An t-aisteoir, stiúrthóir agus Gaeilgeoir Dónall Farmer ar shlí na fírinne

Ba mar Father Tim Devereux ar shobalchlár mór-ráchairte RTÉ Glenroe ba mhó a bhain Dónall Farmer cáil amach, ach bhí aithne mhór air i saol na hamharclannaíochta Gaeilge chomh maith

An t-aisteoir, stiúrthóir agus Gaeilgeoir Dónall Farmer ar shlí na fírinne

Tá an t-aisteoir, stiúrthóir agus Gaeilgeoir Dónall Farmer tar éis bháis.

Bhí sé 81 bliain d’aois.

Ba mar Father Tim Devereux, ceann de na carachtair ab aitheanta ar shobalchlár mór-ráchairte RTÉ Glenroe ba mhó a bhain Dónall Farmer cáil amach, ach is iomaí dráma stáitse a raibh baint aige leis chomh maith, drámaí Gaeilge go leor ina measc.

Bhí an Corcaíoch ina stiúrthóir oilte chomh maith agus stiúraigh sé 50 eagrán de réamhtheactaí Glenroe ar RTÉ, The Riordans.

Thosaigh sé ag obair do RTÉ i 1964 agus ceapadh é ina Cheannasaí Drámaíochta sa stáisiún i 1971.

Bhí céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla aige ó UCC agus bhí baint aige le bunú an Everyman Theatre i gCorcaigh.

I measc na ndrámaí Gaeilge a raibh sé ina aisteoir iontu, bhí Cúirt an Mheán Oíche, An Béal Bocht, Lig Sin i gCathú agus Gach Neach Beo.

Stiúraigh sé drámaí chomh maith d’Amharclann na Mainistreach, mar a raibh sé ina bhall de chompántas na hamharclainne, drámaí amhail Díorma Don Bhás agus Fiche Bliain ag Fás. Bhíodh sé ina mholtóir freisin ag féilte drámaíochta Gaeilge.

Maireann a bhean Eileen agus a gclann Orla, Catherine agus Dónall.

Fág freagra ar 'An t-aisteoir, stiúrthóir agus Gaeilgeoir Dónall Farmer ar shlí na fírinne'