ANAILÍS: 481 páiste ó thuaidh arb í an Ghaeilge teanga an tí acu? B’in an méid dáiríre?

De réir figiúirí ón Roinn Oideachais ó thuaidh, tá titim ollmhór tagtha ar líon na bpáistí arb í an Ghaeilge teanga an tí acu. Ach an féidir brath ar na figiúirí sin?

ANAILÍS: 481 páiste ó thuaidh arb í an Ghaeilge teanga an tí acu? B’in an méid dáiríre?

Ag tús na seachtaine seo caite d’fhoilsigh an suíomh idirlín Meon Eile figiúirí a thug le fios gur tháinig laghdú ollmhór in imeacht cúig bliana ar líon na bpáistí i dTuaisceart na hÉireann arbh í an Ghaeilge teanga an tí acu. (Daltaí GTT a thabharfar orthu feasta san alt seo.)  

De réir na bhfigiúirí a fuair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ón Roinn Oideachais tháinig laghdú ó 821 sa scoilbhliain 2012/2013 go dtí 481 sa scoilbhliain 2017/2018 ar líon na bpáistí GTT.  Bhí na figiúirí seo bunaithe ar Dhaonáireamh Bliantúil Scoileanna na Roinne, daonáireamh atá in ainm is a bheith bunaithe ar eolas a chuireann tuismitheoirí na bpáistí ar fáil do na scoileanna. 

Rith dhá rud liom nuair a chonaic mé na figiúirí seo.  Ar an gcéad dul síos, b’fhacthas dom gur tubaiste amach is amach do ghluaiseacht na Gaeilge – agus scéal mór nuachta – a bhí iontu má bhí figiúirí na Roinne cruinn.  Ar an dara dul síos, bhí amhras orm faoi na figiúirí toisc nach cuimhin liom riamh cheana athrú chomh tobann in achar chomh gairid a fheiceáil i staitisticí ar bith a bhain le labhairt na Gaeilge. 

Is ar an gcúis sin a shíl mé gurbh fhiú tuilleadh tochailte a dhéanamh i dtaca leis na figiúirí seo.  Lorg mé briseadh síos ón Roinn Oideachais don líon páistí GTT i ngach uile scoil i dTuaisceart na hÉireann.  Ní nach ionadh thóg sé roinnt laethanta ar an Roinn an t-eolas sin a chur i dtoll a chéile, ach lena gceart a thabhairt dóibh chuir siad ar fáil é. 

Má bhí an laghdú ó 821 go 481 páiste GTT in imeacht cúig bliana ait, bhí roinnt de na sonraí sa bhriseadh síos ar na scoileanna níos aite fós.  An chéad fhigiúr a léim amach chugam ná nach raibh ach seachtar daltaí GTT as 651 sa mheánscoil lán-Ghaeilge Coláiste Feirste.  Ní raibh ach 14 dalta GTT i gCathair iomlán Dhoire – 14 i nGaelcholáiste Dhoire agus gan duine ar bith i gColáiste Bhríde, áit a bhfuil aonad lán-Ghaeilge.  Ach de réir dealraimh bhí 73 dalta GTT i Scoil Chlochar Naomh Iosaef i nDomhach Mór, scoil Bhéarla le haonad Gaeilge i mbaile beag i gCo Thír Eoghain!  Tuigim go mbeadh na daltaí sin ag teacht ó abhantrach tíreolaíochta réasúnta mór, ach fós – 14 i gCathair Dhoire agus 73 i nDomhnach Mór?

Arís bhí 66 as 200 dalta GTT i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh ach gan duine amháin as 177 i Scoil an Droichid, dhá scoil i mBéal Feirste. Is ionann líon na ndaltaí GTT i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh agus 33% de líon iomlán na ndaltaí sa scoil!

Cén míniú atá ar na figiúirí seo? 

Dar ndóigh bíonn difríochtaí i líon na bpáistí atáthar a thógáil le Gaeilge ó scoil go scoil.  Is cinnte i mBaile Átha Cliath go mbíonn níos mó páistí á dtógáil le Gaeilge sna Gaelscoileanna seanbhunaithe ar nós Scoil Lorcáin i mBaile na Manach, Scoil Naithí i mBaile an tSaoir, Scoil Bhríde i Raghnallach agus a leithéid, ná mar atá i scoileanna a bunaíodh le blianta beaga anuas ar nós Gaelscoil Phádraig sa Bhaile Breac nó Gaelscoil na Giúise i dTeach na Giúise.  Déarfaidh príomhoidí i roinnt de na scoileanna nua sin nach bhfuil páistí ar bith sa scoil a bhfuiltear á dtógáil le Gaeilge.  Ar an taobh eile den scéal, fiú sna scoileanna leis an líon is airde páistí a bhfuiltear á dtógáil le Gaeilge, ní bhíonn níos mó ná 15% de dhaltaí na scoile i gceist – agus sin idir theaghlaigh a bhfuil tuismitheoir amháin agus beirt tuismitheoirí ag labhairt i nGaeilge leis na páistí. 

An cheist a chuirtear ar thuismitheoirí i dtuaisceart na hÉireann ná, cad é teanga an tí?  Ní féidir ach teanga amháin a roghnú.  Shamhlófá mar sin gur teaghlaigh arb í an Ghaeilge príomhtheanga an tí a bheadh i gceist, teaghlaigh ina bhfuil an bheirt tuismitheoirí ag labhairt Gaeilge.  Agus go deimhin sin an míniú a thug scata príomhoidí ó thuaidh dom ar an scéal:

‘Sea, tá an figiúr sin cruinn ach tá teaghlaigh eile sa scoil a bhfuil tuismitheoir amháin ag labhairt Gaeilge leis na páistí nach bhfuil san áireamh’. 

