An teocht ag éirí níos airde agus aimsir tonn teasa chugainn

Te, tirim agus grianmhar atá an lá inniu á ghealladh agus Mumhain agus Laighin ar na háiteanna is teo a bheidh

An teocht ag éirí níos airde agus aimsir tonn teasa chugainn

Níl a chuid tugtha ag an teaspach go fóill agus Met Éireann ag tuar go bhféadfar tonn teasa a ghairm i gcuid den tír sara fada.

Te, tirim agus grianmhar atá an lá inniu á ghealladh agus Mumhain agus Laighin ar na háiteanna is teo a bheidh.

Beidh fuarú beag le cósta Chonnacht agus iarthar chúige Uladh. Idir 24 agus 28 céim Celsius an teocht is airde atá á tuar sa ngealghaoth agus leis an tráthnóna beidh leoithne farraige againn arís cois cósta.

Ardbhrú atá á thuar ag Met Éireann sna laethanta beaga seo romhainn agus gan iad ag súil uaidh sin ach triomach, teas, grian agus gealghaoth. Leis an tráthnóna gheobhaidh muintir an chósta cúpla uair an chloig de leoithne isteach den fharraige. Spéir ghlan agus triomach a thabharfaidh an oíche léi.

Tá rabhadh buí teochta eisithe do chúige Mumhan agus do chúige Laighean agus é á thuar go bhféadfadh an teocht sna bólaí sin a bheith níos airde ná 27 céim Celsius inniu agus sna cúpla lá seo chugainn.

Amach sa tseachtain nuair a bheidh léamh níos siúráilte ag lucht na haimsire ar a bhfuil i ndán dúinn tharlódh go gcuirfí an rabhadh céanna teasa amach do chontaetha atá níos faide ó thuaidh, Gaillimh agus Ros Comáin, b’fhéidir.

Beidh sé te anocht agus gan aon chaint go mbeidh sé níos fionnuaire ná idir 10 agus 15 céim. Déanfaidh sí oíche an-te in áiteanna, níos teo ná 16 nó 17 céim Celsius.

Oíche thirim ghlan a bheidh againn cé is moite de chósta Chonnacht agus iarthar Dhún na nGall, áit a bhféadfadh ceo a bheith le farraige.

Is é an sainmhíniú a bhíonn ag lucht na haimsire sa tír seo ar thonn teasa nuair a bhíonn teocht an aeir in áit atá sa scáth os cionn 25˚ C cúig lá as a chéile agus an tomhas déanta san áit chéanna.

Deir Met Éireann go bhfuil chuile chosúlacht air go mbeidh an teocht os cionn 25˚ C i gcúige Mumhan agus cúige Laighean as seo go Domhnach. Tá na fichidí arda á thuar acu don Aoine, an Satharn agus b’fhéidir an Domhnach i gcuid den dá chúige sin.

A bhuíochas do leoithní farraige, meastar gur sna fichidí beaga a bheidh an teocht in aice leis an gcósta thoir agus thoir theas.

Fichidí ísle an teocht is mó atá á ghealladh freisin i gConnachta agus in Ulaidh don lá inniu ach d’fhéadfadh sé a bheith cúpla céim níos teo ar an Aoine, suas go 25 céim nó beagán os a chionn.

Teas agus grian atá á ghealladh don Aoine agus an Satharn agus baol beag ann go dtitfeadh corrmhúr fánach.

D’fhéadfadh an teocht a bheith chomh hard le 28 nó 29 céim agus d’fhéadfadh leoithní luaineacha a bheith ann.

Isteach faoin tír is teo a bheidh sé agus níl mórán d’fhuarú á ghealladh le titim na hoíche ach an oiread agus an teocht ag fanacht thart ar 15 céim.

Lá te eile atá á ghealladh don Domhnach ach gur mó seans atá ann go bhfeicfí báisteach, b’fhéidir ceathanna troma in áiteanna. Gaoth bhog anoir atá á tuar agus an teocht idir 25-29 céim.

Mar atá cúrsaí san atmaisféar faoi láthair, ceaptar go maolóidh an teocht ón Luan agus go mbeidh an ghnáth-theocht don tráth seo bliana ar ais againn.

Lagbhrú atá á thuar luath an tseachtain seo chugainn agus mar is dual dó tabharfaidh sé chugainn na ceathanna.

Fág freagra ar 'An teocht ag éirí níos airde agus aimsir tonn teasa chugainn'