Anois nó riamh do Thiobraid Árann agus na Déise in ard a meanman

Tharla an chéad bhua gan choinne sa chraobh Dé Sathairn seo caite i mBéal Feirste nuair a nocht Aontroim (ar thug na Cait greadadh dóibh sa chéad bhabhta) a gcumas buachan ar Loch Garman in ainneoin iad a bheith seacht gcúilín chun deiridh ag tosach an dara leath. Éacht. D’fhág cúil ó Niall McKenna agus […]

Anois nó riamh do Thiobraid Árann agus na Déise in ard a meanman

Tharla an chéad bhua gan choinne sa chraobh Dé Sathairn seo caite i mBéal Feirste nuair a nocht Aontroim (ar thug na Cait greadadh dóibh sa chéad bhabhta) a gcumas buachan ar Loch Garman in ainneoin iad a bheith seacht gcúilín chun deiridh ag tosach an dara leath. Éacht.

D’fhág cúil ó Niall McKenna agus Seán Elliott cothrom iad sarar scóráil Gerard Walsh agus Conal Cunning cúilíní an bhua. B’in an dara seachtain ar chaill na Carmannaigh nuair a bhí farasbarr mór go leor acu. Anois tá an-bhrú orthu agus an Ghaillimh ar cuairt chucu inniu. Sa tsraith bhíodar an-mhaith sa chéad chúpla cluiche agus iad ábalta a gceann a choinneáil os cionn uisce agus ansin críochnú go láidir, ach ó bhuaigh Corcaigh orthu sa chluiche deireanach tá ‘rud’ éigin in easnamh orthu. Tá cuid dá muinín agus dá misneach caillte acu.

Agus tá an lasair sa bharrach anois. Le cúpla bliain anuas tá bua gan choinne faighte acu sa chraobh. Tá an Ghaillimh ag teacht chucu agus trí phointe acu. An Domhnach seo caite, bhí an t-ádh ar na Gaillimhigh an comhscór a fháil sa bhaile. Cheapas go raibh Cill Chainnigh níos fearr ach a bhuíochas do dhá chúl, choimeád an Ghaillimh iad féin san iomaíocht.

Tá taispeántas ollmhór ag teastáil ó na Carmannaigh chun iad féin a choimeád sa chomórtas agus tá níos mó tacaíochta ag teastáil ó Lee Chin ó na himreoirí eile. Tá an iomad I bhfad ag brath ar Chin agus gan taispeántas foirne láidir sa bhaile, beidh rás Loch Garman rite go luath.

Cad é mar cluiche a bhí againn i Supervalu Páirc Uí Chaoimh an Domhnach seo caite. Bhí gach a bhfuil le moladh faoin spórt iontach seo ansin. Bhí tuile agus trá san imirt go dtí an deireadh. Leathshlí tríd cheapamar go mbeadh an lá le Corcaigh. Ceathrú uaire ina dhiaidh sin, bhí athrú poirt againn agus farasbarr sé chúilín ag an gClár. Agus daoine ag fágáil na staide, scóráil Corcaigh cúl déanach ach níorbh leor é. B’iontach an cluiche é ach bhíomar díomách go leor cois Laoi agus sinn ag siúl suas an Marina.

Sa chluiche eile sa Mhumhain bhí Luimneach ina máistrí i gcoinne na dTiobraid Árannach. Ach bhí drochbhlas de shórt ar an deireadh nuair a d’fhulaing an tosaí iontach Peter Casey drochghortú. Tá súil againn go léir go bhfeicfimid ceann de dhraoithe na hiomána ar ais ar pháirc na himeartha arís.

Ach céard faoi na Tiobraid Árannaigh? An é go rabhadar go dona nó go raibh Luimneach go hiontach, nó meascán den dá rud? Sí an fhírinne lom ná go raibh cúig chúilín déag idir na foirne ag an deireadh. Déarfainn go raibh cúrsaí ciúin (nó teasaí) i seomra feistis na dTiobraid Árannach i ndiaidh an taispeántais sin. Ach (agus beidh sé an-deacair), caithfidh siad iad féin a a mhúscailt arís chun an séasúr a choimeád beo dóibh féinig agus dá leantóirí. Ag deireadh an lae níl ach cluiche amháin caillte acu.

Déarfainn go raibh atmaisféar breá dearfach ag traenáil na nDéise le coicís anuas. Níor tugadh mórán seans dóibh roimh a gcéad chluiche i gcoinne Chorcaí ach bhíodar chun tosaigh ó chúl Jamie Barron dhá nóiméad isteach sa chluiche go dtí an fhead deiridh. Agus cad é mar thaispeántas a thug Barron ina 100ú cluiche don chontae.

Mar is dual dó, bhí cúrsaí á stiúradh go cumasach aige ó lár na páirce. Agus bhí cabhair aige ar fud na páirce, go háirithe ó leithéidí Dessie Hutchinson, a thóg na pocanna saora, Calum Lyons, Michael Kiely, Jack Prendergast, Darragh Lyons agus Neil Montgomery. Bhí sé go hiontach Tadhg De Búrca a fheiceáil ar ais ar pháirc na himeartha i ndiaidh na ndrochghortuithe go léir.

Tá siad sa bhaile arís inniu agus Tiobraid Árann chucu. Táim ag súil le cath.

Fág freagra ar 'Anois nó riamh do Thiobraid Árann agus na Déise in ard a meanman'