Andy Farrell ag iarraidh freastal ar dhá dhúshlán san Afraic Theas

In ainneoin nár éirigh leis na hÉireannaigh na babhtaí leathcheannais de Chorn an Domhain a bhaint amach, tá siad fós sa dara háit ar domhan, díreach taobh thiar den Afraic Theas

Andy Farrell ag iarraidh freastal ar dhá dhúshlán san Afraic Theas

Andy Farrell. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Ní haon ábhar iontais go raibh Johan ‘Rassie’ Erasmus, oiliúnóir sinsearach na hAfraice Theas, ag moladh fhoireann rugbaí na hÉireann chomh luath agus a chuir siad cos ar talamh i Johannesburg do chuairt dhá chluiche i gcoinne na Springboks.

Ní fhágann Rassie imirt an chluiche faoi na himreoirí amháin.  Tá seanchleachtadh againn ar a chuid cleasaíochta agus é ag úsáid chuile chleas dá bhfuil ann le brú a chur ar fhreasúra na hAfraice Theas is cuma an cluiche sa gcorn domhanda nó  cluiche dúshláin mar a bheas á imirt inniu a bhíonn i gceist. Is breá leis an tsíceolaíocht, é i gcónaí ag déanamh ráitis sna meáin ag moladh nó ag cáineadh foirne, imreoirí agus réiteoirí agus leas na hAfraice Theas ar a intinn aige i gcónaí.

B’fhéidir go bhfuil an ceart aige.   In ainneoin nár éirigh leis na hÉireannaigh na babhtaí leathcheannais de Chorn an Domhain a bhaint amach anuraidh, fós féin is iad atá sa dara háit i rangú fhoirne rugbaí an domhain, díreach taobh thiar den Afraic Theas, curaidh an chomórtais sin.  Cuimhnigh freisin gurb í foireann na hÉireann an t-aon fhoireann a chloígh an Afraic Theas (13- 8) sa bhFrainc anuraidh. Ach i ndeireadh na dála, is iad na Springboks a d’ardaigh an chraobh leo agus iad faoi stiúir Rassie agus a gcaptaen Siyamthanda ‘Siya’ Kolisi, díreach mar atá siad arís don dá chluiche seo.

Sea, is díoltas amháin atá ar intinn na hAfraice Theas, bí cinnte de sin. Is cinnte freisin go bhfuil chuile bhuntáiste ag na Springboks, in ainneoin mholadh Erasmus. Is iad curaidh an domhain faoi láthair agus tá buntáiste an bhaile acu agus iad ag imirt an chéad mhórchluiche seo ag thalamh ard Staid Loftus Versefld in Pretoria. Dála an scéil, seo í an staid chéanna inar chaill Cúige Laighean i gcoinne na mBulls i mbabhta ceathrú ceannais an URC trí seachtaine ó shin. Fuair paca Laighean, ina raibh go leor do imreoirí na hÉireann ag imirt,  greadadh uafásach ó phaca na mBulls ar an lá sin. Cúis imní gan aon dabht.

Ní gá dá bhrí sin mórán a rá faoi fhoireann na hAfraice Theas don choimhlint seo, seachas a dheimhniú go bhfuil foireann an-láidir á cur chun páirce acu.

Maidir le rogha Andy Farrell, is léir go bhfuil sé ag iarraidh freastal ar dhá dhúshlán. I dtosach, tá sé ar thóir bua ach tá sé ag úsáid an turas dhá chluiche seo freisin le deis a thabhairt d’imreoirí atá ar bheagán taithí ag an leibhéal seo. Ní minic a bhíonn an lá le foirne agus iad sa mbád sin.

Cuimhnigh go raibh Johnny Sexton ag imirt an babhta deiridh ar bhuail muid na Boks agus ba é Ross Byrne a bhí mar chlúdach aige an lá sin. Níl ceachtar acu sa bpainéal don turas seo. Fágann sin brú damanta ar Jack Crowley agus é ag iarraidh an nasc sin idir na tosaithe agus cúlaithe a chinntiú agus gan Jamison Gibson Park ag tacú leis, gan trácht ar an gcúigear imreoirí déag ón Afraic Theas a bheidh ag díriú isteach go fíochmhar ar an bhfear bocht. Mar go bhfuil Hugo Keenan, ár lánchúlaí buan ag imirt leis an bhfoireann seachtar an taobh sna Cluichí Oilimpeacha, tá ceisteanna móra ann maidir le  Jamie Osborne atá ag fáil a chéad chaipín inniu.

Seisear tosaithe atá ainmnithe mar ionadaí ag an Afraic Theas ach is cúigear tosaithe agus triúr cúlaithe atá ar bhinse na hÉireann. Pé scéal é is léir go bhfuil faoi na Boks a muinín a chur sa gcluiche crua fisiciúil.  Tá súil agam go mbeidh na hÉireannaigh in ann fanacht sa gcath go dtí a dheireadh. Má éiríonn leo é sin a dhéanamh, níl siad gan seans ach creid uaim é, ní bheidh tada éasca ná bog ag baint leis an gcluiche seo. Tá súil agam nach mbeidh orainn réiteach don dara mhórchluiche in Durban an Satharn seo chugainn agus imreoirí gortaithe ón gceann seo inniu.

Fág freagra ar 'Andy Farrell ag iarraidh freastal ar dhá dhúshlán san Afraic Theas'