An Spidéal ag ceiliúradh agus Craobh Chonnacht tugtha leo acu den chéad uair riamh

Bhí bua stairiúil ag An Spidéal i gcluiche ceannais idirmheánach Chonnacht Dé Domhnaigh agus tá peileadóirí Ghaoth Dobhair cáilithe do chluiche ceannais Uladh den chéad uair tar éis dóibh Raonaithe na Croise a shárú

An Spidéal ag ceiliúradh agus Craobh Chonnacht tugtha leo acu den chéad uair riamh

Gaillimh

Tá Craobh Chonnacht buaite ag peileadóirí an Spidéil tar éis dóibh cluiche ceannais idirmheánach an chúige a thabhairt leo inné. An farasbarr is lú a bhí acu in aghaidh sheaimpíní Ros Comáin, Fíorta, i bPáirc Naomh Iarlaith i dTuaim áit ar chríochnaigh an cluiche leis an scór 1-14 in aghaidh 0-16.

Chuir an Spidéal tús iontach leis an gcluiche nuair a d’aimsigh Finnian Ó Laoi cúl agus gan ach 80 soicind imeartha Ghearr an tosach trí lár na páirce agus chuir sé críoch den scoth lena ruathar. D’aimsigh Seán Ó Curraoin, Maghnus Breathnach, Cormac Ó Laoi, Antaine Ó Laoi agus Brian Ó Conghaile scóranna eile don Spidéal ina dhiaidh sin, ach ní díomhaoin a bhí Fíorta ach an oiread agus ní raibh idir na foirne ar feadh cuid mhaith den chéad leath ach cúl sin Uí Laoi.

Buaileadh buille trom ar Fhíorta nuair a cuireadh an cosantóir Philip Neilan den pháirc díreach roimh leath ama agus d’éirigh leis an Spidéal cúpla scór a aimsiú a d’fhág 1-9 in aghaidh 0-7 chun cinn iad ag an mbriseadh, agus cuma na maitheasa ar fhir Chois Fharraige.

Thosaigh Fíorta an dara leath ar luas mire. D’aimsigh siad cúig phointe as a chéile sa chéad deich nóiméad den dara tréimhse, rud a chuir ar comhscór iad agus nuair a taispeánadh an dara cárta buí do lánchúlaí an Spidéil, ní raibh fear sa bhreis mar bhuntáiste ag foireann na Gaeltachta níos mó ach oiread.

Finnian Ó Laoi ag casadh treo i measc slua Fhiodharta

Ach teacht aniar iontach léirithe ag an Spidéal i gcaitheamh na bliana seo agus chuir siad stop leis an meath nuair le cúilín ó Shéamus Ó Droighneáin leath bealaigh tríd an dara leath.

Bhí na foirne gob ar ghob an chuid eile den chluiche ach d’éirigh le Pádraig Eoin Ó Curraoin agus Antaine Ó Laoi, a roghnaíodh mar laoch na himeartha, an Spidéal a chur cúpla scór chun cinn in am cúitimh, agus thug siad na cosa a leo.

Iarracht mhór eile a bhí ann ó fhir Chois Fharraige agus 14 cluiche imeartha ag formhór na n-imreoirí le 15 seachtain anuas, idir pheil agus iomáint. Beidh briseadh anois ag na peileadóirí sula dtabharfaidh siad aghaidh ar churaidh Uladh i mbabhta leathcheannais na hÉireann ag deireadh mhí Eanáir.

Briseadh croí a bhí i ndán d’fhoireann Ghaeltachta eile i gcluiche ceannais Chonnacht Dé Sathairn. Thug Naomh Pádraig na Fairche, ag tabhairt aghaidh ar fhir Shligigh, Iascaigh, i gCraobh Shóisir Chonnacht ach chaill fir Dhúiche Sheoigheach le haon phointe amháin, 1-11 in aghaidh 1-10.

Bhí an chuma ar an bhFairche go raibh siad cloíte ag leath ama agus iad naoi bpointe chun deiridh, 1-8 in aghaidh 0-2, ach rinne siad teacht aniar den scoth sa dara leath. D’aimsigh Walter Holleran cúl dóibh agus bhí siad ar ais ar comhscór agus an t-am beagnach caite ach fuair Ryan McKenna cúilín an bhua leis an gcic deireanach den chluiche agus go dtí Sligeach a d’imigh an chraobh.

 

Stephen Morris le Odhran Mac Niallais. Pictiúr: INPHO/Declan Roughan

Dún na nGall

Tá áit bainte amach ag Gaoth Dobhair i gcluiche ceannais Uladh tar éis d’fhir Thír Chonaill an ceann is fearr a fháil ar bhoic mhóra an chúige, Raonaithe na Croise, inné ar an Ómaigh. Rinne Gaoth Dobhair an chuid is mó den obair sa chéad leath den chluiche nuair a d’aimsigh Daire Ó Baoill trí chúl don chumann Gaeltachta.

Chuir Raonaithe na Croise tús maith leis an gcluiche agus bhí siad 0-3 in aghaidh 0-1 chun cinn tar éis naoi nóiméad ach fuair Ó Baoill dhá chúl den scoth taobh istigh de chúpla nóiméad, gaisce scórála a d’fhág go raibh ceannas ag Gaoth Dobhair ar an imirt as sin go ceann scríbe. Fuair Ó Baoill an dá chúl sin tar éis dó ruathair a dhéanamh trí lár na páirce agus bhí a thrí chúl faighte aige laistigh de 25 nóiméad, cic éirice a tugadh de bharr feall a rinneadh ar Chian Mulligan.

D’fhág an cúl sin go raibh Gaoth Dobhair naoi bpointe chun tosaigh ar fhir Ard Mhacha ach tháinig Raonaithe na Croise ar ais agus laghdaigh siad an bhearna sin go dtí cúig phointe roimh leath ama, 3-5 in aghaidh 0-9 chun deiridh a bhí siad ag an mbriseadh.

Laghdaíodh an bhearna tuilleadh ag tús an dara leath ach cuireadh imreoir Raonaithe na Croise, John Hanratty, den pháirc agus nuair a d’aimsigh Kevin Cassidy pointe agus cúl eile do Ghaoth Dobhair leath bealaigh tríd an dara leath, bhí rás Raonaithe na Croise rite.

Seacht bpointe a bhí idir na foirne nuair a chríochnaigh an cluiche, 4-11 in aghaidh 0-16. Casfaidh fir Mhachaire Gathlán anois ar churaidh Mhuineacháin, Baile an Scotaigh, i gcluiche ceannais Uladh faoi cheann coicíse.

Fág freagra ar 'An Spidéal ag ceiliúradh agus Craobh Chonnacht tugtha leo acu den chéad uair riamh'