An seanreacht agus comhairleoir Bhaile Bhuirne slán go maith

Caitheann Tuairisc súil ar na toghranna sna toghcháin áitiúla ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta. An babhta seo, tá Gaeltacht Chorcaí againn…

An seanreacht agus comhairleoir Bhaile Bhuirne slán go maith

I Maigh Chromtha atá Gaeltacht Mhúscraí. Sé shuíochán atá sa toghcheantar agus an chuma ar an scéal go mbeidh sé deacair an dream a bhfuil siad acu a bhrú amach, cé go mbeidh Sinn Féin ag súil le suíochán a fháil.

Gobnait Moynihan as Baile Bhuirne an t-iarrthóir Gaeltachta anseo. Deirfiúr í leis an Teachta Dála Aindrias Moynihan agus tá muintir Mhuimhneacháin i measc rítheaghlach na polaitíochta i gCorcaigh. Ní baol do Gobnait Moynihan a bhí sa dara háit an uair dheireanach le 15.39% agus í sna sála ar Mhichael Creed Fhine Gael a bhí ar cheann an chomhairimh. Ag Michael Looney (FF) a bhí an tríú suíochán anseo in 2019,  é tofa ag an séú comhaireamh agus beagnach 13% aige. Ba chóir go gcoimeádfadh sé a chuid.

Martin Coughlan, an comhairleoir neamhspleách a bhí tráth i bPáirtí an Lucht Oibre, a ghnóthaigh an ceathrú suíochán cúig bliana ó shin, nuair a d’éirigh leis fanacht chun cinn ar Eileen Lynch agus Ted Lucey ó Fhine Gael. In ainneoin é a bheith san iomaíocht i Maigh Chromtha féin le Lucey agus Creed, d’éirigh le Coughlan vóta maith a fháil ina bhaile dúchais. Tá borradh faoi na neamhspleáigh agus le cuidiú vóta na heite clé, ba chóir go dtiocfadh sé slán arís, cé go bhféadfadh neamhspleách eile, Dermot Kelleher ó Independent Ireland, cur as dó.


Maigh Chromtha (6 shuíochán)

Na hiarrthóirí

Harriet Burgess (CG)
Martin Coughlan (NS)*
Michael Creed (NS)*
Dermot Kelleher (Ind Ireland)
Michael Looney (FF)*
Ted Lucey (FG)*
Eileen Lynch (FG)*
Gobnait Moynihan (FF)*
Rosarie O’Leary (Aontú)
John O’Sullivan (SF)


D’fhágfadh sin Sinn Féin, a bhí in aimhréidh in 2019, agus iarrthóirí eile ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar dhuine den bheirt chomhairleoirí ó Fhine Gael a fuair na suíocháin dheireanacha in 2019 – Lynch agus Lucey.

John O’Sullivan as Sráid an Mhuilinn atá ag seasamh do Shinn Féin agus beidh air an-leas a bhaint as an mbuntáiste tíreolaíochta atá aige i dtuaisceart an toghlaigh más faoi an beart a dhéanamh. Níl aon duine ag Sinn Féin ar Chomhairle Contae Chorcaí ó d’éirigh Danielle Twomey, a toghadh i gCeantar Bardasach Oirthear Chorcaí, as an bpáirtí.

Iarrthóirí suimiúla chomh maith iad leithéidí Harriet Burgess an Chomhaontais Ghlais agus Rosarie O’Leary, Aontú, ar dlíodóirí iad beirt. Ach sa toghcheantar an-traidisiúnta seo, ní dócha go mbainfear aon mhórchreathadh as an seanreacht.

I dtoghlach Sciobairín-Iarthar Chorcaí, mar a bhfuil Cléire, beidh sé ina chogadh dearg agus 15 iarrthóir sa tóir ar cheann de na cúig shuíochán.

Beidh Fianna Fáil dóchasach go maith go n-éireoidh leo an dá shuíochán atá acu a choimeád.

Rinne Fine Gael drochláimhseáil cheart ar a vóta anseo in 2019 agus tá an t-aon duine den triúr iarrthóirí a bhí acu ar éirigh léi, Karen Coakley, éirithe as an bpáirtí ó shin.

Beidh Donnchadh Ó Seaghdha ag iarraidh an suíochán a bhuaigh Paul Hayes do Shinn Féin in 2019 a choimeád. D’éirigh Hayes as Sinn Féin ó shin.

* Comhairleoirí Contae

Fág freagra ar 'An seanreacht agus comhairleoir Bhaile Bhuirne slán go maith'