An soiscéal á scaipeadh i nGaeilge ag an eaglais a bhunaigh Ian Paisley

Tá ‘soiscéal’ an Free Presbyterian Church of Ulster á scaipeadh anois i nGaeilge agus bileog dhátheangach, i mBéarla agus i nGaeilge, foilslithe acu

An soiscéal á scaipeadh i nGaeilge ag an eaglais a bhunaigh Ian Paisley

Tá ‘soiscéal’ an Free Presbyterian Church of Ulster á scaipeadh anois i nGaeilge. Tá bileog dhátheangach, i mBéarla agus i nGaeilge, foilsithe ag an eaglais a bhunaigh Ian Paisley, iarcheannaire an DUP.

Deirtear i nGaeilge bhreá sa bhileog a foilsíodh mar chuid den fheachtas soiscéalach ‘Consider Christ’ gur “dea-scéal, nó scéal iontach” é soiscéal Dé mar go “réitíonn sé an fhadhb is mó a bheidh againn riamh”, is é sin “go mbeidh orainn go léir seasamh os comhair Dé ag deireadh ár saol”.

“Ní hamháin go bhfuilimidne i bhfad ó bheith foirfe, faraoir, táimid lán den bpeaca,” a scríobhtar ann.

Thabharfadh úsáid na foirme táite agus an cur chuige maidir le córas an uraithe sa sliocht le fios gur canúint na Mumhan atá sa treis ag aistritheoirí Shaor-Eaglais Phreispitíreach Uladh.

IarChéad-Aire an Tuaiscirt agus iarcheannaire an DUP, Ian Paisley, a bhunaigh an eaglais in 1951, mar thoradh ar scoilt san Eaglais Phreispitéireach in Ulaidh. Bhí cáil mhór ar Paisley ar feadh a shaoil as a mheon frithGhaelach agus as a dhearcadh diúltach i leith chultúr dúchais na hÉireann, cé gur tháinig maolú áirithe ar an dearcadh sin i dtreo dheireadh a shaoil.

Tá cáil i gcónaí ar an bpáirtí a bhunaigh sé, an DUP, as a mheon naimhdeach i leith na Gaeilge agus bhí an seasamh atá tógtha acu i gcoinne Acht Teanga don Tuaisceart ar an gcnámh spairne ba mhó sna cainteanna maidir le hathbhunú Stormont i mbliana.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar lucht an fheachtais ‘Consider Christ’, atá á reáchtáil ag Saor-Eaglais Phreispitéireach Uladh, faoina bpolasaí teanga.

Fág freagra ar 'An soiscéal á scaipeadh i nGaeilge ag an eaglais a bhunaigh Ian Paisley'

  • Breathnóir

    An-spéisiúil. Seans gur mac Paisley, Kyle, ar ministir é, a spreag seo. Ní shílim go bhfuil Gaeilge aige féin ach is cosúil gur duine é a bhfuil aigne oscailte go maith aige.

  • DERRY O'SULLIVAN

    Iontach,
    DERRY O’SULLIVAN

  • Fearn

    Tá Dia ilteangach!