Anois teacht Scoil Cheoil an Earraigh…

Tá féasta ceoil agus amhránaíochta chugainn ag Scoil Cheoil na Feabhra i gCorca Dhuibhne i mbliana

Breanndán Ó Beaglaoich
Breanndán Ó Beaglaoich

Beidh Scoil Cheoil an Earraigh 2015 faoi lánseol an Chéadaoin seo chugainn, an 18 Feabhra.

Féile bhliantúil í seo a bhíonn ar siúl i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí. Ceiliúradh ar cheol traidisiúnta na tíre seo atá ann agus bíonn idir cheardlanna amhránaíochta, cheolchoirmeacha, léachtaí, seisiúin, siúlóidí, ciorcail chomhrá, taispeántais agus go leor eile ar siúl ann.

Beidh caint ar logainmneacha Chorca Dhuibhne le Breandán Ó Cíobháin i mbliana mar aon le ‘Ceol sa Chaifé’ i gceárta Louis Mulcahy i mBaile an Fheirtéaraigh.

Síle Denvir
Síle Denvir

Anuas air sin, beidh dhá cheolchoirm i Halla na Feothanaí oíche Dé Aoine agus oíche Dé Sathairn i gcuideachta leithéidí Steve Cooney agus Séamus Ó Beaglaoích, Brendan Power, Harry Bradley, agus a lán eile nach iad.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt an ceoltóir iomráiteach Breanndán Ó Beaglaoich, duine de stiúrthóirí na Scoile, go mbeifí ag díriú ar na hamhráin thar aon ní eile i mbliana, agus ar an gceangal idir Éirinn agus Albain go mórmhór.

A fhianaise sin na cainteanna a bheidh á dtabhairt in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin tráthnóna Déardaoin, mar a gcloisfear Síle Denvir, Maighread Stiúbhart agus Thomas McCarthy ag tabhairt cuntais uatha ar thraidisiún amhránaíochta an dá thír.

Mhínigh fear na Feothanaí do Tuairisc.ie gur de bhunadh an lucht siúil McCarthy agus go gcaithfeadh duine a bheith in aon seomra leis chun go dtuigfeadh sé a fheabhas amhránaíochta agus binneas a ghutha a bhlaiseadh mar is ceart, agus gurbh fhiú do dhaoine bheith i láthair chun éisteacht leis.

Tá an Scoil féin ag dul ó neart go neart agus níos mó daoine le feiscint ann gach aon bhliain. “Táimid ag súil go mór leis”, arsa Ó Beaglaoich; “is é is tábhachtaí anois ná coimeád leis agus aos óg na dúichí a thabhairt linn”.

Is féidir clárú do ranganna agus imeachtaí ach glaoch ar 086 818 5964 nó ríomhphost a chur chuig eolas@scoilcheoil.com

Tá an t-eolas ar fad i dtaobh na Scoile le fáil ar www.scoilcheoil.com.

– Scoil Cheoil an Earraigh, 18 – 22 Feabhra 2015, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí

 

Fág freagra ar 'Anois teacht Scoil Cheoil an Earraigh…'