Bhuel, tá tús curtha anois le rás na huachtaránachta. Tá Máiréad McGuinness ainmnithe go hoifigiúil ag Fine Gael (ní raibh éinne eile sa rás ó d’éirigh Seán Kelly as), agus d’fhógair Catherine Connolly go bhfuil a dóthain síniúchán aici le seasamh freisin.
Tá ainmneacha eile á lua, ach níl aon chinnteacht ann go fóill cé acu an gcuirfidh Sinn Féin nó Fianna Fáil iarrthóirí dá gcuid féin chun tosaigh.
Tá fadhb ag an dá pháirtí. I gcás Shinn Féin, ar thaobh amháin tá an páirtí ag iarraidh aontacht ar an eite chlé a chur chun cinn ar mhaithe le fáil isteach i rialtas, ach ar an taobh eile, ós iad príomhpháirtí an fhreasúra iad, tá an cathú ann leas a bhaint as an bhfeachtas le ceist neodracht agus athaontú na tíre a chur i lár na díospóireachta polaitiúla.
Níl aon pháirtí Dála eile a bhfuil athaontú na tíre mar bhunchuspóir acu seachas Sinn Féin.
Tá caint faoi dhuine ón Tuaisceart a chur chun cinn, John Finucane, b’fhéidir, nó fiú Michelle O’Neill. Tharraingeodh sin aird ar an scéal go bhfuil ceart ag duine ón Tuaisceart seasamh don oifig ach nach bhfuil an ceart ag muintir an Tuaiscirt vótáil dóibh féin.
Tuigim an argóint, ach ní dóigh liom go spreagfadh iarrthóir ar bith ón Tuaisceart spéis mhór ó dheas.
Tá ainm Mary Lou luaite, fiú. Ceapaim go mbeadh sise láidir mar iarrthóir, ach tá sí níos luachmhaire don pháirtí mar cheannaire Dála. Tá na meáin ag léamh an iomad sa ráiteas fánach a dhein sí faoin scéal.
Ní thuigim i ndáiríre cén fáth nár chuir Sinn Féin falaing cheannaire na heite clé orthu féin ón tús sa scéal seo.
Tá fadhb éagsúil ag Fianna Fáil. Níl aon iarrthóir mór le rá ar fáil acu. Tá spéis ag Bertie Ahern ann, deirtear. Ach fiú dá mbeadh Bertie féin sásta dul sa seans, ní theastaíonn ón bpáirtí na scéalta faoi bhinsí fiosraithe is eile a bhain le ré Bhertie a chur i gcuimhne don phobal.
Tá Máire Geoghegan Quinn níos tarraingtí mar iarrthóir, ach níl a fhios agam an bhfuil an oiread sin aithne ag aos óg an lae inniu uirthi is ar bhain sí amach agus í ina polaiteoir.
Sí an fhadhb atá ag Fianna Fáil mar sin nach bhfuil ach caolseans ann go n-éireodh go maith leis na hiarrthóirí atá ar fáil. Is cosúil go mbeadh siad sa tríú háit, taobh thiar d’Fhine Gael agus an eite chlé.
Sa chás sin, ní bheadh aon ról acu ach lámh chúnta a thabhairt d’Fhine Gael an t-áras a bhaint amach den chéad uair riamh. Ag an bpointe seo is í an chosúlacht ar an scéal ná go dtiocfaidh Fine Gael isteach sa gcéad áit agus go mbeidh an eite chlé – Catherine Connolly nó Sinn Féin nó iad le chéile – sa dara háit. Ina dhiaidh sin beidh Fianna Fáil agus is dócha go rachadh a vótaí aistrithe go dtí Mairéad McGuinness, rud a chuirfeadh ise sa bpáirc.
Ní ról tarraingteach é sin d’Fhianna Fáil, agus sin é an fáth go bhfuil a lán sa bpáirtí ag rá gur chóir fanacht amach as an bhfeachtas.
Má fhanann b’fhéidir go mbeidh a gcuid comhairleoirí sásta ainmniúchán a thabhairt do dhuine éigin ó na comhairlí contae. Tá beirt ainmneacha againn anseo. An chéad duine ná Conor McGregor, an trodaí UFC ar cinneadh i gcúirt shibhialta go ndearna sé éigniú ar bhean. Luaitear go minic é ar na meáin shóisialta mar iarrthóir – ach é féin is mó a bhíonn á lua. Ní dóigh liom go bhfaigheadh seisean aon ainmniúchán.
Ansin tá Declan Ganley, fear gnó ar nós Donald Trump. I bhfianaise ar tharla i Meiriceá le Trump, níl mé cinnte an mbeadh mórán fonn ar éinne in Éirinn fear gnó eile a chur chun cinn.
Ach b’fhéidir go mbeidh neamhspleáigh sa Dáil is sa Seanad sásta ainmniúchán a thabhairt dó. Feicfimid.
Mar a sheasann an scéal faoi láthair, rachaidh vótaí aistrithe ó Catherine Connolly go dtí Sinn Féin agus vice versa (má bhíonn Sinn Féin sa rás leo féin) Rachaidh aon vótaí aistrithe ó mhioniarrthóirí eile chucu freisin, is dócha.
Sea, beidh Mairéad McGuinness sa chéad áit, ach mura mbíonn Fianna Fáil nó duine den lucht gnó ar nós Ganley sa rás, beidh sé deacair uirthi vótaí aistrithe a fháil.
Ag deireadh an lae is cosúil gur comhrac idir an eite dheis is an eite chlé a bheidh ann agus go mbeidh McGuinness agus Connolly i gcomórtas sa mbabhta ceannais. Má bhíonn Fianna Fáil sa rás déarfainn gur ag Mairéad McGuinness a bheidh an bua, ach mura mbíonn beidh seans an-láidir ag Connolly.
Pól Ó Braoin
Is ceart go mbeadh uachtarán le Gaeilge san Áras. Tá uachtarán gan Gaeilge sa tír seo seafóideach amach is amach agus taispeánfaidh sé sin dúinne a bhaineann úsáid as an nGaeilge inár saol laethúil, mara bhfuil a fhios go maith cheana féin againn, cén áit ar an scála atá muid. Catherine abú!
An Teanga Bheo
“Ó labhair an teanga Ghaeilge liom
‘Sí teanga cheart na nGael:
An teanga bhinn is ársa ‘ta
Lé fáil ar fud an tsaoil