Inniu a bhuailfidh an Stoirm Amy talamh na hÉireann, an chéad stoirm an séasúr seo atá ainmnithe.
Gaoth láidir, beagnach ina gála agus siotaí tréana a thabharfaidh Amy aniar aneas chugainn.
Tá foláireamh oráiste gaoithe eisithe ag Met Éireann sna contaetha leis an gcósta thiar agus iad ár gcomhairliú go mbeidh deacrachtaí ag baint le cúrsaí taistil agus a bheith faoi réir le haghaidh cliseadh ar an gcóras aibhléise de bharr na stoirme.
Tá na húdaráis áitiúla leis an gcósta thiar gnóthach ó mhaidin inné ag prapáil don stoirm, ag dúnadh spásanna poiblí a mbíonn contúirt ag baint leo agus ag cur málaí gainimh ar fáil i mbailte.
Ag a 2.00pm inniu a thiocfaidh an foláireamh oráiste i bhfeidhm sé chontae san iarthar – Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim agus An Clár agus beidh sé i bhfeidhm go dtí a 10.00pm anocht.
Agus é beagnach ina ghála, tá foláireamh á thabhairt ag lucht na haimsire go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do na línte cumhachta agus go bhféadfadh crainnte a bheith leagtha agus sceacha is smionagar ag séideadh le gaoth. Moltar do dhaoine aon bhlas atá ar sliobarna a cheangal go maith agus trioc atá caite thart a chur ar chaoi shábháilte ar fhaitíos go bhfuadódh sé agus dochar a dhéanamh nó a bheith ina shiocair timpiste.
Tá foláireamh buí gaoithe agus báistí i bhfeidhm ag seirbhís aimsire na Ríochta Aontaithe sna sé chontae in oirthuaisceart na tíre seo.
Tá foláireamh dearg i bhfeidhm ar an bhfarraige ar chósta thiar na tíre ó Dhairbhre ó dheas go dtí Cionn Mhálanna ó thuaidh. Beidh tionchar ag an bhfoláireamh sin ar sheirbhísí farantóireachta is iompair mar bíonn cosc ar chórais iompair agus an dearg i bhfeidhm. B’fhearr aon aistear nach bhfuil práinneach a chur ar athló.
De réir nádúir is le cósta is tréine a bheidh an ghaoth agus iarrtar ar dhaoine fanacht ón gcladach go dtí go mbeidh a racht curtha di ag an stoirm seo. Ní beag an chontúirt a bhaineann le siota fealltach tobann.
Fág freagra ar 'An Stoirm Amy ag déanamh ar thalamh na hÉireann, foláireamh oráiste gaoithe eisithe'