% in 2018.
Bíodh is go bhfuil beagnach leath de dhaoine sa Tuaisceart ar son níos mó tacaíocht stáit a thabhairt don Ghaeilge, is cosúil ó thorthaí na pobalbhreithe nua gur ag éirí níos deighilte faoi cheist na Gaeilge atá an pobal ó thuaidh den teorainn.
42% de dhaoine a thug le fios sa phobalbhreith is déanaí nach raibh siad ar son breis tacaíochta a thabhairt don teanga, méadú suntasach ó 34% in 2021.
Tháinig laghdú mór leis ar chéatadán na ndaoine sa Tuaisceart a dúirt nach raibh aon tuairim acu faoin gceist, ó 26% in 2021 go dtí 11% in 2024, léiriú eile, b’fhéidir, go bhfuil daoine ag éirí níos diongbháilte ina gcuid tuairimí faoi cheist na Gaeilge.
43% de dhaoine sa Tuaisceart a thug le fios sa phobalbhreith is déanaí go raibh siad in aghaidh breis tacaíochta a thabhairt do theaghlaigh leanaí a thógáil trí Ghaeilge, méadú suntasach ó 33% in 2021.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Runaí Chonradh na Gaeilge, gur léir ó na figiúirí go bhfuil tacaíocht láidir i measc an phobail don Ghaeilge.
“Tá an tuairim sin iontach láidir ó dheas (71%), agus suntasach go maith ó thuaidh. Ní mór go mbeadh an Stát ag teacht leis sin ní hamháin sa mhéid a deir siad, ach sa mhéid a dhéanann siad chomh maith.
“Beidh Conradh na Gaeilge ag dul ar ais chuig an dá Rialtas leis na torthaí seo agus ag éileamh orthu arís an Plean Fáis, Plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta 2024- 2029, a mhaoiniú gan a thuilleadh moille.”
Foilseofar príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge mar shraith scéalta an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.
Rinneadh na hagallaimh ar líne don phobalbhreith i mí an Mheithimh, sa dá dhlínse, thuaidh agus theas.
Daoine a bhí 18 mbliana agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh ó thuaidh agus ó dheas. Rinneadh 1,759 agallamh ó dheas agus 1,051 agallamh ó thuaidh. Is é +/- 2.4% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.1% ó thuaidh.
Athraíodh modheolaíocht shuirbhéanna Chonradh na Gaeilge in 2020 de bharr phaindéim Covid-19. Chomh maith leis sin, Ireland Thinks a a rinne an phobalbhreith in 2023 agus in 2024, in áit Kantar a rinne an obair idir 2015-2022.
De bharr na ndifríochtaí sin, deirtear gur cheart a bheith cáiréiseach faoi chomparáidí a dhéanamh idir torthaí na pobalbhreithe nua agus na cinn eile.
Fág freagra ar 'Ardú mór ar líon na ndaoine a chreideann gur chóir níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge'