I Maigh Chromtha atá Gaeltacht Mhúscraí. Sé shuíochán atá sa toghcheantar agus an chuma ar an scéal go mbeidh sé deacair an dream a bhfuil siad acu a bhrú amach, cé go mbeidh Sinn Féin ag súil le suíochán a fháil.
Gobnait Moynihan as Baile Bhuirne an t-iarrthóir Gaeltachta anseo. Deirfiúr í leis an Teachta Dála Aindrias Moynihan agus tá muintir Mhuimhneacháin i measc rítheaghlach na polaitíochta i gCorcaigh. Ní baol do Gobnait Moynihan a bhí sa dara háit an uair dheireanach le 15.39% agus í sna sála ar Mhichael Creed Fhine Gael a bhí ar cheann an chomhairimh. Ag Michael Looney (FF) a bhí an tríú suíochán anseo in 2019, é tofa ag an séú comhaireamh agus beagnach 13% aige. Ba chóir go gcoimeádfadh sé a chuid.
Martin Coughlan, an comhairleoir neamhspleách a bhí tráth i bPáirtí an Lucht Oibre, a ghnóthaigh an ceathrú suíochán cúig bliana ó shin, nuair a d’éirigh leis fanacht chun cinn ar Eileen Lynch agus Ted Lucey ó Fhine Gael. In ainneoin é a bheith san iomaíocht i Maigh Chromtha féin le Lucey agus Creed, d’éirigh le Coughlan vóta maith a fháil ina bhaile dúchais. Tá borradh faoi na neamhspleáigh agus le cuidiú vóta na heite clé, ba chóir go dtiocfadh sé slán arís, cé go bhféadfadh neamhspleách eile, Dermot Kelleher ó Independent Ireland, cur as dó.
Maigh Chromtha (6 shuíochán)
Na hiarrthóirí
Harriet Burgess (CG)
Martin Coughlan (NS)*
Michael Creed (NS)*
Dermot Kelleher (Ind Ireland)
Michael Looney (FF)*
Ted Lucey (FG)*
Eileen Lynch (FG)*
Gobnait Moynihan (FF)*
Rosarie O’Leary (Aontú)
John O’Sullivan (SF)
D’fhágfadh sin Sinn Féin, a bhí in aimhréidh in 2019, agus iarrthóirí eile ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar dhuine den bheirt chomhairleoirí ó Fhine Gael a fuair na suíocháin dheireanacha in 2019 – Lynch agus Lucey.
John O’Sullivan as Sráid an Mhuilinn atá ag seasamh do Shinn Féin agus beidh air an-leas a bhaint as an mbuntáiste tíreolaíochta atá aige i dtuaisceart an toghlaigh más faoi an beart a dhéanamh. Níl aon duine ag Sinn Féin ar Chomhairle Contae Chorcaí ó d’éirigh Danielle Twomey, a toghadh i gCeantar Bardasach Oirthear Chorcaí, as an bpáirtí.
Iarrthóirí suimiúla chomh maith iad leithéidí Harriet Burgess an Chomhaontais Ghlais agus Rosarie O’Leary, Aontú, ar dlíodóirí iad beirt. Ach sa toghcheantar an-traidisiúnta seo, ní dócha go mbainfear aon mhórchreathadh as an seanreacht.
I dtoghlach Sciobairín-Iarthar Chorcaí, mar a bhfuil Cléire, beidh sé ina chogadh dearg agus 15 iarrthóir sa tóir ar cheann de na cúig shuíochán.
Beidh Fianna Fáil dóchasach go maith go n-éireoidh leo an dá shuíochán atá acu a choimeád.
Rinne Fine Gael drochláimhseáil cheart ar a vóta anseo in 2019 agus tá an t-aon duine den triúr iarrthóirí a bhí acu ar éirigh léi, Karen Coakley, éirithe as an bpáirtí ó shin.
Beidh Donnchadh Ó Seaghdha ag iarraidh an suíochán a bhuaigh Paul Hayes do Shinn Féin in 2019 a choimeád. D’éirigh Hayes as Sinn Féin ó shin.
* Comhairleoirí Contae
Fág freagra ar 'An seanreacht agus comhairleoir Bhaile Bhuirne slán go maith'