Níl sé sásúil gur i mBéarla amháin a chuireann Childline a gcuid seirbhísí ar fáil – Aire Stáit na Gaeltachta

Pléadh sa Seanad an scéala go mbíonn Childline ag súil nach labhraíonn a gcuid oibrithe deonacha aon teanga eile seachas Béarla

Níl sé sásúil gur i mBéarla amháin a chuireann Childline a gcuid seirbhísí ar fáil – Aire Stáit na Gaeltachta

Tá a míshástacht curtha in iúl ag Aire Stáit na Gaeltachta agus iar-aire stáit Gaeltachta faoin scéala gur i mBéarla amháin a chuireann Childline a gcuid seirbhísí ar fáil in Éirinn.

Dúirt Jack Chambers sa Seanad inné nach raibh sé “sásúil” dó mar Aire na Gaeltachta nach mbeadh seirbhís dá leithéid ar fáil i nGaeilge do chainteoirí óga na teanga.

Bhí Chambers ag tagairt d’áitiú Sheáin Kyne, iar-aire stáit na Gaeltachta, go raibh sé “dochreidte” gur i mBéarla amháin a bhíonn seirbhísí Childline ar fáil.

I mBéarla amháin a bhíonn a seirbhísí a deir Childline agus iarrtha ar oibrí gan Gaeilge a labhairt

Le linn díospóireachta faoin mbille teanga, thagair an Seanadóir Seán Kyne do scéal a foilsíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite faoin líne chabhrach do dhaoine óga a bhíonn buartha nó i gcontúirt.

Bhain an scéal sin le páiste a bhí i mbun cainte i nGaeilge le hoibrí deonach de chuid Childline nuair a dúradh leis an oibrí iompú ar an mBéarla.

Mhol duine d’fhoireann Childline don oibrí deonach gan Gaeilge a labhairt le páistí a ghlaonn ar an tseirbhís tacaíochta.

Cé nach comhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta é Childline, dúirt an Seanadóir Séan Kyne gur “ábhar tábhachtach” a bhí ann agus gur sampla maith ann de “easpa tuisceana” eagraíochtaí faoi chás na teanga.

 

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, nár tháinig Childline faoi scáth an achta teanga. Dúirt sé, áfach, go bhféadfaí dualgais teanga a leagan ar eagraíochtaí a chuireann seirbhís ar fáil don Stát ach an bille nua a bheith achtaithe.

“Beimid ag breathnú go géar ar an gceist seo sna míonna amach romhainn,” arsa an tAire Stáit.

I ráiteas a chuir Childline ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh nach mbítear ag súil go labhródh a gcuid oibrithe deonacha aon teanga eile seachas Béarla.

Fág freagra ar 'Níl sé sásúil gur i mBéarla amháin a chuireann Childline a gcuid seirbhísí ar fáil – Aire Stáit na Gaeltachta'