An Straitéis 20 bliain don Ghaeilge – ‘róleamh, rólagbhríoch, róthrína chéile, rósheachantach agus rósheachmallach’

Deir réir taighde nua, b’ionann cloí le polasaí an Stáit a chaitheann leis an nGaeilge mar ‘earra tarraingteach cultúrtha’ agus glacadh le ‘dul i léig’ na Gaeilge sa Ghaeltacht

Straitéis agus Udaras

Níl ag éirí le polasaí Gaeltachta an Stáit mar nach bhfuil ‘diagnóis cheart’ déanta ar ‘géarchéim’ na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós sa treis mar theanga phobail, dar le húdair an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011.

Deir údair na tuarascála nach bhfuil cur chuige reatha an Stáit “ag tabhairt aghaidh ar an gcreimeadh tréan atá á dhéanamh ar bhonn sóisialta na Gaeilge”.

Deirtear sa saothar taighde, atá á fhoilsiú ar maidin, go dteastaíonn “cur chuige nua, malartach” má tá an pobal agus an Stát “ag iarraidh go mairfidh gnéithe de dhúchas na Gaeltachta ar aon bhealach bisiúil” amach anseo.

Deirtear nach bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 ag dul i ngleic le “práinn agus íogaire staid reatha na Gaeltachta”.

“Tá forálacha Gaeltachta na Straitéise agus an Achta róleamh ó thaobh físe de, rólagbhríoch ó thaobh na ceannaireachta de, róthrína chéile ó thaobh straitéise de, rósheachantach ó thaobh a gcuid aidhmeanna de, agus rósheachmallach ó thaobh buntuiscintí de, le tionchar dearfach a imirt astu féin ar chúinsí reatha na Gaeltachta,” a deir údair an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach, Conchúr Ó Giollagáin agus Martin Charlton.

Maíonn na húdair go bhfuil iarrachtaí an Stáit i leith na Gaeltachta róscartha ón nGaeltacht féin.

“I ndeireadh na dála, ní féidir bisiúlacht an dúchais Ghaelaigh a chothú mura n-eascróidh sí as taithí phoiblí agus phearsanta ar an dúchas sin sa chéad dul síos,” a scríobhtar.

Máitear go bhfuil beartais an Stáit i leith na Gaeltachta “ag iarraidh an Ghaeilge a chothú mar earra roghnach tomhaltóireachta ar mhargadh iomaíoch – an teanga lag in iomaíocht leis an teanga láidir”.

“Ní mhaireann teangacha i ngeall gur earraí tarraingteacha cultúrtha iad, maireann siad de thoradh na hacmhainne atá ag grúpaí sóisialta feidhm shoch-chultúrtha a thabhairt dóibh.

“Ní margaíocht ar earra cultúrtha a theastaíonn ón nGaeilge le go mairfidh sí mar theanga phobail, ach pobal misniúil, inmharthana a thabharfaidh feidhm di,” a deirtear.

B’ionann, a deirtear, cloí leis na polasaithe atá i bhfeidhm faoi láthair agus “glacadh” le “dul i léig” na Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Beidh fís agus cur chuige eile ag teastáil. Theastódh polasaí agus clár oibre radacach éigeandála teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht, agus go háirithe i gceantair de chuid Chatagóir A, le teacht i gcabhair ar Ghaeil na Gaeltachta sa ghátar sochtheangeolaíochta a bhfuil siad ann,” a scríobhann údair na tuarascála.

Deir siad nach “múnlaí pleanála teanga” iad Acht na Gaeltachta ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge “a fheileann cainteoirí Gaeilge atá rannpháirteach i ndlúthphobal Gaeilge”.

Fág freagra ar 'An Straitéis 20 bliain don Ghaeilge – ‘róleamh, rólagbhríoch, róthrína chéile, rósheachantach agus rósheachmallach’'