Ó fuair an DUP léasadh in olltoghchán Westminster anuraidh tá ceannaire an pháirtí sin ag casaoid faoin dochar a dhéanann sé dá gcúis an iomarca páirtithe nó grúpaí aontachtacha a bheith san iomaíocht. Nach ait an mac an stair. Chuirfeadh sé na cait ag gáirí, dar le cuid de sheanfhondúirí an UUP ar cuimhin leo rómhaith an feachtas a rith bunaitheoir an DUP, Ian Paisley in aghaidh na monailite ar chuir sé roimhe í a scrios.
Mar sin féin is minic port an aontais le haghaidh toghcháin ag ionadaithe aontachtacha. Ina theachtaireacht chuig na fíréin le haghaidh lá na nOráisteach, an 12 Iúil, leag ceannaire an DUP, Gavin Robinson béim ar an damáiste a dhéanann deighilt eatarthu féin; ‘ní neart go cur le chéile’ a fhocal faire.
Ní hé ceannaire an DUP an t-aon duine atá buartha faoi na scoilteanna idir aontachtaithe. Seoladh suirbhé ar líne an mhí seo ag iarraidh ar an gcosmhuintir aontachtach a dtuairimí a nochtadh faoin gcur chuige is bisiúla chun stop a chur le meath an aontachtachais. Teastaíonn ón lucht eagair plean a aontú chun go bhféadfaí an Chéad-Aireacht a bhaint ar ais ó Shinn Féin i dtoghchán an Tionóil in 2027. Teastaíonn uathu chomh maith líon na bhfeisirí Parlaiminte agus na gComhairleoirí a mhéadú sna comórtais atá amach romhainn.
Eagraíocht darb ainm Uniting UK atá i mbun an fheachtais. Duine de na bunaitheoirí, an Comhairleoir UUP don Dún Thuaidh agus na hArda, Philip Smith, a d’eagraigh an suirbhé ar féidir é a aimsiú anseo.
Deir sé le lucht tacaíochta na Ríochta Aontaithe abhus go bhfuil náisiúnaithe lándáiríre nuair a deir siad go bhfuil reifreann faoin teorainn dosheachanta. Ní mór d’aontachtaithe a bheith lándáiríre i gcoinne an fheachtais sin, ar sé. Léiríonn sé scoilteadh an vóta le torthaí na pobalbhreithe is deireanaí a dúirt go raibh 18% ag DUP, agus 12% ag an UUP agus an TUV araon. ‘Ba é roinnt na vótaí ar an mbealach sin a thug an Chéad-Aireacht in Stormont do Michelle O’Neill ach ní gá gur mar sin a bheadh,’ ar sé. Táthar ag súil go léireoidh na freagraí a gheobhaidh siad ar an suirbhé gur chun tairbhe dóibh aontas de chineál éicint a dhéanamh eatarthu. Ach cén sórt?
Is fíor dóibh go bhfuil níos mó suíochán ag aontachtaithe in Stormont ná mar atá ag náisiúnaithe. In 2022 toghadh 37 aontachtach, idir DUP 25, UUP 9, TUV 1 agus Neamhspleáigh 2. Ba é Sinn Féin an páirtí ba mhó le 27 Teachta, bhí 8 ag SDLP, sin 35 náisiúnach. Nuair a bunaíodh an Tionól i dtosach bheadh aontachtaithe i dteideal na chéad-aireachta bunaithe ar na figiúirí sin mar gurbh é an grúpa ba mhó é. Ach d’aontaigh an DUP, SF agus an dá rialtas i gCill Rímhinn nach ar neart na ngrúpaí a roghnófaí an chéad agus an leaschéad-aire feasta ach ar neart na bpáirtithe.
Ag an am sin bhí an dá phríomhpháirtí ag súil go n-éireodh leo a gcéilí comhraic ar a dtaobh féin a shlogadh. Mhair an UUP agus SDLP áfach, más go tréithlag féin é. Agus i gcás an DUP is uathusan a scoilt an TUV. Slat a bhain siad féin a bhuail an buille ar an DUP a cheil an chéad-aireacht orthu in 2022.
Cén fáth a n-aontódh SF anois go bhfillfí ar an seanreacht chun go mbainfeadh an DUP an chéad-aireacht díobh?
Bíonn luí go minic ag aontachtaithe le margadh réamhthoghcháin i gcás Westminster, is fearr a oireann córas ‘an chéad duine abhaile’ do mhargadh chun an taobh eile a choinneáil amach. Ach cé a bhainfeadh buntáiste as aontú le haghaidh Stormont nó na Comhairlí? Ceist achrannach í sin. An gcaithfeadh páirtí/páirtithe eile géilleadh don pháirtí is mó, an DUP, chun go gcáileofaí don chéad-aireacht dá mbeadh an uimhríocht ina bhfabhar?
Cén fáth a ndéanfadh an TUV margadh leis an DUP le haghaidh Stormont? Ní aontaíonn an TUV le roinnt na cumhachta le Sinn Féin. Thairis sin maíonn siad go bhfuil siadsan ag fás agus an DUP ag dul i laige. Cé aige a mbeadh tosaíocht? Tá cúpla duine san UUP a mbeadh bá acu le margadh, de shórt, leis an DUP, faoi chomhcheannairí b’fhéidir. Tá cúpla duine eile gur cosúil nach ndrannfadh siad leis áfach, luachanna difriúla acu; agus ní féidir faltanas na sean-aimsire a chur as an áireamh.
Dá ndéanfaí an t-aontú, an mbeadh rath air? An ngríosódh sé níos mó náisiúnaithe amach chun vótáil do SF, fiú más léir gur beag meas atá acu ar an bhFeidhmeannas agus an Tionól? Is minice ná a mhalairt vóta náisiúnach a bheith méadaithe chun cosa a chur i dtaca in aghaidh mhargadh aontais ag aontachtaithe.
Tá borradh faoin ngluaiseacht chun aontachtaithe a atheagrú ach cá bhfios cén toradh a bheas air. Mairfidh an suirbhé ar feadh an tsamhraidh ach ní ribín réidh a bheidh ann a chuspóir a bhaint amach.
Fág freagra ar 'Aontú na nAontachtach – an bhfuil sé indéanta?'