Dhéanfadh gach rialtas leas na tíre gan stró dá staonfaidís ó bheartais a fhógairt…
(a) Nach bhfuil riachtanach.
(b) Nach ndéanann aon mhaith.
(c) Nach gcoinnítear i bhfeidhm.
Dúisíonn díth céille seo na bpolaiteoirí ceist réasúnta. Cén fáth nach seachnaíonn siad gníomhartha gan chiall? An freagra, i mbeagán focal: toisc go mbíonn cathú orthu go léir polasaí a fhógairt a mholfar go forleathan agus nach bhfuil aon chostas breise ná cur chuige nua ag baint leis.
Beidh sampla eile den díth céille seo lánfhollasach an tseachtain seo chugainn. Fógróidh an tAire Tithíochta beartais éagsúla chun déileáil leis an ngéarchéim tithíochta. I measc na mbeartas sin, mar a thug Harry McGee le fios san Irish Times Dé Céadaoin, beidh críoch leis an gcosc ar chónaí i mionárasáin nó ‘bedsits’.
Dála an scéil, níl focal cruinn Gaeilge cumtha fós mar aistriúchán ar ‘bedsit’. Ní oireann ‘mionárasán’ an fhoclóra toisc nach árasán beag atá faoi chaibidil anseo ach árasán ina bhfuil seomra amháin, in ionad seomra codlata agus seomra suí, agus gan aon seomra folctha neamhspleách ag an tionónta.
Tá an leagan nua árasán ‘suí-agus-luí’ cumtha ag scríbhneoir an cholúin seo mar réiteach sealadach ar an fhadhb aistriúcháin. Árasán ‘suí-agus-luí’ a úsáidfear mar sin chun míchruinneas nó míthuiscint a sheachaint.
Bhí Fianna Fáil agus na Glasaigh i mbun rialtais nuair a fógraíodh in 2009 go mbeadh cosc ó 2013 ar chónaí in árasáin suí-agus-luí. Bhí Fine Gael agus an Lucht Oibre i gceannas nuair a cuireadh an cosc i bhfeidhm in 2013.
Bhí sé soiléir idir an dá linn go raibh an tionscal tógála ina lánstad agus go mbeadh ganntanas dídine ag bagairt sula fada. Ainneoin na fianaise, dúirt airí sa dá rialtas agus urlabhraithe ó eagrais éagsúla gur chóir dul chun cinn leis an gcosc.
Ba léir meascán mearaí ó thús i bhformhór na ráiteas inar moladh an cosc. Dúradh go raibh dídean agus spás ar ardchaighdeán tuillte ag gach duine, agus go raibh sé thar am mar sin deireadh a chur le droch-chaighdeáin mhaireachtála sna hárasáin suí-agus-luí. Glacadh leis go forleathan nach bhféadfaí dídean ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine a raibh cónaí orthu i seomra amháin, cé go raibh agus go bhfuil a leithéid ar fáil i mórán tíortha eile.
Níl áit suí-agus-luí i seomra amháin sásúil ar ndóigh, ach ní hionann é agus droch-chaighdeán dídine ar chóir é a chosc. Níor tugadh aird mar ba chóir ar an mbunfhadhb: easpa árasán nó tithe ar chíos réasúnta.
Pé scéal é, cuireadh an cosc i bhfeidhm ceithre bliana ó shin. Mhol an Tánaiste Joan Burton athbhreithniú air in 2014, tar éis d’fhear gan dídean Jonathan Corrie bás a fháil ar shráid i lár Bhaile Átha Cliath. Coinníodh an cosc i bhfeidhm.
Chuaigh líon na ndaoine gan dídean i méid arís, agus arís, agus arís. Gheall an tAire Comhshaoil Simon Coveney in 2016 nach mbeadh daoine gan dídean ag cur fúthu in óstáin ná in iostais éigeandála faoi lár na bliana seo. Níor chomhlíon sé a gheallúint. Choinnigh sé an cosc i bhfeidhm.
Tá thart ar 8,000 duine (2,895 páiste ina measc) ag cur fúthu i dtithe ósta de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí.
Chuaigh aire nua tithíochta nua i mbun oibre nuair a toghadh Leo Varadkar mar Thaoiseach i Meitheamh na bliana seo. Is mar chuid den chur chuige nua atá geallta ag Eoghan Murphy a chuirfidh sé deireadh leis an gcosc ar árasáin suí-agus-luí an tseachtain seo chugainn.
Ní réiteoidh cealú an choisc ach sciar beag den fhadhb mhór tithíochta atá ag dul i dtreise in aghaidh an lae. Ach léireoidh an cealú arís eile go gcasann gach roth luath nó mall, fiú amháin roth na díth céille.
Fág freagra ar 'Árasáin suí-agus-luí le ceadú arís, ach an fhadhb tithíochta ag dul in olcas i gcónaí'