An féidir go bhfuil Gaelscoileanna ann i dTuaisceart na hÉireann ina bhfuil 33% de na daltaí á dtógáil le Gaeilge ag beirt tuismitheoirí nuair nach bhfuil fiú 15% de dhaltaí á dtógáil le Gaeilge ag fiú tuismitheoir amháin sna scoileanna lán-Ghaeilge is láidre ar an taobh ó dheas den teorainn?

Dár ndóigh, is féinmheastachán atá i gceist leis an suirbhé a dhéantar ar thuismitheoirí ó thuaidh.  Ach tá bunús oibiachtúil leis na figiúirí i gcomhair roinnt de na scoileanna ó dheas mar go mbuaileann na scoileanna leis na tuismitheoirí agus na páistí mar chuid den phróiseas iontrála chun a dhearbhú go bhfuil an Ghaeilge mar theanga baile acu.  Bítear ag cur i gcéill uaireanta gurbh ionann teaghlaigh ina bhfuil Gaeilge líofa ag duine nó beirt de na tuismitheoirí, agus teaghlaigh ina bhfuil na páistí á dtógáil le Gaeilge.   

Anuas air sin, ní hé go gcuirtear foirmeacha na dtuismitheoirí go díreach go dtí an Roinn Oideachais ó thuaidh.  Is amhlaidh go gcoimeádann na scoileanna na foirmeacha agus go ndéanann na rúnaithe na sonraí a ionchur i gcóras na Roinne Oideachais.  Tá an córas ag brath ar ionchur daonna ó rúnaithe i scoileanna gnóthacha a bhfuil míle cúram eile orthu.  Agus cé go sílfeá gur rud cuibheasach simplí é an freagra ar an bhfoirm a ionchur i gcóras na roinne, tá fianaise áirithe ann go bhfuil tuiscintí difriúla ag scoileanna difriúla ar an gceist seo. 

Tóg mar shampla Scoil an Droichid, a bhfuil 0 as 177 dalta GTT ann de réir na bhfigiúirí oifigiúla mar a luas cheana.  Dúirt rúnaí na scoile sin liom go ndeachaigh sí ar chúrsa traenála cúpla bliain ó shin faoi conas sonraí an daonáirimh scoile a ionchur i gcóras na Roinne Oideachais.  Is é an treoir a tugadh di ná gach teaghlach Éireannach a chlárú le Béarla mar theanga an tí, beag beann ar an méid a scríobh na tuismitheoirí ar an bhfoirm.  Is é an tuiscint a bhí aici ná nár bhain an cheist faoi theanga an tí ach le páistí, abair, ón bPolainn, nó ón tSín, nach raibh Béarla líofa acu agus a mbeadh tacaíocht bhreise de dhíth orthu dá bharr sin.  Do dhearbhaigh an príomhoide an méid seo dúinn ar an gclár PléScéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Ach is léir nach bhfuil an cleachtas seo á leanúint i nGaelscoileanna eile. 

Agus maidir leis an seachtar páistí GTT atá cláraithe do Choláiste Feirste, dúirt an príomhoide Mícheál Mac Giolla Ghunna:

Tá seachtar daltaí as 98 i mBliain 8 (an chéad bhliain ar an scoil) a bhfuil sé cláraithe ar chóras na scoile fúthu gurb í an Ghaeilge an teanga baile.  Tá seachtar as 102 i mBliain 9 fosta.  Níl sonraí oifigiúla againn do na bliainghrúpaí eile sa scoil ach tá roinnt acu a bhfuil Gaeilge sa bhaile acu, deirfiúracha agus deartháireacha na ndaltaí i mBliain 8 agus 9 san áireamh.  Tá seans gur cuireadh na sonraí ar ais go huathoibríoch go dtí an teanga baile réamhshocraithe ar an chóras (is é sin Béarla).  Mar sin de, déarfainn go bhfuil ar a laghad 7% de na daltaí ar Choláiste Feirste a bhfuil Gaeilge sa bhaile acu.’ 

Tá na mírialtachtaí seo curtha faoi bhráid na Roinne Oideachais i dTuaisceart na hÉireann agam agus táim ag feitheamh ar fhreagra uathu.  Tá na sonraí uile faoi na scoileanna éagsúla á chur ar fáil don phobal ar Tuairisc.ie sa tslí is gur féidir le daoine sna scoileanna sin agus sna ceantair atá i gceist iad a scrúdú agus a mbreithiúnas féin a thabhairt orthu. 

Is léir áfach go bhfuil amhras mór anois faoi chruinneas na bhfigiúirí sa daonáireamh scoile i dTuaisceart na hÉireann maidir leis an nGaeilge mar theanga an tí.  Is trua sin.  Bheadh eolas cruinn faoi theaghlaigh ina bhfuil tuismitheoir amháin nó beirt ag tógáil na bpáistí le Gaeilge an-úsáideach ó thaobh na pleanála teanga de.  Bíonn claonadh ann uaireanta i ngluaiseacht na Gaeilge –  ar an dá thaobh den teorainn –  léargas áibhéileach bunaithe ar eolas starrógach a thabhairt ar dhul chun cinn na teanga. 

 

Tá Fachtna Ó Drisceoil ina léiritheoir ar an gclár PléScéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

Fág freagra ar 'ANAILÍS: 481 páiste ó thuaidh arb í an Ghaeilge teanga an tí acu? B’in an méid dáiríre?'