An praghas a fuair Údarás na Gaeltachta ar chomhlacht feamainne deich mbliana ó shin le coinneáil faoi rún

Dúradh le Bord Údarás na Gaeltachta in 2014 gur cuireadh ‘clásal rúndachta’ deich mbliana sa chomhaontú díolacháin a rinne Údarás na Gaeltachta le Acadian Seaplants faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara

An praghas a fuair Údarás na Gaeltachta ar chomhlacht feamainne deich mbliana ó shin le coinneáil faoi rún

D’fhéadfadh go gcoinneofar faoi rún go ceann i bhfad eile an méid airgid a fuair Údarás na Gaeltachta ar chomhlacht feamainne a dhíol le comhlacht as Ceanada in 2014.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo i dtosach gur cuireadh ‘clásal rúndachta’ deich mbliana sa chomhaontú díolacháin faoin gcomhlacht feamainne Arramara.

Tá na deich mbliana sin caite anois, ach tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir go bhfuil Arramara – Acadian Seaplants, ag bagairt an dlí a chur ar Údarás na Gaeltachta má scaoiltear aon eolas faoin gconradh díolacháin a aontaíodh in 2014.

Dúradh i miontuairiscí cruinniú de chuid Bhord an Údaráis i Márta 2014 go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú”.

De réir na miontuairiscí sin a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, níos túisce i mbliana a chuaigh an clásal rúndachta in éag.

Ach is cosúil nach bhfuil aon deireadh leis an rúndacht a bhaineann le díol Arramara leis an gcomhlacht Acadian Seaplants as Albain Nua i gCeanada.

Chomh maith leis sin, dhiúltaigh Oifig an Choimisinéara Faisnéise le déanaí d’achomharc a rinne Nuacht TG4 faoi dhiúltú Údarás na Gaeltachta eolas faoi dhíol Arramara a chur ar fáil.

Cé gur diúltaíodh don achomharc, dúirt imscrúdaitheoir Oifig an Choimisinéara Faisnéise go raibh “imní mhór” air faoi chomhlacht poiblí amhail Údarás na Gaeltachta, a thagann faoi scáth an Achta um Shaoráil Faisnéise, a bheith ag aontú coinníollacha dochta rúndachta le comhlacht príobháideach.

Mhaígh Údarás na Gaeltachta leis an gCoimisinéir Faisnéise gur sárú ar a ndualgas ó thaobh na rúndachta a bheadh ann dá gcuirfí na sonraí faoin gcomhaontú díolacháin ar fáil.

Mhaígh Acadian nach raibh aon eolas acusan ar “aon fhoráil sa chomhaontú faoina scaoilfí aon fhaisnéis” tar éis deich mbliana. Clásal rúndachta go ceann “achar éiginnte” a bhí i gceist. Dúirt an comhlacht le hOifig an Choimisinéara Faisnéise nach mbeadh aon rogha acu “ach bearta a dhéanamh lena [gcuid] cearta a chosaint” sa chás go sáródh Údarás na Gaeltachta téarmaí an chomhaontaithe díolacháin a deineadh deich mbliana ó shin.

Ach léiríonn na miontuairiscí a fuair Tuairisc ag an am gur tugadh le fios go soiléir do Bhord Údarás na Gaeltachta ar an 28 Márta 2014 go “raibh clásal rúndachta sa chomhaontú a mhair ar feadh tréimhse an chomhaontaithe, suas go dtí deich mbliana”.

Níor dúradh sna miontuairiscí cérbh iad na “iarmhairtí tromchúiseacha” a bhainfeadh le roinnt an eolais sula mbeadh deich mbliana caite, ach bhí na socruithe chomh leochaileach sin gur iarradh ar bhaill bhord an Údaráis na doiciméid a bhain leis an díolachán a cuireadh ar fáil dóibh do chruinniú an bhoird a thabhairt ar ais arís don bhfeidhmeannas roimh dheireadh an chruinnithe.

Cuireadh in iúl do bhord an Údaráis i mí Iúil 2013 go raibh litir faighte ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Phríomhfheidhmeannach Fiontraíocht Éireann ag léiriú imní faoin díolachán.

Bhí cúis na himní sin faoi cheilt le dúch dubh sa chóip de na miontuairiscí ach dúradh go gcuireann litreacha mar sin moill ar an bpróiseas díolacháin agus nach raibh Acadian Seaplants Ltd. “sásta leis an mhoill”.

Cuireadh in iúl do chruinniú mhí Aibreáin 2013 go raibh comhfhreagras faighte ag comhaltaí an bhoird ó chomhlachtaí eile san earnáil feamainne a bhí lonnaithe in Éirinn ag léiriú a míshástachta le cinneadh an Údaráis a scaireanna in Arramara Teo a dhíol le Acadian Seaplants Ltd agus ag cur i leith an Bhoird nach raibh an t-eolas iomlán faighte acu chun an cinneadh sin a dhéanamh, agus nach raibh siad ag cloí leis na treoirlínte sa Chód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit.

Léirigh na miontuairiscí freisin gur cheadaigh Bord Údarás na Gaeltacht deontas “i leith an chláir infheistíochta caipitil” d’Aramara Teoranta i Márta 2013 sular dhíol siad an comhlacht.

Bheadh an deontas sin le híoc thar thréimhse cúig bliana. Bhí an tsuim airgid a bhí i gceist curtha faoi cheilt sa chóip de na miontuairiscí a cuireadh ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nach mór deich mbliana ó shin.

Fág freagra ar 'An praghas a fuair Údarás na Gaeltachta ar chomhlacht feamainne deich mbliana ó shin le coinneáil faoi rún'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Beidh an fheamainn acu is cosúil agus bíodh an diabhal againne! Fáth eile ar chóir comhaltaí tofa ag an bpobal a bheith ar bhord Údarás na Gaeltachta. Teastaíonn trédhearcacht ón áisínteacht Stáit seo, ní hamháin maidir le díol Arramara teoranta le Acadian Seaplants i 2014! Cé mhéad rú eile a choinneofar ó phobal na Gaeltachta?

  • SeánMacDonn

    Dochreidthe!!