An t-atmaisféar polaitiúil ag téamh agus an teannas idir na páirtithe ag méadú

Díol spéise a bheidh sa mhéid a tharlóidh sa Dáil agus taobh amuigh di sna seachtainí idir seo agus briseadh an tsamhraidh

An t-atmaisféar polaitiúil ag téamh agus an teannas idir na páirtithe ag méadú

Cé acu polaiteoirí is sásta a bheidh ag filleadh ar a gcuid dáilcheantar an deireadh seachtaine seo, meas tú? Níl ach trí lá déanta acu tar éis shaoire na Cásca ach ba léir ó imeachtaí na seachtaine seo go bhfuil an t-atmaisféar polaitiúil ag téamh agus an teannas idir na páirtithe ag méadú.

Chaithfeadh sé go bhfuil an freasúra thar a bheith sásta  leo féin an deireadh seachtaine seo. Cé gur chaill siad an vóta ar an rún a bhain le díol móna agus cur i bhfeidhm na cánach carbóin ar an Domhnach, tá teannas agus corraíl intinne cothaithe idir páirtithe an rialtais a d’fhéadfadh dochar buan a dhéanamh don chaidreamh eatarthu.

Ar bhealach, is comhartha sóirt ar na deacrachtaí nua-aimseartha i saol na tíre seo scéal na móna. Tá daoine ag eirí as baint mhóna de réir a chéile agus, go deimhin, ag cur a gcuid tithe agus carranna in oiriúint do na mianta atá ann i dtaobh na timpeallachta. Tá go leor a chreideann sna mianta céanna ach tá siad freisin ag iarraidh leanacht lena gcuid slí mhaireachtála mar atá faoi láthair.

Curtha ó dhoras atá fadhb na móna faoi láthair. Fadhb chostasach eile a thiocfaidh chun cinn an mian atá sa bplean gnímh aeráide faoi úsáid caranna. Cá bhfuil an córas iompair poiblí faoin tuath in Éirinn? Cá bhfuil na pointí luchtaithe do charranna leictreacha? Ní léir go bhfuil an plean le cur ar chumas daoine na hathruithe seo a dhéanamh agus chur i gcrích curtha le chéile go cruinn fós. Nó go mbeidh cuirfidh na hathruithe fearg ar dhaoine a thiocfaidh chun cainte lena gcuid ionadaithe áitiúla agus tosóidh an díospóireacht faoi chath na nGlasach in aghaidh phobal na tuaithe in athuair.

Fuair muid léargas eile an tseachtain seo ar easpa pleanála ag leibhéal rialtais nuair a tháinig sé chun solais Dé Domhnaigh seo caite go raibh an tAire Sláinte Stephen Donnelly agus Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte Robert Watt ag diúltú freastal ar chruinniú de choiste sláinte na Dála le ceisteanna a fhreagairt faoin moladh atá caite i dtraipisí anois go gceapfaí Tony Holohan mar ollamh i gColáiste na Tríonóide.

Faoi dheireadh na seachtaine agus de bharr tuilleadh brú ó chúlbhinseoirí agus ón bhfreasúra, tá Donnelly agus Holohan le bheith ós comhair an choiste Sláinte Dé Céadaoin seo chugainn. Níl Donnelly ná Watt sásta teacht os comhair an choiste airgeadais le ceisteanna a fhreagairt faoin gceapachán.

Bhéarfá an leabhar go bhfuil feachtas eagraithe ar bun le deis a thabhairt don fhreasúra an rialtas a ionsaí.

Ar fearr leis an rialtas an freasúra a bheith ag tapú a gcuid deiseanna sa Dáil nó a gcuid cúlbhinseoirí a bheith ag fanacht ag cruinnithe páirtí lena míshásamh a chur in iúl? Cé acu is mó a chothóidh teannas idir na páirtithe rialtais? Díol spéise a bheidh sa mhéid a tharlóidh sa Dáil agus taobh amuigh di sna seachtainí idir seo agus briseadh an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'An t-atmaisféar polaitiúil ag téamh agus an teannas idir na páirtithe ag méadú'