Ardmholadh do chúrsaí Gaeilge Oidhreacht Chorca Dhuibhne in alt ar shuíomh an Smithsonian

Deir saineolaí ar theangacha mionlaithe gur chóir cur chuige an chúrsa Gaeilge seachtaine a dhein sí i gCorca Dhuibhne a bheith ina ‘eiseamláir’ do chúrsaí eile

Ardmholadh do chúrsaí Gaeilge Oidhreacht Chorca Dhuibhne in alt ar shuíomh an Smithsonian

Tá ardmholadh faighte ag cúrsaí Gaeilge Oidhreacht Chorca Dhuibhne in alt le saineolaí mionteangacha ar shuíomh idirlín an Smithsonian.

San alt ar shuíomh an mhúsaeim agus institiúid taighde iomráiteach, deir Cassie Smith-Christmas, gur chóir go mbeadh cur chuige an chúrsa Gaeilge seachtaine a dhein sí i gCorca Dhuibhne ina “eiseamláir” do chúrsaí i dteangacha mionlaithe eile.

Deir an t-údar, atá i mbun taighde faoin nGaeilge don Smithsonian faoi láthair, gur thug lucht Oidhreacht Chorca Dhuibhne muinín di féin agus do na foghlaimeoirí a bhí ar an gcúrsa ina teannta an teanga a labhairt. Deir sí gur chuir lucht an chúrsa ar a gcumas “an chéim chriticiúil sin a thabhairt as an seomra ranga agus amach ag caint i measc an phobail”.

“Trí bhéim a chur ar an rud ‘áitiúil’ ag Oidhreacht Corca Dhuibhne, thug na háisitheoirí cumhacht agus misneach dúinne,” a scríobhann Smith-Christmas.

“Tugadh spreagadh dúinn i gcónaí an teanga a labhairt le pé duine a bhuaileadh linn, agus cuireadh béim air go ndéanann gach éinne dearmad, bíodh an duine sin ag labhairt a theanga dhúchais nó teanga eile…Ba léir chomh maith go raibh dua caite ag ceannaire ár gcúrsa le nascanna láidre a chothú le lucht gnó na háite ionas gur i nGaeilge de ghnáth a bheadh an teagmháil a bheadh againn leo,” a deir údar an ailt Language as a story: Learning Irish in Corca Dhuibhne.

Tuairiscíonn Smith-Christmas, arb as Virginia í ó dhúchas ach ar chainteoir Gàidhlig í a bhfuil PhD aici as Ollscoil Ghlaschú, gur bhuntáiste mór do na foghlaimeoirí ab ea an nasc a cruthaíodh ar an gcúrsa le muintir na háite.

“I mbaile beag amhail Baile an Fheirtéaraigh nach bhfuil ann ach ceithre phub agus siopa amháin, bíonn tionchar i bhfad níos mó aige seo ná díreach a a bheith ábalta béile a ordú i nGaeilge – a thúisce is a bhíonn a fhios ag daoine go bhfuil Gaeilge agat, bíonn nós acu labhairt leat i nGaeilge, agus de réir mar a chuireann tú aithne ar dhaoine ’sé is túisce a bheidh gnáthchomhráite i nGaeilge agat.

“Dá bharr sin, bíonn an bhraistint ag na foghlaimeoirí gur cuid de phobal iad, fiú mura bhfuil siad ann ach i gcomhair seachtaine.”

Bhí an t-údar an-thógtha go háirithe leis an tslí, a deir sí, a dhein lucht Oidhreacht Chorca Dhuibhne ‘scéal’ d’fhoghlaim na Gaeilge.

“Go hachomair, le linn an chúrsa go léir, ní hamháin gur cuireadh an teanga inár láthair mar scéal ach cuireadh ar ár gcumas a bheith inár gcuid den scéal chomh maith. Ba mhian leis na háisitheoirí go mbeimis rannpháirteach sa scéal seo.

“Ó mo thaithí féin, sin bealach an-chumhachtach chun teanga mhionlaithe a fhoghlaim, agus tá súil agam go mbainfidh lucht teangacha mionlaithe eile leas as an dearcadh seo agus iad ag gabháil do thograí dá leithéid.”

Is féidir alt Cassie Smith-Christmas a léamh anseo

Fág freagra ar 'Ardmholadh do chúrsaí Gaeilge Oidhreacht Chorca Dhuibhne in alt ar shuíomh an Smithsonian'

  • e BÁC 7

    Mo ghraidhn bhur gcnámha.

  • Eoin

    Do bhíos dalta sa chúrsa céanna chomh maith agus an ceart iomlán ag Cassie Smith Christmas. Is seoid den teanga bheo é agus thug muintir na háite fáilte agus fiche romhainn go léir a bheith páirteach sa scéal. Beimid thar n-ais!

  • Eoin

    Do bhíos i mo dhalta (dár ndóigh) :)