Tá an tríú cosc, in imeacht bliain go leith, buailte ag an gcóras pleanála ar fhorbairtí a thabharfadh deiseanna forbartha agus fostaíochta in Iorras Aithneach – ceantar Charna agus Chill Chiaráin – atá ar cheann de na ceantracha is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa nGaeltacht.
Tá seo tarlaithe ag tráth go bhfuil clár forbartha agus fostaíochta idir lámha ag Údarás na Gaeltacht le súil agus gur féidir athbheochan shóisialta agus eacnamaíochta a dhéanamh ar an gceantar seo in iarthar Chonamara.
Idir easpa fostaíochta agus laghdú ollmhór ar líon na ndaoine óga, tá an ceantar idir dhá cheann na meá; tá 60% de laghdú ar líon na ngasúr sna bunscoileanna ón mbliain 1990 i leith. Ach tá iarrachtaí Údarás na Gaeltachta sáraithe de bharr diúltuithe pleanála.
Shocraigh an Bord Pleanála sa gcás is deireanaí seo go ndiúltófaí do thionscnaimh Drioglann Fuisce an Chnoic Bhuí agus Ionad Oidhreachta a bhí le forbairt ar an Eastáit Tionscail i Roisín na Mainiach i gCarna.
Bhí cead pleanála tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh na forbartha seo ach cuireadh dhá achomharc ina aghaidh go dtí an Bord Pleanála. An eagraíocht ‘Cairde Imhshaoil na hÉireann’ agus bean as an áit in Iorras Aithneach a chuir na hachomhairc sin ar aghaidh.
Sa gcinneadh a thóg an Bord Pleanála ar an achomharc, diúltaíodh don tionscnamh fuisce agus oidhreachta. Bhain an diúltú le ceisteanna faoin bhfuílleach a thiocfadh as an bhforbairt agus de bharr imní, a dúradh, go bhféadfadh an fhorbairt drochlorg a fhágáil ar thailte caomhnaithe in aice láthair.
Sé Joe Connolly, a bhfuil cáil i bhfad agus i ngearr air mar iománaí de chuid na Gaillimhe sna blianta a caitheadh, agus baill chlainne leis, a bhí i mbun na hiarrachta seo.
Sé Joe a bhí ina chaptaen ar Ghaillimh nuair a bhuaigh an contae Craobh Shinsir Iomána na hÉireann i 1980. Tugtar chun cuimhne fós an óráid a thug sé i nGaeilge agus é ag glacadh le Corn Mhic Cárthaigh ar an ócáid sin.
Chomh maith leis an drioglann agus an t-ionad oidhreachta bhí siopa agus caifé ceaptha a bheith san bhforbairt agus áiseanna eile a bhain le stóráil fuisce. Bhí Údarás na Gaeltachta ag cuidiú go láidir leis an bplean agus measadh go mbeadh 30 post ar fáil dá bharr taobh istigh de chúig bliana. De réir na réamh-mheastachán thiocfadh 16,000 cuairteoir chuig an drioglann agus an t-ionad oidhreachta sa gcéad bhliain, agus mhéadódh an líon sin go dtí 52,000 théis cúig bliana.
Ceapadh freisin go spreagfadh an drioglann agus an t-ionad oidhreachta 130 post eile in Iorras Aithneach i réimse na turasóireachta agus imeachtaí caitheamh aimsire.
Tá cinneadh an Bhoird Pleanála i leith na drioglainne agus an ionaid oidhreachta tagtha sna sála ar dhá dhiúltú eile atá déanta ar iarrachtaí forbartha in Iorras Aithneach.
Dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe iarratas ar chead pleanála le haghaidh Páirc na Mara i gCill Chiaráin bliain go leith ó shin. Bhí réimse mór oibreacha a bhain leis an gcladach, agus leis an bhfarraige, i gceist san bhforbairt sin; luadh go mbeadh cúpla céad post ann ach a dtiocfadh an Pháirc faoi bhláth.
Ach thug rannóg pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe droim láimhe don phlean. Chuir Údarás na Gaeltachta achomharc in aghaidh an chinnidh sin go dtí an Bord Pleanála ach thacaigh siadsan leis an diúltú. Bhí baol fuarlaigh agus ceisteanna timpeallachta tugtha síos mar chúiseanna leis an diúltú sin. Luadh freisin i gcuid den chomhfhreagras ginearálta go raibh réimsí caomhnaithe in aice láthair. Dúirt daoine sa gceantar nár chreid siadsan, óna dtaithí féin, go raibh baol dá laghad ann go dtiocfadh fuarlach isteach ar an suíomh.
Idir an dá linn, dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe d’iarratas ón Dr Micheál Ó Cathasaigh ar láthair ghlampála a fhorbairt i sráidbhaile Charna. Tugadh síos sa gcás sin nach raibh dóthain cosán sa sráidbhaile ná dóthain soilse poiblí ar an bpríomhchúis a bhí ag an gComhairle Contae in aghaidh na forbartha seo.
Leanann an iarracht forbartha atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar aghaidh in Iorras Aithneach ach tá sé ag dul rite leo mórán post nua ar bith a chur ar fáil beag beann ar a gcuid gníomhaíochta.
JP
Nár dhóigh leat gur fearr an cur amach a bheadh ag muintir na háite ar fhuarlaigh is eile ná na feidhmeannaigh a chuir suas don phlean sin?
Ar éirigh siad amach chun an suíomh a bhreithniú lena súile cinn féin chor ar bith nó ar fhan siad ar gor mar a raibh acu lena gcuid mapaí, cupaí caifé, brioscaí srl?