Anois nó riamh do Chúige Chonnacht más áil leo cáiliú

Tá deis iontach ag Cúige Chonnacht bua maith a fháil Dé Domhnaigh agus ba chóir go bhfaigheadh Cúige Mumhan agus Cúige Laighean bua eile roimhe sin

Anois nó riamh do Chúige Chonnacht más áil leo cáiliú

Niall Murray le Luke Crosbie. Pictiúr: Craig Watson

Dá mba ag tagairt don Pro 14 amháin a bheifeá, ba iad na Connachtaigh an t-aon fhoireann as Éirinn nár éirigh leo an deireadh seachtaine seo caite.

Thuig muid ar fad go raibh dúshlán mór lé sárú acu in nDún Éideann ach is cinnte go mbeidh siad thar a bheith díomách nár éirigh leo an pointe bónais cailliúna féin a fháil in ainneoin a gcuid tréaniarrachtaí. Fágann sin go bhfuil siad sa gceathrú háit i nGrúpa B agus na Scarlets chun cinn orthu. Mar sin féin is cinnte go mbeidh deis iontach acu rudaí a chur ina gceart an Domhnach seo agus iad as baile san Afraic Theas in aghaidh na Southern Kings, foireann atá i bhfad siar ar íochtar an ghrúpa sa seachtú háit.

Tá sé chomh simplí leis seo- caithfidh fir na Gaillimhe chuile leas a bhaint as na cluichí i gcoinne na bhfoirne laga más leo seans ar bith a bheith acu a bheith sa tríú háit nó níos airde ach a gcríochnóidh na réamhbhabhtaí seo.

Ach roimh dhúshlán sin na gConnachtach ar an Domhnach, cuirfidh Cúige Laighean, foireann nár chaill cluiche amháin féin in aon chomórtas an séasúr seo, chun páirce anocht i gcoinne Ghlaschú. Tá na foirne seo i nGrúpa A agus cé go bhfuil Glaschú sa tríú háit ar an tábla, tá 22 pointe idir iad féin agus na Laighnigh, an fhoireann atá ar a bharr. Ábhar iontais a bheadh ann dá dteipfeadh ar fhoireann Leo Cullen cúig cinn de phointí sraithe a fháil anocht.

Bhí mé cinnte nach mbeadh aon stró ar na hUltaigh agus iadsan as baile san Iodáil in aghaidh fhoireann Treviso, ach tá an cluiche sin ar athló anois de dheasca an choróinvíreas. Níl aon scéala againn fós faoi aon chinneadh a bheith á ghlacadh ag lucht bainistíochta an Pro 14 maidir lena gcur chuige i leith an víris seo.

Cuirfidh na Muimhnigh fáilte go Luimneach roimh na Scarlets amárach, Dé Sathairn. Fiú leis an spreagadh iontach a fuair foireann na Breataine Bige óna mbua 36-17 i gcoinne na Kings san Afraic Theas i mBabhta 12, is deacair bua eile as baile a thuar dóibh amárach. Tá na Muimhnigh áit amháin chun cinn orthu i nGrúpa B agus seans gur ann a fhanfaidh siad.

Cuimhnigh nach bhfuil fágtha ag na Muimhnigh ach an comórtas seo. Ní ghéillfidh siad tada go héasca sna naoi gcluiche atá fós le himirt i réamhbhabhtaí an Pro 14.  

Bua eile do na Muimhnigh.

Fág freagra ar 'Anois nó riamh do Chúige Chonnacht más áil leo cáiliú'