An Stát ag seasamh an fhóid maidir lena cheart poist a chur ar leataobh do Ghaeilgeoirí

Scrúdú á chur ag na Náisiúin Aontaithe ar Rialtas na hÉireann sa Ghinéiv inniu faoi chomhlíonadh a dualgas faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha

 

 

International-Covenant-on-Economic-Social-and-Cultural-Rights

Níl an stát sásta géilleadh do na Náisiúin Aontaithe nár cheart poist a chur ar leataobh do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu.

Deirtear i dtuarascáil nuafhoilsithe go bhfuil dhá údar amhrais ag an Stát i dtaobh an Chúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha. Baineann an dá údar amhrais sin le hoideachas baile agus le cúrsaí teanga.

Ba iad an Coimisiún um Chearta Daonna agus Comhionannas a d’fhoilsigh an tuarascáil ina gcuirtear in iúl go bhfuil an Stát in amhras faoi Airteagal 2.2 den Chúnant Idirnáisiúnta. Deirtear ansin nach féidir idirdhealú a dhéanamh ar aon duine ar bhonn teanga i measc nithe eile.

Níl glactha ag an Stát leis an gcuid sin den Chúnant mar go gcreidtear go bhféadfadh go bhfuil sé ag teacht salach ar a cheart idirdhealú dearfach a dhéanamh agus daoine a bhfuil Gaeilge acu a chur i bpoist áirithe.

Tá an Stát buartha freisin faoi airteagal eile sa Chúnant a gcreideann siad a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar cheart daoine oideachas a chur ar leanaí ag baile.

Ina tuarascáil nua, deir an Coimisiún um Chearta Daonna agus Comhionannas nach nglacann siad le seasamh an Stáit mar gheall ar oideachas baile toisc a laghad daoine a chuireann oideachas ar a leanaí ag baile.

Maidir le ceist na teanga, cé nach bhfuil aon tráchtaireacht déanta ag an gCoimisiún sa tuarascáil, a chuirfidh siad faoi bhráid na Náisiún Aontaithe inniu, ar an gceist áirithe sin, dúirt urlabhraí ón gCoimisiún le Tuairisc.ie nach ionann sin is a rá go dtagann siad le dearcadh an Stáit faoi cheist na teanga.

Tá molta acu sa tuarascáil chéanna go ndéanfaí monatóireacht agus athbhreithniú rialta ar an dá údar amhrais thuasluaite.

Dúirt urlabhraí ón gCoimisiún, áfach, nach bhfuil aon mheicníocht ag an Stát chun monatóireacht a dhéanamh ar a leithéid, “fadhb ar gá dul i ngleic léi”.

Tiocfaidh an Coimisiún um Chearta Daonna agus Comhionannas, Rialtas na hÉireann agus an eagraíocht FLAC (Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce) le chéile inniu sa Ghinéiv chun plé a dhéanamh ar chomhlíonadh dualgas an Rialtais faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha.

Níos túisce i mbliana, rinne FLAC éileamh go gcuirfí tuilleadh acmhainní ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga le cosaint a dhéanamh ar cheart bunreachtúil phobal na Gaeilge seirbhísí a fháil i nGaeilge, agus cháin siad an Rialtas as an ‘easpa dul chun cinn’ atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as Aire Gaeltachta – Joe McHugh TD – a cheapadh nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige. Tá ceisteanna curtha ag FLAC chomh maith faoi thiomantas an Rialtais don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha.

Tá súil ag FLAC go ndéanfaidh na Náisiúin Aontaithe na moltaí atá ina dtuarascáil féin Our Voice, Our Rights, a chur san áireamh sa scrúdú a chuirfear ar an Rialtas inniu.

Fág freagra ar 'An Stát ag seasamh an fhóid maidir lena cheart poist a chur ar leataobh do Ghaeilgeoirí'

  • Eoin Ó Riain (@ReadoutSignpost)

    Ar bhealach tá sé i gcuinne cearta daona duine gan Gaeilge a bheith in aon phost ag freastal ar an bpobal.

    Ní ceart dóibh duine le Gaeilge a ceapadh le freastal ar phobal na Gaeilge ach is ceart go mbeadh daoine le Gaeilge (dhá-theangach!) á gceapadh le freastal ar an bpobal.

  • Colmán

    Sílim gur cleasaíocht atá i gceist anseo.

  • Seán Mag Leannáin

    ‘An Stát ag seasamh an fhóid maidir lena cheart poist a chur ar leataobh do Ghaeilgeoirí.’

    ‘Níl glactha ag an Stát leis an gcuid sin den Chúnant mar go gcreidtear go bhféadfadh go bhfuil sé ag teacht salach ar a cheart idirdhealú dearfach a dhéanamh agus daoine a bhfuil Gaeilge acu a chur i bpoist áirithe.

    Tá molta acu sa tuarascáil go ndéanfaí monatóireacht agus athbhreithniú rialta ar an údar amhrais [seo]. Dúirt urlabhraí ón gCoimisiún, áfach, nach bhfuil aon mheicníocht ag an Stát chun monatóireacht a dhéanamh ar a leithéid, “fadhb ar gá dul i ngleic léi”.

    Bhainfeadh an scéal seo gáire as cat ! I bhfianaise nach bhfuil ach 10 bpost, a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo, sainaitheanta as thart ar 30,000 sa Státseirbhís ar fad agus nach bhfuil an Ghaeilge riachtanach fiú amháin le haghaidh an phoist mar Aire na Gaeltachta beidh sé an-éasca go deo monatóireacht a dhéanamh ar an gceist seo atá ina cúis bhuartha don Choimisiúin um Chearta Daonna agus Comhionannas