An rud is fearr faoin bhfocal ‘ach’ ná gur féidir é a fhágáil amach!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. Bíonn leisce ar scríbhneoirí abairtí gearra simplí a scríobh. Ceapann siad gur drochtheist ar a n-intleacht a leithéid…

An rud is fearr faoin bhfocal ‘ach’ ná gur féidir é a fhágáil amach!

Fadó, fadó, nuair a bhí mé ag obair go lánaimseartha leis an nuachtán Foinse, bhíodh orm fo-eagarthóireacht a dhéanamh ó am go chéile ar ailt iriseoirí eile. Bhí duine amháin inár measc a thosódh nach mór chuile abairt leis an bhfocal ‘ach’.

Chuireadh an nós sin soir mé.

Is minic a chuimhnigh mé ar an iriseoir sin le deireanas agus rud beag náire orm. Agus mé i mbun eagarthóireachta ar úrscéal atá idir lámha agam faoi láthair, ba léir dom go bhfaca mé an cáithnín i súil mo bhráthar i Foinse ag an am ach go raibh mé dall ar fad ar an mí-úsáid a bhainim féin as an bhfocal ‘ach’.

Agus mé ag dul siar ar mo chuid scríbhneoireachta féin, b’fhacthas dom go raibh drochnós agam abairtí a cheangal le chéile leis an bhfocal ‘ach’. Rud atá go breá nuair a bhíonn codarsnacht idir an dá abairt a cheanglaítear le chéile: ‘Is maith le Máire piorraí, ach tá an ghráin dhearg aici ar úlla.’

Seo anois abairt de chineál ar aimsigh mé i bhfad barraíocht acu i ndréacht m’úrscéil: ‘Tá an ghrian ag éirí taobh thiar de na dallóga, ach mothaím gur drochlá amach is amach a bheidh ann.’

Tá fadhb thromchúiseach san abairt sin, cé nach dtabharfá faoi deara ar an gcéad radharc, b’fhéidir, céard go díreach atá cearr.

Is é an chaoi go gcruthaíonn an focal ‘ach’ a cheanglaíonn an dá ráiteas san abairt sin le chéile codarsnacht bhréige eatarthu. Tá an ghrian ag éirí. Togha. Tá drochspionn ar fhear inste an scéil. Togha. Tá teannas éigin idir an dá ráiteas sin, cinnte – ach ní malairtí iad. Ar an drochuair, tugann an focal ‘ach’ le tuiscint gurb ea.

Cuirim geall gur ar mhaithe leis an rithim a shleamhnaigh an focal ‘ach’ isteach san abairt lochtach thuas agus sna céadta abairtí mar í i mo chuid scríbhneoireachta. Bíonn leisce ar scríbhneoirí abairtí gearra, simplí a scríobh. Ceapann siad gur drochtheist ar a gcumas intleachtúil a leithéid. Drochtheist cheart ar chumas intleachtúil aon duine, áfach, ná abairt a mbeadh lúb ar lár sa loighic inti.

An rud is fearr faoin bhfocal ‘ach’ ná gur féidir é a fhágáil amach an chuid is mó den am.

‘Tá an ghrian ag éirí taobh thiar de na dallóga. Mothaím gur drochlá amach is amach a bheidh ann.’

Anois is léir an teannas idir an dá ráiteas: sa spás bán idir an dá abairt – áit a raibh an ‘ach’ lochtach – atá sé!

Fág freagra ar 'An rud is fearr faoin bhfocal ‘ach’ ná gur féidir é a fhágáil amach!'

  • Pól Ó Braoin

    An-chabhrach uilig. Coinneoidh mé leathshúil amach air.