An rialtas chun conspóid Ghaeilge Childline a fhiosrú

Dúirt an tAire Simon Coveney go gcaithfí smaoineamh ar bhealach a bhféadfadh leanaí le Gaeilge úsáid a bhaint as an tseirbhís a chuireann Childline ar fáil

An rialtas chun conspóid Ghaeilge Childline a fhiosrú

An tAire Simon Coveney agus an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh

Tá an rialtas chun an scéal go bhfuil treoir tugtha ag Childline gan seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil a fhiosrú, dar le haire rialtais. 

Dúirt an tAire Simon Coveney go gcaithfí smaoineamh ar bhealach a bhféadfadh Childline seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ach dúirt sé freisin go gcaithfí a bheith an-chúramach go ndéanfaí sin gan cur isteach ar an tseirbhís a chuireann an eagraíocht ar fáil faoi láthair.  

Ba é an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh a thug an cás chun cinn sa Dáil agus é ag tagairt do scéal a bhí ar Tuairisc.ie. 

Bhain an scéal sin le páiste a bhí i mbun cainte i nGaeilge le hoibrí deonach de chuid Childline nuair a dúradh leis an oibrí iompú ar an mBéarla. Dheimhnigh Childline ina dhiaidh sin nach mbítear ag súil go labhródh a gcuid oibrithe deonacha aon teanga eile seachas Béarla. 

Dúirt Ó Cathasaigh, Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, sa Dáil nach bhféadfaí glacadh lena leithéid de threoir. 

“Níor mhaith liom ar chor ar bith drochmheas a chaitheamh ar Childline, ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil, is an obair fhíorthábhachtach a dhéantar ná ar na hoibrithe deonacha a bhíonn ag obair ann ach sa chás seo, dúradh le hoibrí deonach gan an Ghaeilge a labhairt le páiste.  

“Páiste a ghlaoigh ar Chilldine, a labhair i nGaeilge agus, ar an dea-uair, bhí duine ar an líne a bhí in ann labhairt leis an bpáiste ina theanga/teanga dhúchais. Ní féidir glacadh leis go dtabharfaí treoir d’oibrí deonach gan labhairt leis an bpáiste sin as Gaeilge, teanga dhúchais an pháiste,” a dúirt Ó Cathasaigh. 

Mar fhreagra air sin, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh sé ag lorg tuilleadh sonraí faon scéal ach go gcaithfí a chur san áireamh nach eagraíocht stáit a bhí i Childline, cé go bhfaigheann sí méid áirithe maoinithe ón stát. 

“Táthar ag soláthar seirbhís an-tábhachtach agus caithfimid smaoineamh go cúramach ar bhealach gur féidir an tseirbhís a chuireann Childline ar fáil a bheith ar fáil freisin do pháistí gurb í an Ghaeilge a gcéad teanga.  

“Caithfimid é sin a dhéanamh ar bhealach nach mbaineann de chroí-obair Childline agus na glaonna a bhíonn siad ag plé leo go laethúil,” a dúirt Coveney. 

Ní hé sin an chéad uair ar pléadh an scéal seo i dTithe an Oireachtais. Níos luaithe an tseachtain seo, chuir Aire Stáit na Gaeltachta a mhíshástacht in iúl faoin scéal. 

Agus an Bille Teanga nua á phlé sa Seanad, dúirt Jack Chambers nach raibh sé “sásúil” dó mar Aire na Gaeltachta nach mbeadh seirbhís dá leithéid ar fáil i nGaeilge do chainteoirí óga na teanga. 

Bhí Chambers ag tagairt d’áitiú Sheáin Kyne, iar-aire stáit na Gaeltachta, go raibh sé “dochreidte” gur i mBéarla amháin a bhíonn seirbhísí Childline ar fáil. 

Cé nach comhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta é Childline, dúirt an Seanadóir Séan Kyne gur “ábhar tábhachtach” a bhí ann agus gur sampla maith ann “d’easpa tuisceana” eagraíochtaí faoi chás na teanga. 

Fág freagra ar 'An rialtas chun conspóid Ghaeilge Childline a fhiosrú'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Más páiste thú agus an Ghaeilg mar theanga dhúchais agat bí cinnte go bhfuil corp agus meabharshláinte folláin agat nó ní bhfaighidh tú treoir nó tacaíocht ar bith trí mheán na Gaeilge ón stáit seo…

    Tá sé i bhfad thar am athbhreithniú a dhéanamh ar na heagraíochtaí uilig a fhaigheann maoiniú ón stáit agus gan iarracht ar bith déanta acu chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilg agus do sheirbhísí trí mheán na Gaeilge. Tá sé náireach agus maslach amach is amach go bhfuil carthanachtaí sa stáit seo ag brú Béarla ar shaoránaigh le blianta fada anuas agus gan athrú ar bith ann bíodh is go bhfuil muid anois 100 bliain mar shaorstát agus go bhfuil an Ghaeilg aitheanta mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach.

  • Liamo

    In ainm Chroim is feidir le Childline oibrí deonach le Gaeilge a earcú mar níl fadhb ar bith acu seirbhís trí Bhreatnais a shólathar i gCymru. Is léir go bhfuil oibrí deonach acu chéana féin le Gaeilge ach cosc orthu í a labhairt leis na gásúir.