‘Ardaigh an fhuaim, a Donald Trump’ – bua stairiúil ag Zohran Mamdani i dtoghchán Nua-Eabhrac

Is é Zohran Mamdani an chéad Mhoslamach le bheith ina mhéara ar chúig bhuirg Nua-Eabhrac

‘Ardaigh an fhuaim, a Donald Trump’ – bua stairiúil ag Zohran Mamdani i dtoghchán Nua-Eabhrac

Tá Zohran Mamdani, sóisialach agus Daonlathach atá 34 bliain d’aois, tofa ina mhéara ar Nua-Eabhrac agus bua stairiúil aige i dtoghchán an lae inné. Is é Mamdani an chéad Mhoslamach atá le bheith ina mhéara ar chúig bhuirg Nua-Eabhrac.

Ina óráid i ndiaidh fhógra an toraidh, labhair Mamdani go díreach le hUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.

“Ó tharla go bhfuil a fhios agam go bhfuil tú ag féachaint air seo, tá ceithre fhocal agam duit: ardaigh an fhuaim tuilleadh,” arsa Mamdani.

Dúirt sé go mbeadh Nua-Eabhrac ina “lóchrann” sa “dorchadas polaitiúil” atá faoi láthair ann.  Tharraing sé chuige féin chomh maith líne as an óráid cháiliúil a thug an chéad phríomh-aire ar an India, Jawaharlal Nehru, nuair a bhain an tír sin saoirse amach ón mBreatain i 1947.

“Is annamh a thagann an uair sa stair a éirímid amach as an sean agus isteach sa nua,” a dúirt méara nua Nua-Eabhrac.

Gheall sé go gcuirfeadh sé deireadh le “polaitíocht na deighilte”.

Ócáid dhiamhair a bhí ann agus ríméad an domhain ar lucht tacaíochta Mamdani a bhailigh le chéile ar fud na cathrach chun ceiliúradh a dhéanamh ar a bhua stairiúil.

Chaith níos mó ná dhá mhilliún duine i Nua-Eabhrac a vóta, nach mór dúbailt líon na ndaoine a vótáil i dtoghchán an mhéara ceithre bliana ó shin.

Mamdani ba chúis leis an mborradh sin agus ba é an chéad iarrthóir ó 1969 ar éirigh leis níos mó ná milliún vóta a mhealladh.Bhí níos mó ná 50% den vóta ag an mball tionóil ó Queens.

An t-iarghobharnóir Andrew Cuomo a bhí sa dara háit le 40% agus 7% a bhí ag an bPoblachtánach Curtis Sliwa.

Beidh Mamdani ina 111ú méara ar Nua-Eabhrac agus is é an chéad mhéara ar an gcathair ar de bhunadh na hÁise Theas é. Is é an méara is óige ar Nua-Eabhrac le breis is céad bliain.

Bhí a fheachtas bunaithe ar ghealltanais maidir le reo cíosanna, tógáil tithe inacmhainne, an t-íosphá a ardú go dtí $30 san uair, saorthaisteal ar bhusanna agus cánacha níos airde ar na daoine is saibhre sa chathair.

Bhí buanna breátha eile ag an bPáirtí Daonlathach ar fud na tíre.

Toghadh an feisire Abigail Spanberger ina gobharnóir ar Virginia, an chéad uair riamh a toghadh bean sa ról sin.

In New Jersey bhuaigh bean eile Mikie Sherrill ar Jack Ciattarelli, toradh a d’fhág go raibh fuar ar na hiarrachtaí a bhí déanta ag Donald Trump an stát sin a ghabháil do na poblachtánaigh.

In California vótáil daoine ar son phlean Gavin Newsom go ndéanfaí na teorainneacha toghcheantair a leasú, vóta a thabharfaidh cúig shuíochán chomhdhála eile do na Daonlathaigh.

Fág freagra ar '‘Ardaigh an fhuaim, a Donald Trump’ – bua stairiúil ag Zohran Mamdani i dtoghchán Nua-Eabhrac'