Ar an mBóthar Beag a bheas an cluiche is mó

Bí ag súil le himirt d’ardchaighdeán an Satharn beag seo agus na cúigí ag tabhairt faoina chéile arís

Ar an mBóthar Beag a bheas an cluiche is mó

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Babhta 13 Pro 14

Tá léargas á fháil againn le coicís anuas ar cé chomh folláin agus atá cúrsaí rugbaí na tíre seo, an cluiche gairmiúil go háirithe.

Tá ceithre cinn de na sé chluiche idirchúige a bhíonn á n-imirt ag an tráth seo chuile bhliain thart agus níl aon dabht ann ach go raibh siad uilig thar cionn ar fad. Thug Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht léargas dúinn ar an tábhacht atá ag baint le bua i bhfochomórtas na nGael sa Pro 14 nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Chuige Laighean agus ar Chúige Uladh faoi seach. Cinnte bhí an dá fhoireann bhuacacha ag imirt sa mbaile ach mar sin féin bhí siad i bhfad níos fearr ná an freasúra i ngach gné den imirt. Bhí an lá leo sna seastáin freisin, áit a raibh a lucht leanta dílis thar a bheith glórach ó thús go deireadh na gcluichí. Seans maith go leanfar le himirt den ardchaighdeán céanna arís an Satharn beag seo agus na cúigí ag tabhairt faoina chéile arís. 

Fearfaidh Cúige Laighean fáilte chuig an RDS roimh Chúige Uladh sa gcéad chluiche. Tá na foirne seo sa ngrúpa céanna den Pro 14, sin Grúpa B, áit a bhfuil foireann Átha Cliath ar a bharr le 49 pointe. Sa dara háit atá na hUltaigh ach tá bearna ollmhór de shé phointe dhéag idir an dá fhoireann. Is deacair bua a thuar do na cuairteoirí, go háirithe agus Cúige Laighean ag iarraidh maithiúnais óna lucht leanta ar an mí-iompar a chonaic muid uathu i Luimneach seachtain ó shin. Seans dá bhrí sin go mbeidh muid ag breathnú ar bhua le ceithre úd ó churaidh an chomórtais.

I mo thuairimse is ar an mBóthar Beag a bheas an iomaíocht is géire an deireadh seachtaine seo, idir Cúige Connacht agus Cúige Mumhan. Is cinnte go mbeidh an dá fhoireann seo ag iarraidh tógáil ar an mbua iontach a bhí acu araon an deireadh seachtaine seo caite. Ní hamháin sin, ach níl ach trí phointe idir an dá fhoireann ar thábla Ghrúpa A den Pro 14, áit a bhfuil Cúige Mumhan sa dara háit ar 39 pointe agus fir na Gaillimhe sa tríú háit ar 36 pointe. Fágann sin ábhar iontach do shárchoimhlint idir na foirne seo. Is beag an t-iontas mar sin go bhfuil na ticéid don Bhóthar Beag díolta le fada an lá. Tá drogall ormsa toradh a thuar, seachas a rá go mbíonn an rath go minic ar na Connachtaigh agus iad sa mbaile.

Fiú agus tábhacht mhór ag baint le cluichí an deireadh seachtaine seo, is cinnte go mbeidh leathshúil ag chuile bhainisteoir an na cluichí mór Eorpacha atá le n-imirt faoi cheann seachtaine. Caithfidh na foirne ar fad scíth a thabhairt do go leor imreoirí sinsearacha mar réiteach do na coimhlintí sin. Is cinnte go mbeidh tionchar ag an gcinneadh sin ar chluichí an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Ar an mBóthar Beag a bheas an cluiche is mó'