An teorainn i Muir Éireann i measc na n-údar feirge ag lucht na dtinte cnámh i mbliana

An bhfuil bréagdhóchas tugtha do lucht agóide agus don DUP go mbeidh an lá leo ina bhfeachtas in aghaidh an phrótacail?

An teorainn i Muir Éireann i measc na n-údar feirge ag lucht na dtinte cnámh i mbliana

Mar is dual an t-am seo den bhliain tá daoine imníoch faoin gcontúirt a bhaineann le tinte cnámh ollmhóra a lastar an oíche roimh lá mór na nOráisteach, an dara lá déag d’Iúil. Baineann an traidisiún le tinte a deirtear a lasadh i 1690 le fáilte a chur roimh Uilliam, an tOráisteach, roimh a bhua ar an rí Caitliceach, Séamus, ag cath na Bóinne.

Is iomaí tine nach mbaineann conspóid ar bith léi ach bíonn baol mór do shábháilteacht an phobail, do thithe agus d’fhoirgnimh eile ó líon beag díobh agus contúirt don timpeallacht óna bhformhór mar gheall ar na hastaíochta nimhiúla ón ábhar a dhóitear.

Sceith bhéil is ea go leor acu as fuath seicteach agus ciníoch; an teachtaireacht KAT (‘Kill All Taigs;) ar a lán. Cuirtear trí thine póstaeir thoghcháin náisiúnaithe, phoblachtánaithe agus Alliance maille le teachtaireachtaí in aghaidh inimirceach.

Tá spéis ar leith an tseachtain seo i dtine i gcontae Thír Eoghain atá le lasadh oíche Dé Sathairn, trí lá roimh oíche an 11ú Iúil. Is minic conspóid ag baint leis na híomhánna ar an tine chnámh i Maigh gCaiseal, go háirithe nuair a léirítear tacaíocht do bhall de dhrong mharfach Ghleann Anna (‘Glenanne Gang) ach is é an bád ar mhullach na tine a tharraing aird i mbliana.

Ní haon dóithín é bád a chur anairde ar thúr ard déanta de phailléid adhmaid. Ba léir ó na pictiúir a chuir an Moygashel Bonfire Association ar na meáin shóisialta go raibh siad bródúil as an éacht. Ina theannta sin bhí a dteachtaireacht soiléir – freasúra don bprótacal iarBhreatimeachta agus Creat Windsor forleagtha ar a bhfuil scríofa ar an mbád — ‘no sea border’.

Is é an prótacal a bheidh faoi ionsaí ag na himeachtaí a reáchtálfar an tseachtain seo chugainn freisin, ar an aonú oíche dhéag agus an dara lá déag, ar na fógraí ar na tinte agus sna hóráidí ag an bpáirc tar éis mháirseálacha maidin Dé Céadaoin. An bhfuil bréagdhóchas tugtha dóibh agus don DUP go mbeidh an lá leo ina bhfeachtas in aghaidh an phrótacail? In alt do UK in a Changing Europe d’iarr Andrew McCormick, iar-státseirbhíseach sinsearach in Stormont, ar rialtas na Breataine a bheith ionraic leis an DUP chun deireadh a chur leis an bpairilis pholaitiúil abhus. Níor mhór don rialtas a léiriú don DUP – agus dá lucht tacaíochta – nach bhfuil sé ar a gcumas rochtain gan srian a sholáthar ar earraí ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann.

Dúirt McCormick go raibh Stormont i sáinn is “an DUP ag déanamh éileamh nach dtig leis an rialtas a shásamh ach dá ainneoin sin an chuma ar an scéal go bhfuil sásamh á gheallúint ag an rialtas”.

Ba dheacair easaontú le McCormick gur ag cothú a thuilleadh fadhbanna atá an éiginnteacht agus an mhoill.

Sa chéad áit, áfach, is ar shábháilteacht agus an dúshlán don tseirbhís dóiteáin agus do na póilíní is mó a bheidh aird sna seachtainí seo romhainn. I Latharna i gcontae Aontroma tá tine ollmhór á tógáil chun iarracht eile a dhéanamh a bheith san Guinness Book of Records cé gur cailleadh fear a thit ón tine sin anuraidh. In áiteacha eile is dúshlán mór é tailte spóirt a choinneáil slán ó thinte atá róghar dóibh. Agus is é an scéal céanna é le tithe.

Thairis sin, áfach, tá ceisteanna le freagairt ag údaráis áitiúla a cheadaíonn tinte ar a dtailte a chaochann súil le lucht a ndéanta. Tuairiscítear go bhfuair roinnt údarás comhairle dlí go bhféadfaidís a bheith freagrach faoin dlí as dochar a dhéanfadh aon tine ar a dtailte. Mar sin féin ní léir go bhfuil na húdaráis uilig toilteanach a dhul i ngleic le himpleachtaí na comhairle sin in am. Bhí údarás amháin ag caint ar an scéal a phlé sa bhfómhar nuair a bhéas séasúr na máirseála thart. Seanscéal agus meirg air a bheidh ann ansin agus is beag seans go ndéanfar aon rud sa bhfómhar.

Ba cheart go mbeadh deis ag daoine a dtraidisiún agus a gcultúr a cheiliúradh. Cé a dhiúltódh dá leithéid? Saibhriú ar phobal ar bith is ea an ilchultúrthacht. Ar éigean is gá a rá, áfach nach mór a bheith sábháilte agus fuath is drochmheas a sheachaint.

Níl an fíbín ná fiú an sásamh a bhaineann ógánaigh as a bheith ag tógáil na dtúr ollmhór de thinte le baint acu as rabhcháin a úsáid le haghaidh an cheiliúrtha. Déantar é i gcorráit agus is rogha bhreá é ó thaobh sábháilteachta agus na glaine. Seachnaíonn sé truailliú an aeir, ní dhéantar damáiste do thithe, bóithre ná tailte. Seachnaíonn sé an costas mór a bhaineann le hobair dheisiúcháin i ndiaidh na dtinte móra. Agus ní féidir íomhánna de dhaoine a chur trí thine.

Bhí gá le hathrú le fada ach i bhfianaise na géarchéime aeráide agus chun srian a chur ar chothú fuatha ní mór córas rialacháin ciallmhar a chur i bhfeidhm a mbeadh oibleagáid dlí ar gach duine sna ceantair náisiúnacha agus dhílseacha cloí leis.

 

Fág freagra ar 'An teorainn i Muir Éireann i measc na n-údar feirge ag lucht na dtinte cnámh i mbliana'