An túisce a d’inseodh Gaeilgeoir bréag i mBéarla ná i nGaeilge? Is túisce de réir taighde nua…

Léiríonn taighde nua go mbíonn an té atá dátheangach níos fírinní agus níos neamhchlaonta ina theanga dhúchais

An túisce a d’inseodh Gaeilgeoir bréag i mBéarla ná i nGaeilge? Is túisce de réir taighde nua…

Is túisce a d’inseodh an cainteoir dúchais bréag i mBéarla ná i nGaeilge, más fíor do thaighde nua ollscoile.

De réir an taighde nua a dhein Manon Jones, léachtóir sinsearach le síceolaíocht in Ollscoil Bangor agus Ceri Ellis, taighdeoir in Ollscoil Manchester go n-athraíonn ár dtuiscint ar an bhfírinne ó theanga go teanga.

Deir na taighdeoirí go mbíonn an difríocht seo chomh láidir go bhféadfadh duine a labhraíonn dhá theanga glacadh leis go bhfuil rud fíor i dteanga amháin ach ag an am céanna gan glacadh leis sa teanga eile.

De réir údair an taighde, a bhfuil cur síos déanta acu ar a saothar ar an suíomh The Conversation, is minic ráite ag daoine dátheangacha go mbraitheann siad difriúil de réir mar a bhíonn ag imeacht ó theanga amháin go dtí an teanga eile.

Tugann na húdair ‘Karin’, mar shampla, dlíodóir dátheangach a labhraíonn Gearmáinis sa bhaile agus ina saol sóisialta ach arb é an Béarla teanga na hoibre aici.

Maíonn lucht an taighde go bhfuil an t-athrú comhthéacs seo ó thaobh teangacha fite fuaite le mothúcháin agus smaointe i gcás leithéidí ‘Karin’, rud a fhágann nach mar a chéile a dhéileálann daoine dátheangacha le heolas sa dá theanga.

Mar sin, deirtear, dá ndéarfá le ‘Karin’ na focail ‘Ich liebe dich’ (Tá grá agam duit) go ráineodh go lasfadh a haghaidh le náire, ach nach gcuirfeadh an frása céanna i mBéarla, ‘I love you’, aon mhairg uirthi.

Cé go mbeadh ‘Karin’ chomh líofa céanna i mBéarla is a bheadh sí i nGearmáinis, maítear gurb amhlaidh go bhfuil a cuid mothúchán ceangailte níos dlúithe lena teanga dhúchais, de bharr gur mar pháiste a tháinig forbairt ar na mothúcháin sin,

Go dtí le déanaí, bhíothas den tuairim gur mar a chéile a dhéileáil an duine le heolas faoi choincheapa agus faoi fhíricí i ngach teanga a bhí aige, ach deir údair an taighde nua seo go bhfuil fianaise anois ann nach amhlaidh atá.

“Sé fírinne an scéil ná go mbaineann daoine dátheangacha brí éagsúil as fíricí ag brath ar pé teanga a gcuirtear na fíricí sin ina láthair, agus ag brath ar cé acu an mothaíonn siad níos fearr nó níos measa i leith a gcultúr dúchais de bharr an eolais sin.”

“Tá níos mó i gceist lenár dtuiscint ar an bhfírinne ná na focail féin”.

D’iarr lucht an taighde ar ghrúpa Breatnach a raibh Breatnais ón gcliabhán acu agus a raibh Béarla acu chomh maith a rá an raibh abairtí éagsúla fíor nó bréagach. Bhí blas diúltach nó dearfach ó thaobh chultúr na Breataine Bige ar na habairtí a cuireadh i láthair an ghrúpa agus bhí cuid de na habairtí fíor agus cuid acu bréagach.

Léigh an grúpa na habairtí céanna i mBéarla agus i mBreatnais agus leictreoidí ag taifeadadh a bhfreagairt. Fuarthas go raibh claonadh ag na rannpháirtithe abairtí a bhí dearfach ó thaobh a gcultúir a rangú mar fíor sa dá theanga – an Béarla agus an Bhreatnais. Maidir leis na habairtí a bhí diúltach faoina gcultúr, scéal eile ar fad a bhí ann.

Cé gurb ionann an t-eolas sna habairtí sa dá theanga, bhí léamh difriúil acu ar an eolas sin ag brath ar cén teanga a cuireadh ina láthair é. Bhí siad níos fírinní agus níos neamhchlaonta i gcás na n-abairtí Breatnaise agus iad sásta glacadh leis an bhfírinne shearbh, ach bhí siad ar a gcosaint i gcás na n-abairtí Béarla agus shéan siad an fhírinne agus chuir síos mar bhréag ráitis a bhí fíor.

 

Deir lucht an taighde go léiríonn a saothar an bhaint a bhíonn ag mothúcháin le teanga agus an chaoi a théann an ceangal sin i bhfeidhm ar an dtuiscint atá againn ar cad atá fíor agus cad nach bhfuil.

 

“Ná bíodh aon dul amú ar aon duine faoi, bhí a fhios go maith ag an ngrúpa dátheangach seo cad a bhí fíor nó bréagach – rud ba léir ón dtástáil ar ghníomhaíocht na hinchinne – ach ba chosúil gur thug an dara teanga cosaint dóibh ar fhíricí nár thaitin leo, agus gur sé bealach dóibh déileáil leo ar bhealach níos straitéisí,” arsa Manon Jones agus Ceri Ellis

Fág freagra ar 'An túisce a d’inseodh Gaeilgeoir bréag i mBéarla ná i nGaeilge? Is túisce de réir taighde nua…'